Page:Seadna.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
81
SÉADNA

uirthi, cad chuige go ndeachais suas go tigh Shéadna ar maidin indé a d’ iaraidh cleamhnais a dhéanamh idir í féin agus Séadna?”

“Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiú, do bháithfinn mé féin sul a ndéanfainn a leithéid,” ar sise.

“Má ’seadh, cad chuige dhuit a rádh le Báb an Leasa, an lá úd a bhí sí anso, ná pósfadh Séadna aon bhean i n‑Éirinn ach Sadhbh?” ar seisean.

“Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach, mar do theastuigh uaim cosg éigin a chur le n‑a teangain, agus gan í bheith ’ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe go bpósfadh sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.”

“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “agus ní’l aon mhaith dhuit bheith ’ghá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin indé.”

“Agus cá bhfios duit-se cad a bhí idir lámhaibh agam?”

“Mar do labhair sé árd, agus d’airigheas an focal ‘ba shaoire dhí bás d’fhághail ’ná mise ’ghá pósadh.’”

“Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá-sa do thoil sa sgeul, cia h‑í an bhean do thoghfá dhó?”

“Máire Ghearra gan amhras,” ar seisean.

D’fheuch sí air go geur.

“Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire Ghearra dhó seachas aon bhean eile de na mnáibh seo go bhfuil an saoghal mór ’ghá bpósadh leis?”

“An chéad phuinte ’ná a chéile dhe, a mháthair, ní’l meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal mór, ach bheith ag caint, cad é díobháil nó tairbhe na cainte a dhéinean sé go minic. Siné an saoghal mór ’ghá phósadh le Sadhbh Dhiarmuda. B’fhearra dhó é féin a bháth’. Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dhó. Ní deirim olc maith na donaidhe le Nóra an Tóchair, ach

f