Leabhar Sgeulaigheachta/Tadhg O Catháin agus an Corpán

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Tadhg O Catháin agus an Corpán
[ 107 ]

TAḊG O CAṪÁIN AGUS AN CORPÁN.

Do ḃí buaċaill óg gasta láidir ann, aon uair aṁáin, i ’g-condaé Liaḋdruim, mac feilmeóra saiḋḃir, agus buḋ ḃuaċail sgiaṁaċ misneaṁail é.

Bhí a lán airgid ag a aṫair agus níor spáráil sé air a ṁac é. Mar sin nuair d’ḟás an t-ógánaċ suas, b’ḟearr leis go mór spórt ’ná obair, agus mar naċ raiḃ aon ċlann eile ag a aṫair do ḃí an oiread gráḋ aige air an mbuaċaill seo gur leig sé ḋó rud air biṫ buḋ ṁaiṫ leis ḋeunaṁ. Bhí sé an ċaiṫteaċ, agus sgapaḋ se airgiod óir mar sgapfaḋ duine eile an t-airgiod geal. B’anaṁ ḃí sé le fáġail annsa’ mbaile, aċt dá m-beiḋeaḋ aonaċ no cruinniuġaḋ no margaḋ i ḃfoigse deiċ míle ḋó, is ann do ḃí tu láin-ċinnte a ḟáġail. Agus b’an aṁ ċaiṫ sé an oiḋċe i dteaċ a aṫar, aċt ḃiḋeaḋ sé i g-cóṁnuiḋe amuiġ ag “rugaireaċt“ no ag “árnán” o ṫeaċ go teaċ annsan oiḋċe.

Bhí sé ansgiaṁaċ agus ni raiḃ cailín annsa’ dtír naċ raiḃ i ngráḋ leis. Mar [ 108 ]Sheáġain Glas, fad o ṡoin, “ḃí gráḋ gaċ cáilin i mbrollaċ a léine” agus b’iomḋa póg ṫug sé agus fuair sé. Mar sin rinne duine éigin an rann so air:

Feuċ an rógaire ’g iarraiḋ póige,
Ni h-ionġantas mór é a ḃeiṫ mar atá,
Ag leanaṁaint i g-cóṁnuiḋe d’árnán na
gráinneoíge,
Anuas ’s aníos, ’s ’nna ċodlaḋ ’san lá.

D’éiriġ sé air deire an-ḟiaḋáin, agus míriaġalta; ni raiḃ sé le feicsint lá ná oiḋċe i dteaċ a aṫar, aċt i g-cóṁnuiḋe ag rugaireaċt, agus ċraiṫeaḋ na sean daoine a g-cinn, agus ḋeireaḋ siad le ċéile—“is furas le feicsint creud a ḃainfeas do ṫalaṁ a aṫar nuair a geoḃaiḋ an seanḟear bás. Riṫfiḋ an mac ṫríd i n-aon ḃliaḋain aṁáin.”

Ḃiḋeaḋ sé i g-cóṁnuiḋe ag cearrḃaċas, ag imirt cárda, agus ag ól, aċt níor ċuir an t-aṫair aon tsuim ann a ḋroċ-ḃeusaiḃ agus níor smaċtuiġ sé ariaṁ é. Aċt aon lá aṁáin ċualaiḋ sé gur ṁill sé clú cailín óig do ḃí ann san áit sin, agus ṫáinig fearg air an t-seanḟear, agus ġlaoḋ sé a ṁac ċuige féin, agus laḃair sé leis go cóir ciúin ciallṁar. “A [ 109 ]ṁic,” ar sé, “tá ’s agad go raiḃ gráḋ mór agam ort go dtí seó, agus níor ċoisg me ṫu cia bé rud do rinne tu, agus ċongḃaiġ mé airgiod go leór leat, agus ḃí súil agam an teaċ agus an talaṁ so agus mo ṁaoin uile d’ḟágḃáil agad-sa i ndiaiġ mo ḃáis, aċt ċualaiḋ mé sgeul dod’ ṫaoiḃ go déiġionaċ do ċuir gráin agus déistion orm. Ni ṫig liom innsint duit an brón do ḃí orm a leiṫeid sin de rud do ċlos, agus innsim duit anois go soiléir muna bpósfaiḋ tu an cailín sin fágfaiḋ mé mo ṫalaṁ agus mo ṁaoin ag mac mo ḋearḃráṫar. Ni ṫig liom a ḃ’ḟágḃáil ag duine a ḋeunfas úsáid dioḃ coṁ h-olc sin agus do ḋeunfá-sa, ag meallaḋ na mban agus ag breugaḋ na g-cailín. Socruiġ leat féin anoċt an bpósfaiḋ tu an óigḃean sin agus mo ṫalaṁ uile d’ḟáġail mar spré léiṫe, no an ndiultóċaiḋ tu í, agus d’oiġreaċt do ċailleaṁain, agus innis dam air maidin cia aca de’n dá rud do ṫoġ tu.”

