Page:Seadna.djvu/115

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
111
SÉADNA

iad d’á gcur ó chéile mar cuireadh iad. Tá sé buailte isteach am’ aigne nach aon nídh fóghanta bhí ’ghá dtabhairt d’á chéile, agus pé rud a bhí ’ghá gcur ó chéile gur mar mhaithe leó a bhí sé.

Gobnait.—Ní raibh aon rud ’ghá gcur ó chéile ach ná déanfadh Séadna an éagcóir.

Cáit.—Cad a chuir ’na chroídhe gan an éagcóir a dhéanamh? Níor ghádh dhó a innsint d’aoinne beó go raibh rún aige ná ná raibh. Ní raibh bac air í phósadh. Ní raibh bac air a rádh leis féin, “Cá bhfios an mairfinn na trí bliaghna deug féin? Cá bhfios an dtiocfadh an Fear Dubh úd choídhche, agus an sgannradh fuair sé nuair a chuir sé an bhúirth éagsamhlach úd as?” Ceapaim go raibh rud éigin fóghanta ’ghá spriocadh, agus mura mbéadh go raibh, ná cuirfeadh sé i n‑aghaidh an chleamhnais chómh dian agus chómh seasmhach. Agus feuch, tá rud eile sa sgeul. An fhaid a bhí an cleamhnas ar siúbhal, ní raibh ach buairt agus trioblóid aigne ar an uile dhuine go raibh aon lámh aige ann, agus go mór mór ar Shéadna agus ar Mháire Ghearra féin. Ach an uair a bhí sé curtha i leath-taoibh glan, tháinig oiread eile de chroídhe do Mháire, agus tháinig a chrónán do Shéadna. Is dóigh liom gur mhaith go léir an bhail ortha nár leigeadh chun cinn é.

Síle.—Ní h‑ar Mhicil ba cheart a bhuidhchas a bheith ná deaghaidh sé chun cinn.

Gobnait.—An airighean sibh! Agus í tar éis a rádh, tá tamall beag ó shin ann, gur bh’é Micil agus a chuid tuathail fé ndear an cleamhnas a bhriseadh.

Síle.—Dúbhart ná raibh aon mhaith ann chun cleamhnais a dhéanamh, agus deirim anois leis é. Ach ní fhágan