Page:Seadna.djvu/107

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
103
SÉADNA

é shocarughadh! Cad deir Séadna leis an socarughadh san?” ar sise.

“Focal amach as a bheul,” arsa Siobhán. “Agus geallaim dhuit nach baoghal go gcuirfidh aoinne aon cheist air; nó má chuirean, agus go bhfeuchfaidh seisean ins na súilibh air, bain an chluas díom má chuirean sé an tarna ceist.”

“Is é duine is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh umam é,” arsa Máire. “Bhíos abhfad sul ar fhéadas a dhéanamh amach cia’cu droch dhuine é nó duine fóghanta. An cheud uair a chonac an feuchaint úd, do cheapas go raibh an t‑Áirseóir—fíoghar na Croise idir sinn agus é!—istigh ’na chroídhe, i dtreó nár mhaith liom bualadh uime ar an mbóthar, ná focal do labhairt leis. Ach bhíos oídhche ag teacht abhaile ó’n sráid, agus ag gabháil i leith an Bóthar Leathan dom, do tháinig iaracht de laige orm, agus do shuídheas ar chloich i lúib de chlaidhe an bhóthair. Do thuit mo chodla orm, agus nuair a dhúisigheas bhí an taom beag imthighthe, ach bhí sé i n‑am mhairbh na h‑oídhche. Phreabas am’ shuidhe agus thugas aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit ná raibh aon mhairbhitíghe ins na cosaibh agam. Oídhche bhreagh spéir-ghealaighe dob’ eadh í. Nuair a bhíos, mar a déarfá, fiche slat ó’n gcrosaire, cé gheabhadh aníos Bóthar na Bró ach Seághan na Gealaighe, an ropaire bitheamhnaigh!”

Síle.—Cé ’r bh’é sin, a Pheig?

Peig.—Sprid dob’ eadh é, a bhíodh ’ghá thaisbeáint féin ansúd, agus bhíodh sé ag marbhadh na ndaoine.

“Nuair a chonac é,” ar sise, “do cheapas láithreach go rabhas réidh. Le n‑a linn sin d’airigheas an duine ag siúbhal am’ dhiaigh. D’fheuchas thar mo ghualainn. Cé bhéadh ann ach Séadna, agus a dhá shúil ar dearg-lasadh agus sgian ar tarang aige, sgian choise duibhe. Do