“Oċ damnaḋ síorruiḋe! a aṫair, ni ḋeunfá sin; céud míle mallaċt, ní ḋeunfá sin do ṁac atá ċoṁ maiṫ a’s atá mise! Cia duḃairt leat naċ bpósfainn an cailín?” Aċt ḃí an t-aṫair imṫiġṫe. Ḃí ḟios go [ 110 ]maiṫ ag an mbuaċaill go g-coiṁeudfaḋ sé a ġeallaḋ, agus ḃí buaiḋreaḋ mór air a inntinn, mar ciḋ go raiḃ a aṫair socair cineálta leis, níor ḃris sé a ḟocal ariaṁ nuair duḃairt sé rud aon uair aṁáin, agus ní raiḃ duine annsa’ dtír buḋ do-lúbṫa ’ná é.

Ni raiḃ ḟios go ceart ag an mbuaċaill creud do deunfaḋ sé. Ḃí sé i ngráḋ go deiṁin leis an g-cailín agus ḃí súil aige a pósaḋ am éigin, act b’ḟearr leis fanaṁaint tamall agus leanaṁaint d’á ṡean-oiḃreaċaiḃ le seal eile, ag ól ag spórt agus ag imirt; agus ċor leis sin ċuir sé fearg air go n-ordo- ċaḋ a aṫair dó a pósaḋ, agus go mbaigeóraḋ se é. “Naċ mor an t-amadán m’aṫair!” ar sé leis féin, “ḃí me réiḋ go leór an ġirseaċ do ṗósaḋ agus anois o ċuir sé bagairt orm tá rún mór agam a fágḃáil mar tá sí.”

Ḃí a inntinn corruiġṫe go mór, águs d’ḟan sé eidir ḋá ċóṁairle creud do deun- faḋ sé. Ṡiuḃail sé amaċ annsan oiḋċe air deire, le súil a ċeann teiṫ d’ḟuaraḋ, agus ċuaiḋ sé air an mbóṫar. Las sé a ṗíopa agus mar ḃí an oiḋċe breáġ, ṡiúḃail sé agus ṡiuḃail sé roiṁe, go ndearmad sé an brón [ 111 ]do ḃí air, leis an spaisdeoraċt luaiṫ. Ḃí an oiḋċe geal agus an ġealaċ leaṫ-lan.

Ni raiḃ anál gaoiṫe ag séideaḋ, agus ḃí an t-aér ciúin agus bog. Ṡiúḃail sé air aġaiḋ le trí h-uairiḃ no mar sin, nuair ċuiṁniġ sé go raiḃ sé déiġionaċ ’san oiḋċe agus go mbuḋ ċóir dó ṫionntóḋ. Ṫion- taiġ sé le filleaḋ a ḃaile, ann sin, agus ḃí ionġantus air an ġealaċ d’ḟeicsint coṁ h-árd sin ’san spéir. “Maiseaḋ! saoilim go ndearmad mé mé féin,” ar seisean, “caiṫfiḋ sé ḃeiṫ tar an meaḋon-oiḋċe anois.”

Is air éigin duḃairt sé an focal, nuair ċualaiḋ sé caint móra in guṫ, agus toran na g-cos, air an mbóṫar amaċ uaiḋ.

“Ní feasaċ mé cia ḃeiḋeaḋ amuiġ coṁ deirionnaċ annsan oiḋċe,” ar sé, “agus air ḃóṫar uaigneaċ mar so.” Ṡeas sé ag éisteaċt, agus ċualaiḋ sé glórṫa móráin daoine ag laḃairt tríd a ċéile, aċt níor ṫuig sé creud do ḃí siad ag ráḋ. “Muire! maiseaḋ!” ar sé, “tá fáitċios orm! ni Gaeḋeilg ná Beurla tá siad ag laḃairt; ní féidir gur Francaiġ iad!” Ċuaiḋ sé cúpla slat air aġaiḋ agus ċonnairc sé go maiṫ le solas na gealaiġe, broscán de ḋaoiniḃ [ 112 ]beaga a teaċt, os a ċoinne, agus ḃí siad ag iomċar ruid éigin móir troim, ann a measg.

“O mo leun!” ar seisean, leis féin, “ní féidir gur b’ iad na daoine maiṫe atá ann.” Ṡeas gaċ ribe gruaige do ḃí air a ċeann, suas; agus ṫáinig craṫaḋ ann a ċnáṁaiḃ. Ḃí siad ag teaċt ċuige go luaṫ.

Ḋearc sé orra arís agus ṫug sé faoi deara go raiḃ bunáit fiċe fear beag ann, agus ní raiḃ fear air biṫ aca do b’ áirde ná trí troiġe no trí troiġe go leiṫ. Ḃí cuid aca liaṫ agus d’ḟeuċ siad an t-sean. Ḋearc sé arís, aċt níor aiṫniġ sé go ceart cad é an rud trom do ḃí siad ag iomċar, no go dtáinig siad suas leis, agus ṡeas siad uile ’nna ṫimċioll. Ċaiṫ siad an rud trom air a mbóṫar agus ċonnairc sé air an mball gur corp marḃ é.

D’éiriġ sé coṁ fuar leis an Eug, agus níor riṫ an ḟuil ann a ċuisleannaiḃ nuair táinig sean-ḟirín beag liaṫ suas ċuige, agus duḃairt leis, “A Ṫaiḋg ui Ċáṫáin. Naċ áġaṁuil do casaḋ orrainn ṫu?”

