Page:Seadna.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
69
SÉADNA

“Níor bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá anois, a mháthair,” arsa Micil, “’ná dul agus greas a chodladh dhuit féin.”

“Is olc an rud codladh d’fhínn an lae, a Mhicil,” ar sise. “B’fhearr do dhuine foidhne a dhéanamh air dá mb’fhéidir é, i dtreó go mbéadh codladh na h‑oídhche go maith aige.”

Do ghluais Micil suas go tigh Shéadna agus do luígh sé ar a ghnó. Ní raibh dhá ghreim curtha aige nuair siúd isteach ’na dhiaigh a mháthair. Thóg sé a cheann agus d’fheuch sé uirthi. Thóg Séadna a cheann agus d’fheuch sé uirthi.

“A Shéadna,” ar sise, “dá mb’é do thoil é, d’oirfeadh dhom focal a labhairt leat ad’ aonar.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “dá mb’áil leat-sa bualadh amach ansan tamaillín.”

Do bhuail Micil amach agus chuir sé a dhrom le claidhe.

“Ní fheadar an tsaoghal,” ar seisean leis féin, “cad atá ag eiríghe dhí nó cad é an fuadar é seo fúithi!”

Bhí tor aitinn taobh leis. Chonaic sé ar an dtor beach bheag i n‑achran i snáith ruadháin alla. Do phreab an ruadhán alla amach as an áit ’na raibh sé i bhfolach agus thug sé fé bhreith ar an mbeich mbig. Nuair a chonaic sise ag teacht é chuir an sgeón dúbailt nirt inti, agus do bhris sí an snáth agus d’imthigh sí.

Síle.—Ó, am briathar, a Pheig, go bhfeaca-sa rud mar sin ag ruadhán alla dh’á dhéanamh, ach má ’seadh, ní beach a bhí sa tsnáith ach cuil, agus do rug an ruadhán alla ar chaol-drom ar an gcuil, agus am briathar ná raibh aon mhaith dhí bheith ag crothadh a cos agus ag únfhairt. Choimeád sé a ghreim chun go raibh sí socair go leór. Agus ansan dá bhfeicfeá mar fhill sé sa tsnáith í agus mar a rug sé leis isteach í.