Séadna/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 13
[ 106 ]

CAIBIDIOL A TRÍDEUG.

Síle.—Agus cogar, a Pheig; nach deas a dhéin Máire Ghearra é tar éis an tsaoghail!

Peig.—Airiú, cad a dhéin sí, a Shíle?

Síle.—Gheall sí do Shéadna go gcoimeádfadh sí a rún, agus níor choimeád. Thug sí do Shiobhán é, agus ní raibh aon cheart aici é thabhairt d’aoinne. Bhí sé chómh ceangailte uirthi é choimeád agus bhéadh sé ar shagart an rún a gheobhadh sé i bhfaoisdin a choimeád.

Peig.—Is dócha, a Shíle, gur mar mhaithe le Séadna thug sí an rún do Shiobhán, i dtreó gur mhóide an uraim a bhéadh ag Siobhán dó.

Síle.—’Seadh go díreach! Ní h‑eadh, mhaise, ach mar mhaithe léi féin. Nuair dh’imthigh an measgán mearaidhe úd d’á h‑aigne, tháinig náire uirthi a rádh gur chuir sí Siobhán ag triall ar Shéadna ’ghá iaraidh air í phósadh, agus níor bh’fholáir léi an sgeul go léir d’innsint ansan do Shiobhán, i dtreó ná béadh aon mhilleán ag Siobhán uirthi.

Peig.—Agus dar ndóigh, a Shíle, má’s chuige sin a dhéin sí é, is dócha ná béadh aon mhilleán ag Séadna féin uirthi ’na thaobh.

Síle.—D’inis sé dhí fé rún é. Cad é an tairbhe rún mura gcoimeádfar é? Bhí sé ceart aici an sgeul d’fhágáil mar a bhí sé, agus gan a thuille cainte dhéanamh mar gheall air le h‑aoinne beó. Ní bhéadh aon mhilleán ag Séadna uirthi, an eadh? Tá go breagh! Ní mar sin is ceart rún a choimeád. Fágaim le h‑uadhacht, a Pheig, nár cheapas go ’neósadh sí do Shiobhán féin é.

[ 107 ]Peig.—Ba mhaith an bhail uirthi, a Shíle, nach tusa a bhí ann nuair a bhí sí ’ghá innsint do Shiobhán.

Síle.—Abair é! Geallaim dhuit go ndéarfainn rud éigin léi ná dúbhairt Siobhán léi. “Ná bíodh ceist ort, a Shéadna,” ar sise; “coimeádfad-sa do rún.” Choimeád sí é leis go deas. É sgaoileadh amach chómh luath agus tháinig sí chun cainte le Siobhán! Dá ndéanadh aon bhean eile ach Máire Ghearra é, ní bheadh leath a iongnadh orm; ach í siúd, gur cheapas ná leigfeadh sí rún uaithi dá mbéadh sí le stracadh idir chapaillibh.

Nóra.—Am briathar féin, a Shíle, gur ’mó duine ná leigfeadh rún uaidh dá mbéadh sé le stracadh idir chapaillibh, agus ’na thaobh san do sgaoilfeadh uaidh é nuair ná béadh aoinne ’ghá iaraidh air.

Síle.—Má ’seadh, ní daoine de shaghas Mháire Ghearra iad.

Cáit.—Cogar, a Shíle, dar ndóigh do bhí rún chómh mór leis tabhartha aici do Shiobhán cheana, agus cad é an díobháil a bhí ann, rún eile thabhairt ’na theannta dhí?

Síle.—B’é a cuid féin é sin. Ní raibh bac uirthi a rogha rud a dhéanamh le n‑a rún féin, ach ní mar sin do rún duine eile.

Peig.—Tá an ceart agat, a Shíle. Ach tuig an méid seo. Ní mar a chéile rún fóghanta agus droch rún. An rún a dhéanfadh díobháil do Shéadna níor thug sé uaidh i n‑aon chor é. An rún a thug sé do Mháire Ghearra, ní raibh ceangal dian mar sin uirthi é choimeád, agus a fhios aici gur mhó an tairbhe ’ná an dochar do Shéadna an rún san a thabhairt uaithi do Shiobhán. Go mór mór ó bhí rún Mháire féin aici sin cheana.