Nior ḟeud Taḋg boċt focal air biṫ do ṫaḃairt amaċ; ní ḟeudfaḋ se a ḃeul d’ḟos- gailt dá ḃḟáġfaḋ sé an doṁan, agus níor ḟreagair se focal. [ 113 ]“A Ṫaiḋg ui Ċáṫáin,” ar san firín beag liaṫ arís, “naċ traṫamṁuil é do casaḋ or- rainn ṫu?”

Nior ḟeud Taḋg aon ḟreagairt ṫaḃairt dó.

“A Ṫaiḋg ui Ċaṫáin,” ar sé, an tríoṁaḋ uair, “naċ áġamṁuil é, agus naċ traṫaṁuil é do casaḋ orrainn ṫu?”

Aċt d’ḟan Taḋg boċt na ṫost, mar ḃí faitċios air freagairt do ṫaḃairt dóiḃ, agus ḃí a ṫeanga aṁail a’s ḃeiḋeaḋ sí ceangailte le carbad a ḃéil.

Ṫionntaiġ an firín beag liaṫ d’á ċompá- naiġiḃ agus ḃí luṫġáir ann a ṡúiliḃ beaga geala, agus “’Nois!” a duḃairt sé, “ní’l focal ag Taḋg o Cáṫán; tig linn deunaṁ leis mar is maiṫ linn. A Ṫaiḋg, a Ṫaiḋg,” ar sé, “tá tu ag caṫaḋ droċ-ḃeaṫa agus tig linne sgláḃuiḋ ḋeunamṁ diot anois, agus ní ṫig leat-sa cur ’nnár n-aġaiḋ: ní’l aon ṁaiṫ ḋuit ann. Tá cúṁaċt againn ort. Tóg an corpán sin.”

Ḃí Taḋg ċoṁ sgannruiġṫe sin gur b’ air éigin leig sé an dá ḟocal so as a ḃeul, “ni ṫógfad,” ar sé, mar dá ṁéad a sgannraḋ, ḃí a ċroiḋe i g-cómṁnuiḋe roiġin agus do- lúbṫa. [ 114 ]“Ni ṫógfaiḋ Taḋg o Cáṫáin an corpán” ar san fírín beag le gáire millteaċ mar ṫoran glaic cipín tirm agus iad dá mbri- seaḋ agus le glór beag garḃ mar bualaḋ ċluige do ḃí sgoilte. “Cuirigiḋ (cuiriḋ) d’ḟiacaiḃ air a ṫógḃáil.” Agus sul do ḃí an focal as a ḃeul ċruinniġ siad uile tim- cioll Taiḋg ḃoiċt, agus iad uile ag caint agus ag gáire tríd a ċéile. Rinne Taḋg feucaint le riṫ uaṫa, aċt leanadar é agus ṡín fear aca a ċos amaċ eidir a ḋá lorgain agus leagaḋ síos é air an mbóṫar, ann a ṗraiseaċ. Sul d’ḟeud sé éiriġe arís, rug na siḋeóga air, cuid aca air a láṁaiḃ agus cuid eile air a ċosaiḃ agus ċongḃaiġ siad go daingean é, i rioċt nár ḟeud sé corru- ġaḋ, agus a éudan leis an talaṁ.

Ṫóg seisear no móir-ṡeisear aca an corpán ann sin, agus ṫarraing siad anall ċuige é; agus d’árduiġ siad é air a ṁuin; ḃí brol- laċ an ċorpáin fáisgṫe le na ḋruim féin, agus ċuir siad an dá ríġ an ċorpáin sin ṫart ṫimċioll a ṁuinéil féin. Ṡeas siad air ais uaiḋ cúpla slat ann sin agus leig siad dó éiriġe suas. Do ġaḃ sé ag cur cú- ḃair dé agus ag eascuine, agus ċraiṫ sé é féin, mar ṡaoil se an corpán do ṫeilgint [ 115 ]uaiḋ. Acṫ buḋ ṁór a eagla agus a ionġan- tas nuair fuair sé go raiḃ greim daingean ag dá riġ an ċuirp timċioll air a ṁuinéul, agus go raiḃ a ḋá ċosa ag fásgaḋ a leas- raċa go teann, agus níor ḟeud sé a ċaṫaḋ ḋé féin, dá láidreaċt a ḟeuċaint. Ḃí fíor- eagla air ann sin, agus ṡaoil sé go raiḃ sé caillte. “Oċón go deó!” ar sé, “is é an ḋroċ-ḃeaṫa atá mé ag caṫaḋ a ṫug an cúṁaċt so dona daoiniḃ maiṫe orm. Geal- laim do Ḋia agus do Ṁuire, do Ṗeadar agus do Ṗól, do Ṁarcus agus d’Eóin, agus móidim go leasóċaiḋ me m’anam agus a ḃfuil róṁam de’m ṡaoġal, má ḃfáġ’ mé teaċt saor as an ngáḋ so. Agus pósfaiḋ mé Máire.

Ṫáinig an firín beag liaṫ suas ċuige arís agus duḃairt sé leis. “’Nois! a Ṫaiḋgín!” ar sé, “níor ṫóg tu an corpán nuair du- ḃairt mé leat a ṫógḃáil, agus b’ eígin duit a ṫógḃáil; B’ éidir nuair deirim leat a ċur ní ċuirfiḋ tu é, no go mbuḋ eígin duit!”

