Page:Seadna.djvu/102

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
89
SÉADNA

“Is é an fear céadna san díreach atá ar siúbhal agam,” ar seisean.—“An rabhais ag caint leis?” ar sise.—“Anois díreach a thánag uaidh,” ar seisean. “Dúbhairt sé,” ar seisean, “go raibh sé ollamh agus lán-cheapaithe ar thusa phósadh.”—Ní raibh aon lá ar feadh seachtmhaine ’na dhiaigh san ná gur cheap sí an uile neómat gur bh’é an Caoilteach a bhíodh chuici an dorus isteach nuair airigheadh sí aoinne ag teacht. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne aici. Siúd soir í go tigh an Chaoiltigh.

Peig.—Níor chuaidh!

Gobnait.—Deirim leat gur chuaidh, agus a ceann i n‑áirde chómh baoth agus bhí sé riamh. Bhí iongnadh ar an gCaoilteach cad a thug í. Bhí sé chómh fada as an ndúthaigh, níor aithin sé cia ’r bh’í.

Fy don’t you marry me?” ar sise.

Fot does I want you for?” ar seisean, “you head of a fool!

Cáit.—Tuigim an sgeul go léir anois. Níor ghaibh Diarmán thar an ndorus ó shin acu, agus níor lúgha air saighidiúir dearg do bhualadh uime ar an mbóthar ’ná aoinne de’n bheirt, Siún ná a h‑athair.

Síle.—Abair as Gaodhluinn é, a Ghobnait.

Gobnait.—“Cad ’na thaobh ná pósan tú mise?” ar sise. “Cad é an gnó a bhéadh agam díot-sa, a phlaosg óinsíghe?” ar seisean.

Síle.—Siné. Tuigim anois é. Nach gránda an chaint an Béarla san! Ní fheadar féin an tsaoghal cad é an dúil a bhíon ag daoinibh ann. Ní’l acu ach “fot? fot? fot?” mar bhéadh cearc go mbéadh diuc uirthi.