[ 108 ]Gobnait.—Agus cogar, a Pheig. Dar ndóigh ní raibh rún Shéadna ag an sagart.

Peig.—Cé a dúbhairt go raibh?

Gobnait.—’Sdó, ba dhóigh le duine ar an gcuma ’nar labhair sé go raibh oiread aige dhe agus a bhí ag an mnaoi chos-nochtaithe.

Peig.—Conus é sin?

Gobnait.—Dúbhairt an sagart go raibh Séadna ag gabháil de chosaibh ’na chroídhe féin ar son an tSlánuightheóra, agus dúbhairt an bhean chos-nochtaithe, is dóigh liom, an focal céadna nuair a chonaic sé ar an gcnoc í. Conus fhéadfaidís bheith ar an bhfocal gcéadna mura mbéadh go raibh an rún céadna acu?

Peig.—Is dócha go raibh an rún ag an mnaoi. Ba dhuine de’n triúr í gur thug sé an déirc dóibh ar son an tSlánuightheóra, agus níor bhean shaoghalta í. Ní mar sin do’n tsagart. Ní raibh aon fhios aige ar an rún, ná aon fhághail aige ar a leithéid d’fhios a bheith aige.

Gobnait.—Cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é mar sin?

Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Ghobnait, cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é. Nuair a airigheas féin an sgeul ar dtúis, níor chuireas an cheist sin. Is amhlaidh a cheapas am’ aigne gurab amhlaidh a thuig an sagart go raibh Séadna pósta cheana a gan fhios.

Cáit.—’Dhe, cad eile? Nach shin é cheapfadh aoinne?

Gobnait.—Airiú, agus cad é an moladh bhéadh ag an sagart air mar gheall air sin? Ba mhór an buidhchas ba cheart a bheith air, go deimhin, toisg gan bean a phósadh agus é pósta cheana!

Cáit.—Nach maith a phós an Pinsinéir Buídhe agus é pósta cheana.

[ 109 ]Gobnait.—An rascail! Agus feuch cad d’imthigh air.

Síle.—Cad d’imthigh air, a Ghobnait?

Cáit.—D’imthigh an rud a bhí tuillte aige, a Shíle, é chur an loch amach.

Gobnait.—D’airigheas-sa gur ró dhóbair go gcrochfaí é.

Cáit.—Mar sin bhí sé amuich air go raibh sé pósta trí h‑uaire, agus gur mhairbh sé an cheud bhean, ach níor daoradh ann é.

Síle.—Dar ndóigh, ní fhéadfadh sé bheith pósta trí h‑uaire agus an triúr ban beó.

Gobnait.—Ná féadfadh sé a leigint air le gach mnaoi dhíobh ná raibh sé pósta ach aici féin?

Síle.—Airiú, an bitheamhnach! Nár mhór an éagcóir agus an t‑éitheach dó a leithéid sin a dhéanamh.

Gobnait.—Is dócha gur bheag aige siúd bréag mhór, agus gur bh’éadtrom aige éagcóir throm.

Cáit.—Is beag an sgeul é bheith imthighthe an loch amach.

Gobnait.—Is beag; agus is beag an sgeul gan puínn d’á shórd a bheith ’na dhiaigh.

Síle.—Ach cogar, a Pheig. Ní fheadar cad é an buadh a bhí sa tseóid úd a thug an bhean chos-nochtaithe do Shéadna agus a rádh gur imthigh an bhuairt mhór chómh tapaidh dhe. Nach truagh gan a leithéid ag gach aoinne go mbéadh buairt air!

Peig.—Do réir mar a thuigeas-sa an sgeul, a Shíle, a chuid, ceapaim gur ’mó duine go mbíon an tseóid úd aige, agus go ndéinean sí maolughadh ar bhuairt dó.

Síle.—Conus é sin, a Pheig?

Peig.—An t‑é a bhrúighfidh féi a mhian agus a shéanfaidh a thoil ar son Dé, nó ar son an tSlánuightheóra, nó ar son an chirt, béidh cuimhne an ghnímh sin ’na chroídhe, agus nuair a thiocfaidh buairt air, ní bhéarfaidh an bhuairt greim ar chroídhe air.