“Rud air biṫ a ṫig liom a ḋeunamṁ do d’ onóir,” ar Taḋg, “deunfaiḋ mé é,” mar ḃí sé fáġail céille ċeana, agus muna raiḃ eagla áiḋḃeul air, ní leígfeaḋ sé an focal siḃialta sin as a ḃeul go [ 116 ]bráṫ. Rinne an firín beag sórt gáire arís. “Tá tu ’g éiriġe socair anois, a Ṫaiḋg,” ar sé. “Mise mo ḃannaiḋ!” ar sé, “aċt béiḋ tu socair sul atá mise réiḋ leat. Éist liom anois a Ṫaiḋg ui Ċátáin agus muna n-úṁluiġiḋ tu d’á ḃfuil me ag ráḋ leat béiḋ aiṫreaċas ort—buḋ miste leat é. Caiṫ- fiḋ tu an corpán so atá air do ṁuin iomċar leat go Teampoll Démuis, agus caiṫfiḋ tu a ḃreiṫ asteaċ annsa’ dteampoll leat, agus uaiġ ḋeunaṁ dó i g-ceart-lár an teampoill, agus caiṫfiḋ tu na leaca ṫógḃáil agus a g-cur síos arís an ċaoi ċeudna, agus caiṫfiḋ tu an ċréafóg iomċar amaċ as an dteampoll agus an áit ḟágḃáil mar fuair tu í, i rioċt naċ n-aiṫneóċaiḋ aon duine go raiḃ rud air biṫ aṫruiġṫe ann. Aċt ní h-é sin an t-iomlán. B’ éidir naċ leigfiḋear duit an corp do ċur annsa’ dteampoll sin, b’ éidir go ḃfuil an leabuiḋ sin ag fear eile, agus má tá, is cosṁúil naċ roinnfiḋ sé leis an g-corp so é. Muna ḃfáġ’ tu cead a ċur i dTeampoll Démuis, caiṫfiḋ tu a ḃreiṫ leat go Carraig-ḟad-ṁic-Ḟeórais agus a ċur annsa’ g-cill sin. Muna bfáġaiḋ tu dul asteaċ annsan áit sin, beir leat go Teampoll Ronáin é, agus má tá an ċill sin [ 117 ]druidte ort beir go h-Imleóg-fada é, agus muna dtiucfaiḋ leat a ċur ann sin ni’l agad níos mó le deunaṁ aċt a ḃreiṫ go dti Cill-Ḃríġde agus cuirfiḋ tu ann sin é gan ḃacaḋ gan ḃárraḋ. Ní ḟeudaim innsint duit anois cad é an ċill ann a ḃfuiġiḋ tu cead an corpán do leigint faoi ’n gcreáfóig, aċt tá ḟios agam go léigfiḋear duit a ḟag- ḃáil i dteampoll éigin aca. Má ġniḋ tu go ceart an obair seó béiḋmíd buiḋeaċ díot, agus ni ḃéid aon áḋḃar bróin ort-sa, mar ġeall air do ṫrioblóid, aċt má tá tu leis- geaṁail agus mall, creid mise, go mbain- fimíd ár sásuġaḋ asad.”

Nuair ċrioċnuiġ an firín liaṫ a laḃairt, leig a ċomráidiḋ gáir asta, agus ḃuail siad a láṁa le ċéile. “Glic! glic! hui! hui!” ar siad, “bí ’g imṫeaċt, bí ’g imṫe- aċt, tá oċt n-uaire róṁat anois sul a ḃrisfiḋ an lá, agus muna ḃfuil an fear so curṫa agad sul éireóċaiḋ an ġrian tá tu caill- te.”

Ḃuail siad dorn air a ḋruim agus cos air a ṫóin agus ṫiomáin siad air aġaiḋ ann- sa’ mbóṫar é. B’ éigin dó siuḃal agus siuḃal go luaṫ, mar naċ dtug siad aon sgiṫ ḋó. [ 118 ]Ṡaoil sé féin naċ raiḃ cosán fliuċ, bóiṫ- rín salaċ, ná bealaċ cam cnapaċ contrálta annsa’ g-condaé nár ṡiuḃail sé an oiḋċe sin.

