Page:Seadna.djvu/87

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
83
SÉADNA

cheapas-sa go ndéanfá-sa fadó é, agus gur chruinne agus gur dheas-lámhaíghe chuige thú ’ná mise go mór.”

“Tá eagal orm,” arsa ’n mháthair, “go bhfuil dearmhad ort sa méid sin. Dá mbéadh cleamhnas d’á shaghas le déanamh, ceapaim-se ná fuil aoinne is fearr a dhéanfadh é ’ná thú féin, go mór mór ó tá an oiread san dúil agat é fheisgint déanta.”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,” ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat, pé i n‑Éirinn é. B’fhearr liom ’ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an cleamhnas san déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos oireamhnaíghe d’á chéile ’ná an bheirt. Ba dheacair maitheasaí Mháire do shárughadh, agus tá seisean maith a dhóithin dí. Ba mhaith liom an cleamhnas a dhéanamh ach ná feadar conus cur chuige.”

“Conus a chuirfeá chuige ach imtheacht siar go tigh Sheághain Cheataigh féin, agus glaodhach i leath-taoibh ar an nduine agus t’aigne do nochtadh dhó? Ansan, má thaithnean do chaint leis, cuirfidh sé féin os cómhair a inghíne an sgeul, agus má thaithnean an cleamhnas léi-se, nach shin leath an ghnótha déanta?”

“Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart agat. Imtheóchad anois láithreach.” Agus siúd chun siúbhail é.

“Go n‑eirighidh leat níos fearr ’ná d’eirigh liom-sa!” ar sise ’na h‑aigne féin.