[ 110 ]Gobnait.—Agus is dócha, d’á mhéid é an mian gurab eadh is mó é an gníomh.

Peig.—Is eadh san. Agus siné cúis go ndúbhairt an bhean go raibh an gníomh déanta ag Séadna, an lá san, dob’ uaisle d’ár déineadh i n‑Éirinn le fada roimhe sin—“an bhean dob’ fhearr i n‑Éirinn do chur ó n‑a chroídhe níos túisge ’ná dhéanfadh sé a leithéid d’éagcóir uirthi.”

Nóra.—Ba dhóigh liom gur mhór an truagh iad a chur ó chéile.

Cáit.—Éist do bheul, a Nóra! Nár mhó ’ná san de thruagh iad a phósadh agus an sgeul mar a bhí sé?

Nóra.—Mhaise, Dia linn, a Cháit, is dócha gur fíor dhuit é. Ba thruagh an sgeul é mar seó nó mar siúd. Is truagh cráidhte nár fheuch sé roimis.

Cáit.—Stad go fóil, a Nóra. Ní déarfainn-se go raibh an sgeul chómh h‑olc san ar fad. Bhí an tseóid úd fághalta ag Séadna, agus an bhuairt mhór imthighthe as a chroídhe. Bhi a chrónán ar siúbhal aige chómh h‑aerach agus a bhí riamh. Má bhíodar na trí bliaghna deug ag gluaiseacht ar cosa-anáirde, bhí aon tsólás amháin aige. Nuair a thiocfadh an lá déanach ní bhéadh thíos leis ach é féin. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, ceapaim gur chuaidh sí as go dian mhaith. Conus a bhéadh an sgeul aici dá ndéineadh Séadna mar a dhéanfadh an Pinsinéir Buídhe? Níor dhéin. Ach nuair dh’inis sé dhí go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, tháinig oiread eile de chroídhe dhí. Ba dhóigh leat gur seóid uasal éigin do bronnadh uirthi sin leis. Bhí sí tar éis a admháil do Shiobhán go raibh a croídhe d’á shníomh le buairt. Bhí an sníomh san imthighthe. Ba dhóigh liom féin ná raibh aon rud dob’ fhearr do’n bheirt ’ná [ 111 ]iad d’á gcur ó chéile mar cuireadh iad. Tá sé buailte isteach am’ aigne nach aon nídh fóghanta bhí ’ghá dtabhairt d’á chéile, agus pé rud a bhí ’ghá gcur ó chéile gur mar mhaithe leó a bhí sé.

Gobnait.—Ní raibh aon rud ’ghá gcur ó chéile ach ná déanfadh Séadna an éagcóir.

Cáit.—Cad a chuir ’na chroídhe gan an éagcóir a dhéanamh? Níor ghádh dhó a innsint d’aoinne beó go raibh rún aige ná ná raibh. Ní raibh bac air í phósadh. Ní raibh bac air a rádh leis féin, “Cá bhfios an mairfinn na trí bliaghna deug féin? Cá bhfios an dtiocfadh an Fear Dubh úd choídhche, agus an sgannradh fuair sé nuair a chuir sé an bhúirth éagsamhlach úd as?” Ceapaim go raibh rud éigin fóghanta ’ghá spriocadh, agus mura mbéadh go raibh, ná cuirfeadh sé i n‑aghaidh an chleamhnais chómh dian agus chómh seasmhach. Agus feuch, tá rud eile sa sgeul. An fhaid a bhí an cleamhnas ar siúbhal, ní raibh ach buairt agus trioblóid aigne ar an uile dhuine go raibh aon lámh aige ann, agus go mór mór ar Shéadna agus ar Mháire Ghearra féin. Ach an uair a bhí sé curtha i leath-taoibh glan, tháinig oiread eile de chroídhe do Mháire, agus tháinig a chrónán do Shéadna. Is dóigh liom gur mhaith go léir an bhail ortha nár leigeadh chun cinn é.

Síle.—Ní h‑ar Mhicil ba cheart a bhuidhchas a bheith ná deaghaidh sé chun cinn.

