ghluais sé tharm amach agus thug sé aghaidh ar an sprid. Le n‑a linn sin do chonac splannc lasrach, agus láithreach ’na dhiaigh san do chonac Séadna ar an áit agus é ’na aonar.
“‘’Seadh, a Mháire,’ ar seisean, ‘do chuadhais as go maith anocht. Do chonac ag gabháil i leith thú, agus bhí iongnadh orm cad do bheir amuich chómh déanach thú. Do leanas thú le h‑eagla na h‑áite seo. Téanam ort anois go seólad isteach abhaile thú.’
“Ní raibh ionam labhairt, agus is ar éigin a bhí ionam siúbhal. Níor sgar sé liom chun gur fhág sé shiar ag dorus m’athar mé. Ó’n lá san go dtí an lá atá indiú ann níor airigh aoinne, óg nó aosda, focal amach as a bheul mar gheall ar an ngnó. Ar maidin lar na mháireach, do fuaradh ag an gcrosaire, mar déarfá, oiread mo dhoirn de chnapóig glóthaighe agus sgian choise duibhe sáithte inti. Agus ní deirim go bhfeacaidh aoinne Seághan na Gealaighe ó shin ins an áit. Cheapas gur mhór an obair do Shéadna a anam féin do chur sa chontabhairt sin ar mo shon-sa, agus tháinig uraim mhór agam dó. Go deimhin, a Shiobhán, ní fhéadfainn a innsint duit cad é an chuma ’na raibh m’aigne ó’n oídhche sin go dtí an lá úd a chuaidh sé siar ’ghá innsint dom go raibh ceangal éigin idir é féin agus Dia, agus nár bh’fhéidir dó pósadh. Thuigeas ansan gur dhócha gur bh’é an ceangal san a thug an buaidh dhó ar an sprid. D’airighinn riamh, daoine a bhíodh tabhartha suas mar sin ar fad do Dhia, go mbíodh buaidh acu ar an Annsprid. Nuair a inis sé dhom go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, do ghlacas i láthair Dé an ceangal céadna. Agus feuch, a Shiobhán; ní túisge a ghlacas ’ná cheapas gur sgar pé droch nídh a bhí am’ aigne liom ar an neómat san. Chonaicís féin an chuma i n‑a rabhas