Jump to content

Page:Seadna.djvu/114

From Wikisource
This page has been validated.
110
SÉADNA

Gobnait.—Agus is dócha, d’á mhéid é an mian gurab eadh is mó é an gníomh.

Peig.—Is eadh san. Agus siné cúis go ndúbhairt an bhean go raibh an gníomh déanta ag Séadna, an lá san, dob’ uaisle d’ár déineadh i n‑Éirinn le fada roimhe sin—“an bhean dob’ fhearr i n‑Éirinn do chur ó n‑a chroídhe níos túisge ’ná dhéanfadh sé a leithéid d’éagcóir uirthi.”

Nóra.—Ba dhóigh liom gur mhór an truagh iad a chur ó chéile.

Cáit.—Éist do bheul, a Nóra! Nár mhó ’ná san de thruagh iad a phósadh agus an sgeul mar a bhí sé?

Nóra.—Mhaise, Dia linn, a Cháit, is dócha gur fíor dhuit é. Ba thruagh an sgeul é mar seó nó mar siúd. Is truagh cráidhte nár fheuch sé roimis.

Cáit.—Stad go fóil, a Nóra. Ní déarfainn-se go raibh an sgeul chómh h‑olc san ar fad. Bhí an tseóid úd fághalta ag Séadna, agus an bhuairt mhór imthighthe as a chroídhe. Bhi a chrónán ar siúbhal aige chómh h‑aerach agus a bhí riamh. Má bhíodar na trí bliaghna deug ag gluaiseacht ar cosa-anáirde, bhí aon tsólás amháin aige. Nuair a thiocfadh an lá déanach ní bhéadh thíos leis ach é féin. Agus i dtaobh Mháire Ghearra, ceapaim gur chuaidh sí as go dian mhaith. Conus a bhéadh an sgeul aici dá ndéineadh Séadna mar a dhéanfadh an Pinsinéir Buídhe? Níor dhéin. Ach nuair dh’inis sé dhí go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, tháinig oiread eile de chroídhe dhí. Ba dhóigh leat gur seóid uasal éigin do bronnadh uirthi sin leis. Bhí sí tar éis a admháil do Shiobhán go raibh a croídhe d’á shníomh le buairt. Bhí an sníomh san imthighthe. Ba dhóigh liom féin ná raibh aon rud dob’ fhearr do’n bheirt ’ná