Gobnait.—An airighean sibh! Agus í tar éis a rádh, tá tamall beag ó shin ann, gur bh’é Micil agus a chuid tuathail fé ndear an cleamhnas a bhriseadh.

Síle.—Dúbhart ná raibh aon mhaith ann chun cleamhnais a dhéanamh, agus deirim anois leis é. Ach ní fhágan [ 112 ]san ná gur dhéin sé a dhícheal air. Agus do dhéin Siobhán a dícheal air. Do theip sé ortha go léir glan. Ní fheadar cad dúbhairt Sadhbh nuair airigh sí go raibh cleamhnas Mháire Ghearra chómh briste le n‑a cleamhnas féin.

Peig.—Dúbhairt sí rud greannmhar, mhaise. Dúbhairt sí gur bh’í féin a bhris é, agus aon chleamhnas a bhéadh d’á dhéanamh do Shéadna, go mbrisfeadh sí ar an gcuma gcéadna é, nuair ná pósfadh sé í féin.

Cáit.—Gráin uirthi! ní h‑ag táiriugadh uirthi é. Ba mhaith an sgeul a bheith de thubaiste uirthi é ’ghá pósadh.

Nóra.—Cuirfead geall ná déanfadh sé an éagcóir uirthi sin ach chómh beag agus a dhéanfadh sé ar Mháire Ghearra.

Gobnait.—Éist, a Nóra. Ní gádh dhuit an geall san a chur. Níor bhaoghal di. Ní deirim go ndéanfadh an Pinsinéir Buídhe féin an éagcóir sin ar Shadhbh.

Cáit.—Dá ndeineadh, is dócha go ndíolfadh sé as. Ba mheasa dhó Sadhbh chuige ’ná an dlígh.

Gobnait.—Is dócha gurab amhlaidh a bhéadh dithneas air ag imtheacht an loch amach uaithi.

Cáit.—Cad é an geit a bhainfeadh fear na n‑adharc aisti!

Gobnait.—Am briathar mhóide, a Cháit, gurab é mo thuairim ná maithfeadh sí puínn dó. Má bhainfeadh sé geit aisti, go mbainfeadh sí geit as. Dá bhfaghadh sí greim ar adhairc air, nó ar mheigioll, ní déarfainn ná go mb’ fhearr leis bheith sgartha léi.

Nóra.—’Dhe, agus cad a bhéadh ag an eirball d’á dhéanamh? Dá bhfaghadh sí priocadh nó dhó ó’n iongain úd, ceapaim go dtiocfadh liúgh aisti.

Gobnait.—Ambasa, a Nóra, is gearr go mbéidh bárr agat uaim. Níor chuimhnigheas riamh ar an iongain. [ 113 ]Bhíos ’ghá chuimhneamh go mb’fhéidir go gcaithfeadh sí an t‑uisge te idir an dá shúil air.

Nóra.—Airiú, cad é an bheann a bhéadh aige siúd ar uisge te, agus a theó atá an áit as a dtáinig sé?

Cáit.—Tá buaidhte aici ort, a Ghobnait.

Gobnait.—Tá glan. Ní déarfad a thuille.

Síle.—Is maith é sin. Ba ghearr go mbéadh eagla ag teacht orm. Ba mhór an truagh Séadna bocht agus a leithéid d’ áirithe roimis amach.

Gobnait.—Cá bhfios duit-se, a Shíle, ar bh’ áirithe é?

Síle.—Conus é sin, a Ghobnait?

Gobnait.—Cá bhfios duit ar tháinig sé choídhche?

Síle.—’Dhe, nach air sin a dhéin sé an margadh?

Gobnait.—B’fhéidir, mar adúbhairt Cáit ó chianaibh, gur cuireadh sgannradh ró mhór air, nuair baineadh an bhúirth úd as, agus ná tiocfadh sé airís ag éileamh a mhargaidh le h‑eagla go mbainfí búirth eile as.

Síle.—’Gcloistí! Ar tháinig, a Pheig?

Peig.—Fan leat go fóil, a Shíle, a chuid, agus béidh an sgeul go léir agat díreach fé mar a thuit sé amach.

Caibidiol 13