Nuair ṫigeaḋ smúid tar an ngealaiġ do ḃíḋeaḋ an oiḋċe air uairiḃ an-ḋorċa, agus ṫuiteaḋ sé go minic. Air uairiḃ ġortaiġ sé é féin agus air uairiḃ ṫáinig sé saor, aċt b’ éigin dó éiriġe air an móimid agus deifir ṁór ḋeunaṁ. Cor uair do ḃriseaḋ an ġealaċ amaċ go geal, agus ann sin ḋearcaḋ sé ’nna ḋiaiġ agus d’ḟeiceaḋ sé na daoine beaga ’gá leanaṁaint air a ċúl, agus ċua- laiḋ sé iad ag caint agus ag cómráḋ eatorra féin, ag béiceaḋ agus ag sgrea- daoil mar ealta faoileán, agus dá ṡaorfaḋ sé a anam nior ṫuig sé aon focal d’á raib siad ag ráḋ. Ni raiḃ ḟios aige cá ḟad do ṡiuḃail sé, nuair ġlaoḋ ceann aca leis “fan ann so.” Ṡeas seisean, agus ċruin- niġ siad uile ’nna ṫimcioll. “An ḃfeiciḋ tu na sean-ċrainn seargṫa sin,” ar san sean-ḃuaċaill liaṫ leis, “is ameasg na g-crann sin tá Teampoll Démuis, agus caiṫ- fiḋ tu dul asteaċ ann anois, aċt ni ṫig linne teaċt leat. Caiṫfimíd-ne d’ḟágḃáil ann so. Téiḋ air d’aġaiḋ, agus bí dána,” [ 119 ]Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé balla árd a ḃí leiṫ-ḃriste, i n-áiteaċaiḃ, agus sean-teampoll liaṫ taoḃ astiġ de’n ḃalla, agus bunáite duisín sean-ċrainn seargṫa, sgapṫa anonn ’s anall tríd an g-cill. Ni raiḃ bláṫ ná duilleóg orra aċt ḃí a sean- ġeugáin sínte amaċ mar láṁa duine air feirg a ḃí ag bagairt. Ni raiḃ aon neart aige air; b’ éigin dó siúḃal. Ḃí sé cúpla ceud slat ó’n dteampoll, agus níor ḋearc sé ’nna ḋiaiġ no go dtáinig sé ċum geata na Cille. Ḃí an sean-ġeata leagṫa, agus ní ḃfuair sé aon ḃacaḋ ag dul asteaċ. Ṫi- onntaiġ sé ann sin le feicsint an raiḃ na daoine beaga ’gá leanaṁaint, aċt ḃí smúid air an ngealaiġ águs ḃí an oiḋċe dorċa agus nior ḟeud se dadaṁ ḟeicsint. Ċuaiḋ sé asteaċ annsa ’g-cill agus ṡiúḃail sé an sean-ċosán feurṁar do ḃí ag dul suas ċum an teampoill. Nuair ráinig sé an doras fuair sé glas air. Ḃí an doras mór agus láidir: Ṫarraing sé a sgian amaċ agus ṡáiṫ sé annsan áḋmad é, aċt ní raiḃ an t-áḋmad loḃṫa “’Nois !” ar seisean leis féin, “ ní’l aon rud eile le deunaṁ agam; tá an doras druidte agus ní ṫig liom- sa a ḟoscailt.” Sul ḃí na focla sin cumṫa [ 120 ]aige ann a inntinn féin, duḃairt glór ann a ċluais—“cuartaiġ an eoċair air ċúl an dorais, no air an mballa.” Ġlac sé sgann- ruġaḋ “cia tá ag laḃairt liom?” ar sé, ag iompóġ aċt ní ḟacaiḋ sé duine air biṫ. Ċo- gair an guṫ ann a ċluais arís—“cuartaiġ an eoċair air ċúl an dorais no air an mballa.” “Cad é sin?” ar Taḋg, agus an t-allus ag ríṫ d’á ṁala, “cia laḃair liom?” “Mise an corpán a laḃair leat,” ar san guṫ. “Ḃḟuil caint ionnat?” ar Taḋg. “’Nois agus arís,” ar san corpán.

Ċuartaiġ Taḋg an eoċair agus fuair sé air ḃárr an ḃalla í. Ḃí an iomarcuiḋ iongantais air le laḃairt tuilleaḋ, d’ḟosgail sé an doras go ciúin fairsing, agus ċuaiḋ sé as- teaċ leis an g-corp air a ṁuin. Ḃí sé ċoṁ duḃ leis an oiḋċe an taoḃ astiġ, agus ṫáinig críṫ air Ṫaḋg boċt. “Las an ċoin- neall, las an ċoinneall,” ar san corpán. Ċuir Taḋg a láṁ ann a ṗóca agus ṫarraing sé amaċ a sgian agus cloċ-teine. Ḃain sé driṫleóg aisti, agus las sé ceirteaċ dóiġte a ḃí ann a ṗóca, ṡéid sé é go ndearna sé lasair agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll. Ḃí an teampoll an-aosta agus cuid dena bal- laiḃ briste síos, agus na fuinneóga sgoilte, [ 121 ]agus áḋmad na ḃfoirm loḃṫa. Ḃí sé no seaċt dena sean-ċoinnleóiriḃ iarainn ann fós. Ḃí stumpán sean-ċoinnle fágṫa i g-coinnleóir aca, agus las Taḋg é. Ḃí sé ag breaṫnuġaḋ air an áit aisteaċ ġrái- neamṁail sin, nuair ċogair an corpán fuar arís ann a ċluais “cuir me feasta, cuir me feasta, sin ṫall an spád i naġaiḋ do láiṁ’, agus preab an talaṁ, preab an talaṁ.”

Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé spád le h-ais na h-altóra. Ṫóg sé ann a láiṁ é agus ċuir sé a ḃárr faoi leic do ḃí i g-ceart-lár an teampoill, agus d’ḟág sé a ṫruime féin air ċois na spáide no gur ṫóg sé an leac.

