Jump to content

Page:Seadna.djvu/112

From Wikisource
This page has been validated.
108
SÉADNA

Gobnait.—Agus cogar, a Pheig. Dar ndóigh ní raibh rún Shéadna ag an sagart.

Peig.—Cé a dúbhairt go raibh?

Gobnait.—’Sdó, ba dhóigh le duine ar an gcuma ’nar labhair sé go raibh oiread aige dhe agus a bhí ag an mnaoi chos-nochtaithe.

Peig.—Conus é sin?

Gobnait.—Dúbhairt an sagart go raibh Séadna ag gabháil de chosaibh ’na chroídhe féin ar son an tSlánuightheóra, agus dúbhairt an bhean chos-nochtaithe, is dóigh liom, an focal céadna nuair a chonaic sé ar an gcnoc í. Conus fhéadfaidís bheith ar an bhfocal gcéadna mura mbéadh go raibh an rún céadna acu?

Peig.—Is dócha go raibh an rún ag an mnaoi. Ba dhuine de’n triúr í gur thug sé an déirc dóibh ar son an tSlánuightheóra, agus níor bhean shaoghalta í. Ní mar sin do’n tsagart. Ní raibh aon fhios aige ar an rún, ná aon fhághail aige ar a leithéid d’fhios a bheith aige.

Gobnait.—Cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é mar sin?

Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Ghobnait, cad a chuir ar an bhfocal gcéadna é. Nuair a airigheas féin an sgeul ar dtúis, níor chuireas an cheist sin. Is amhlaidh a cheapas am’ aigne gurab amhlaidh a thuig an sagart go raibh Séadna pósta cheana a gan fhios.

Cáit.—’Dhe, cad eile? Nach shin é cheapfadh aoinne?

Gobnait.—Airiú, agus cad é an moladh bhéadh ag an sagart air mar gheall air sin? Ba mhór an buidhchas ba cheart a bheith air, go deimhin, toisg gan bean a phósadh agus é pósta cheana!

Cáit.—Nach maith a phós an Pinsinéir Buídhe agus é pósta cheana.