Page:Seadna.djvu/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
105
SÉADNA

an lá úd dh’iaras ort beart áirithe a dhéanamh dom. Nuair a chuimhnighim air anois, ceapaim am’ aigne nach foláir nó bhíos as mo mheabhair rud éigin. Pé rud a bhí orm, tá sé imthighthe glan,—buidhchas mór le Dia na glóire dh’á chionn!”

“Ámén, a Thighearna!” arsa Siobhán.

Síle.—Agus cogar, a Pheig; nach greannmhar an ainim ar sprid “Seághan na Gealaighe”? An amhlaidh ná feictí é ach le solus na gealaighe?

Peig.—Oídhche spéir-ghealaighe dob’ eadh an oídhche a chonaic Máire Ghearra é.

Síle.—Siné díreach é. Agus má ’seadh, cad ’na thaobh gur tugadh “Seághan na Gealaighe” air, agus go bhfeictí é nuair ná bíodh an ghealach ’na suídhe i n‑aon chor?

Peig.—Duine saoghalta dob’ eadh ar dtúis é, agus bitheamhnach ab eadh é. Agus is amhlaidh a bhíodh sé amuich asdoídhche ag goid, le solus na gealaighe. Seághan ab ainim dó, agus do tugadh Seághan na Gealaighe mar leas-ainim air, as an ngoid. Bhíodh sé i mBóthar na Bró asdoídhche, ag faire ar dhaoinibh a bhíodh ag gabháil an bhóthair déanach ’san oídhche, agus ’ghá robáil. Fé dheire do mhairbh sé duine ann oídhche dhorcha, agus fé cheann tamaill duine eile. Ansan thánadar a ndaoine muinteardha san agus chuadar i bhfolach i n‑aice an bhóthair, agus nuair a bhí sé amach go maith san oídhche d’imthigh duine acu amach ar an mbóthar agus do leig sé air bheith ar meisge. Bhí Seághan ag faire, leis, agus nuair a chonaic sé an fear meisge, dar leis féin, do léim sé amach agus thug sé féi. Ansan do léimeadar go léir amach agus do marbhadh Seághan na Gealaighe. Agus as san amach do chítí an sprid i mBóthar na Bró, agus do lean “Seághan na Gealaighe” mar ainim ar an sprid.