Nuair ḃí an ċéad-leac togṫa ní raiḃ sé deacair an ċuid eile ḋíoḃ do ċorruġaḋ, agus ḃain sé trí no ceiṫre cinn aca as a n-áitea- ċaiḃ. Ḃí an ċréafóg do ḃí fúṫa bog, agus b’ḟuras dó a róṁar. Aċt níor ċaiṫ sé amaċ níos mó ná lán trí no ceiṫre sluasad de ċréafóig nuair ḃain an t-íarann le rud bog éigin mar ḟeóil. Ċaiṫ sé trí no ceiṫre sluasad eile ó na ṫimċioll, agus ċonnairc sé gur corp eile é do ḃí curṫa annsan áit sin. “Tá faitċios orm naċ leigfiḋear dam an dá ċorp ċur le ċéile,” ar [ 122 ]Taḋg ann a inntinn féin, “ṫusa! a ċorpáin air mo ṁuin,” ar seisean “mbéiḋ tu sásta má ċuirim ann so ṫu,” aċt níor ḟreagair an corpán focal. “Is cosaṁlaċt ṁaiṫ é sin,” ar Taḋg ann a inntinn féin, “b’éidir go ḃfuil sé ’g éiriġe ṡocair,” agus sáiṫ sé an spád síos annsa’ dtalaṁ arís. B’ éidir gur ġortaiġ sé feóil an ċuirp eile, mar ṡeas an fear marḃ do ḃí curṫa, suas annsan uaiġ, agus ċuir sé géim fíor-áiḋḃeul as, “hu! hu! hu! imṫiġ! imṫiġ! imṫiġ! no is fear marḃ, marḃ, marḃ ṫu!” agus ṫuit sé air ais annsan uaiġ arís. Is minic duḃairt Taḋg o ṡoin gur b’é sin an rud do ḃ’áiḋḃéile dena rudaiḃ ionġantaċa do ċonnairc sé an oiḋċe áiḋḃeul sin. Ṡeas a ġruag mar fionna muice air a ċeann, riṫ an t-allus d’á eudan, agus ṫáinig craṫaḋ air a cná- ṁaib arís, gur ṡaoil sé go dtuitfeaḋ sé. Aċt d’éiriġ sé níos dána nuair ċonnairc sé an dara ċorp ’nna luiġe go socair, agus ċaiṫ sé an ċréafóg asteaċ air arís, agus rinne sé sleaṁain os a ċionn í, agus leig sé na leaca arís go cúramaċ mar ḃí siad roiṁe sin. “Ni féidir go n-eireóċaiḋ sé arís,” ar sé. Ċuaiḋ sé síos an ċosáin do ḃí i lár an teampoill, no go raiḃ sé ceiṫre [ 123 ]no cúig slata níos foigse do’n doras, agus ṫoisiġ sé ag togḃáil na leac arís, ag iar- raiḋ leabuiḋ eile do’n ċorpán do ḃí air a ḋruim. Ṫóg sé trí no ceiṫreleaca, agus ċuir se air leaṫ-ṫaoiḃ iad, agus ann sin ṫoċail sé an ċréafóg. Ní fada ḃí sé ’gá toċailt nuair noċtaiġ sé sean-ḃean lom gan snáiṫe uirri aċt a léine, do ḃí curṫa annsan áit sin. Ḃí sise níos beóḋa ’ná an ċeud-ċor- pan, mar is air éigin ṫóg sé cuid de’n ċréafóig dí, nuair ṡuiḋ sí suas agus ṫosaiġ sí ag bársáil. “Ho! a ḃodaiġ, ha! a ḃodaiġ,” ar sí, “ḃfuil sé ’g am’ ḃuaiḋreaḋ! cá raiḃ sé féin no cá ’r ċaiṫ sé a ṡaoġal naċ ḃfuair sé leabuiḋ, naċ ḃfuair sé leabuiḋ?” Ṫarraing Taḋg boċt air ais, agus d’ḟan sé ’nna ṫost, agus nuair ċonnairc sí naċ raiḃ sí fáġail freagarṫa, ḋruid sí a súile go mall, agus ċaill sí a lúṫ agus ṫuit sí go ciúin air ais faoi ’n gcréafóig. Rinne Taḋg léiṫe mar rinne sé leis an ḃfear, ċaiṫ sé an ċréafóg air ais uirri, agus d’ḟág sé na leaca os a g-cionn.

Rinne sé toċailt arís anaice leis an doras, aċt sul ċaiṫ sé níos mo ’ná cúpla sluasad de’n gcré amaċ ṫug sé láṁ ḋuine faoi deara, do noċtaiġ sé leis an spáid. [ 124 ]“M’ anam!” ar seisean ann a inntinn féin “ní raċaiḋ mé níos faide. Cad é ’n maiṫ ḋam é?” agus ċaiṫ sé an ċré asteaċ arís air, agus ṡocruiġ sé na leaca mar ḃí siad roiṁe.

