Page:Seadna.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
75
SÉADNA

“an bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid? Chómh siúrálta agus tá bianna ar mhaide bacaigh, tá sí imthighthe síos go tigh Dhiarmuda Léith ag críochnughadh an chleamhnais! Agus cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad i n‑aon chor? Ní cheadóchainn ar ór na cruinne Séadna d’á phósadh leis an ansgian mná san. Ó! Ó! Ó! Cad a dhéanfad i n‑aon chor? Mheasas go raibh ciall agam’ mháthair, agus dar ndóich ní’l fasg aici agus a leithéid sin de chleamhnas a bheith idir lámhaibh aici. Ní’l rud ar bith agam le déanamh ach an t‑aon rud amháin, an talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus an cleamhnas a bhriseadh sul a mbéidh sé ró dhéanach. An stiúsaidhe mí-náireach mór-chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh feuchaint chríonna chaithte aige! Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an greim atá acu air. Ní h‑éidir gurab amhlaidh a bhéadh sé tar éis ceangail nó geallamhna éigin a chur air féin agus go mbéidís anois a d’iaraidh airgid do bhaint amach? Bhíomair go léir ag magadh fé Dhiarmuid an lá úd a chuaidh sé suas. B’fhéidir go raibh a fhios aige féin cad a bhí ar siúbhal aige. ‘Ní’l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.’ Agus feuch, ní dúbhairt Séadna, ‘Ní phósfad í,’ ach, ‘Ní’l aon fhonn pósta orm.’ B’fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chómh saoráideach chúgam agus cheapas é.—Agus feuch, airiú! Sidé anso mé ag cur agus ag cúiteamh, agus b’fhéidir an cleamhnas d’á chríochnughadh agam’ mháthair. Nár chúitighthear a saothar léi! Mura deagh-chómharsanach atá sí!”

Bhí sé páirc ó’n dtigh sul a raibh an machtnamh déanach san críochnuighthe aige, agus é ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thigh Dhiarmud’ Léith, agus é ag cur na slíghe dhé chómh tiugh i n‑Éirinn agus bhí sé sa chois bhacach í chur dé. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach agus saothar air.