D’ḟág sé an teampoll annsin agus a ċroiḋe trom go leór, agus ḋruid sé an doras ’nna ḋiaiġ agus ċuir sé glas air, agus d’ḟág sé an áit mar fuair se í. Ṡuiḋ sé síos air ċloiċ-uaiġe do ḃí anaice leis an doras agus ṫosaiġ sé ag smuaineaḋ. Ḃí sé ann aṁras mór créud do ḋeunfaḋ sé. Leig sé a éudan eidir a ḋá láiṁ agus ġol sé le brón agus le tuirse, mar ḃí sé fír-ċinnte ’san am so naċ dtiucfaḋ leis dul a ḃaile beó. Rinne sé feuċaint eile láṁa an ċorpáin do ḃí fáisgṫe timċioll a ḃráġaid do sgaoileaḋ, aċt ḃí siad ċoṁ teann le clampa, agus dá ṁéad a d’iarr se a sgaoileaḋ, is cruaiḋede d’ḟáisg siad é. Ḃí sé dul do ṡuiḋe síos arís nuair duḃairt an corpán fuar gránna ann a ċluais arís. “Carraig-ḟad-Ṁic-Ḟeórais,Car- raig-ḟad-Ṁic-Ḟeórais,” agus do ċuiṁniġ sé ann sin air orduġaḋ na ndaoine-maiṫ, an corpán do ḃreiṫ leis ċum na h-áite sin muna dtiucfaḋ leis a ċur i dTeampoll-Dé- muis. D’éiriġ sé agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll. [ 125 ]“Ní ’l eólas agam air an mbealaċ,” ar sé. Coṁ luaṫ agus laḃair sé an focal do ṡín an corpán an láṁ ċlé (do ḃí fáisgṫe air a ṁuinéul) amaċ go h-obann, agus ċong- ḃaiġ sé í roiṁe ’gá ṫaisbéant dó an ḃealaiġ buḋ ċóir dó leanaṁaint. Lean Taḋg an bóṫar, ’sa ’mbealaċ a raiḃ na meura sínte, agus cuaiḋ sé amaċ as an g-Cill. Fuair sé é féin air an tsean-ḃóṫar cnapaċ cloċaċ agus ṡeas sé arís gan ḟios dó cia an taoḃ buḋ ċóir dó ṫionntóġ. Ṡín an corpán a láṁ ṫana amaċ arís, agus ṫaisbéan sé ḋó an bóṫar eile, naċ dtáinig sé suas nuair ḃí sé ag tarraing ċum an t-sean-ṫeampoill. Ċuaiḋ Taḋg air aġaiḋ annsa’ mbóṫar sin, agus ċoṁ minic agus ṫigeaḋ sé go h-áit ann a raiḃ bóṫar no cosán buailte air an mbóṫar ann a raiḃ sé ag siuḃal, do ṡíneaḋ an corpán a láṁ amaċ arís ag taisbéant an ḃealaiġ ċirt dó. B’iomḋa crosḃóṫar do ionntaiġ sé, agus b’iomḋa bóiṫrín cam do ṡiuḃail sé, no go ḃfacaiḋ sé sean-roilig uaiḋ, air deire, air ṫaoiḃ an ḃóṫair. Ḃí rud innti, ċosṁúil le teampoll no teaċ mór briste síos, aċt ní raiḃ aon t-séipeul ’ná teampoll ann. D’ḟáisg an corpán go teann é, agus stad Taḋg. Duḃairt an corpán ann a ċluais [ 126 ]arís “Cuir me! cuir me! ’sa g-cill! ’sa g- cill!”

Do ṫarraing Taḋg anonn do’n t-sean- roilig, agus ní raiḃ sé níos faide na tim- ċioll fiċe slat uaiḋ nuair ṫóg sé a ṡúile agus ċonnairc sé céudta agus céudta tais, mná, fir, agus páistiḋ, ’nna suiḋe air ḃárr an ḃalla, no ’nna seasaṁ an taoḃ astiġ, ag riṫ anonn ’s anall, ag síneaḋ, a láṁ amaċ, ag léimniġ, ag daṁsa, ag corruġaḋ a mbéil aṁail a’s mar ḃeiḋeaḋ siad ag laḃairt, aċt níor ċualaiḋ Taḋg aon ḟocal ná aon toran. Ḃí faitċios air dul air aġaiḋ, agus ṡeas sé suas mar ḃí sé. Air an móimid ḃí na taiseanna uile socair agus níor ċuir siad cor asta. Ṫuig Taḋg ann sin gur b’ ag iarraiḋ a ċongḃáil ó ḋul- asteaċ do ḃí siad. Ḋruid sé cúpla slat níos foigse do’n ḃalla, agus riṫ an sluaġ uile le ċéile do’n ḃall ’nn a raiḃ seisean ag triall, agus ḃí siad coṁ tiuġ sin le ċéile nár ḟeud sé briseaḋ trioṫa dá mbuḋ ṁian leis é, aċt ní raiḃ aon ṁeisneaċ aige a ḟeu- ċaint.

Ċuaiḋ sé air ais go briste brónaċ, agus nuair ḃí sé cúpla ceud slat imṫiġṫe ó’n g-cill stad sé, mar naċ raiḃ ḟios aige cad [ 127 ]í an áit ṫionntóċaḋ sé anois. Duḃairt guṫ an ċorpáin ann a ċluais, “Teampoll-Rónáin, Teampoll Ronáin,” agus ḃí an láṁ ṫana sínte amaċ arís le taisbéant an ḃea- laiġ ḋó.

B’ éigin dó siuḃal, ċomṁ tuirseaċ agus ḃí sé, agus ní raiḃ an bealaċ gearr, agus ní raiḃ sé coṫrom. Ḃí an oidċe níos dorċa ná ’riaṁ, agus buḋ ḋeacair leis imṫeaċt. B’ iomḋa leagaḋ fuair sé, agus b’ iomḋa bruġaḋ fuair a ċnáṁa. Air deire, con- nairc sé Teampoll-Rónáin uaiḋ ’nna ṡeasaṁ a lár na roilige. Ḋruid sé anaice leis, agus ṡaoil sé go raiḃ sé ceart, sáḃálta, nuair naċ ḃfacaiḋ sé aon tais ná aon rud eile air an mballa, agus ṡaoil sé naċ mbárrfaiḋe é a ualaċ do leigint uaiḋ air deire. Ḋruid sé anonn do’n ġeata agus air ndul asteaċ dó ṫuit se ṫar an tairseaċ. Sul d’ḟeud sé éiriġe rug rud éigin naċ ḃfacaiḋ sé air a ṁuinéul agus air a lá- ṁaiḃ, agus rud eile air a ċosaiḃ, agus ḃrúiġ siad é, agus ṫaċt siad é go raiḃ sé réiḋ le fáġail ḃáis, agus air deire ṫóg siad suas é agus rugadar ceud slat no níos mó ó’n roilig é, agus ċaiṫeadar síos ’nna “ṗraiseaċ” é i sean-ḋíog salaċ, é féin agus [ 128 ]an corpán le ċéile. D’éiriġ sé suas go briste breóiḋte brúiġte, agus ḃí faitċios air dul anaice leis an g-cill arís, mar naċ ḃfacaiḋ sé dadaṁ an t-am do leagaḋ agus do tógaḋ é.

“A ċorpáin ṡuas air mo ṁuin,” ar sé, “an raċaiḋ mé arís do’n roilig?” aċt níor ḟreagair an corpán dó. “Is coṁarṫa é sin naċ mian leat mé a ḟeuċaint arís,” ar sé.

Ḃi sé i n-aṁras mór ann sin, creud do buḋ ċóir dó a ḋeunaṁ nuair laḃair an cor- pán ann a ċluais “Imleóg-ḟada, Imleóg- ḟada. “O! maiseaḋ,” ar seisean, “an éigin dam dul ann sin? Má ċongḃóċaiḋ tu a ḃfad mé, ag siuḃal, tuitfiḋ mé fút. Aċt ċuaiḋ sé air aġaiḋ arís, agus lean sé do’n taoiḃ a ṫaisbéan meur an ċorpáin dó. Níor ḟeud sé féin ráḋ go ceart cá ḟada ḃí sé ag imteaċt nuair d’ḟáisg an corpán é go h-obann agus duḃairt leis, “Súḋ é, Súḋ é.”

Ḋearc Taḋg uaiḋ agus ċonnairc sé balla an-ḃeag ísiol, agus ḃí sé briste síos i n- áiteaċaiḃ coṁ mór sin naċ raiḃ aon ḃalla ceart air biṫ ann. Ḃí sé i bpáirc ṁóir leaṫain air ṫaoiḃ an ḃóṫair, act muna [ 129 ]mbeiḋeaḋ go raiḃ trí no ceiṫre cloċa móra do ḃí nios cosṁúile le carraigiḃ ná le ċlo- ċaiḃ ag gaċ ceann de’n ḃalla, ní raiḃ aon rud eile ann do ṫaisbéanfaḋ dó gur cill no roilig do ḃí ann. “An g-cuirfiḋ mé ann so ṫu, an é seo Imleóg-ḟada?” ar Taḋg. “’Seaḋ,” ar san guṫ leis. “Act ní ḟeicim uaiġ air biṫ ann so, aċt carn cloċ,” ar Taḋg. Nior ḟreagair an corpán dó aċt ṡín sé amaċ a láṁ ḟada ḟuar gan ḟeóil annsa, líne buḋ ċóir do Taḋg dul air aġaiḋ.

Ċuaiḋ Taḋg air aġaiḋ, mar sin, aċt ḃí faitċios mór air, óir is maiṫ do ċuiṁniġ sé air an rud do ḃain dó ag an roilig ḋeirion- naiġ. Ċuaiḋ sé air aġaiḋ agus a ċroiḋe ag léimniġ mar éun mar duḃairt sé féin, aċt nuair ṫáinig, sé i ḃfoigse deiċ slat, no cúig slata deug o’n m-balla beag ceaṫar-ċoirne- ullaċ do ḃris amaċ teinteaċ a ḃí geal, buiḋe agus dearg, gorm agus bán, agus ḃí gaċ daṫ d’á ḃfuil annsan tuaġ-ḟearrṫanna ann agus ċuaiḋ sé ṫart ṫimcioll an ḃalla ann aon ċúrsa, agus riṫ sé coṁ luaṫ leis an ainleóig annsna speurṫaiḃ, agus dá ḟad d’ḟan Taḋg is luaiṫede riṫ an lasair, go raiḃ sé air deire go díreaċ mar ḟáinne geal dul timċioll na sean-roilige: agus níor ṡeud duine air biṫ [ 130 ]dul ṫairis, no loisgfiḋe go bár go cinnte é. Ni ḟacaiḋ Taḋg ó rugaḋ é aon aṁarc do ḃí coṁ aoiḃinn áluin sgiaṁaċ iongantaċ leis an aṁarc sin. Ṫart ċuaiḋ an lasair, agus na driṫleóga buiḋe bána agus gorma ag léimniġ aisti, agus ciḋ naċ raiḃ ann i dtosaċ aċt líne ḃeag ṫana, ṁeudaiġ sí gan ṁall go raiḃ sí air deire ’nna banda mór leaṫan, agus ḃí sí i g-cóṁnuiḋe ag eíriġe níos leiṫne agus níos áirde agus ag caṫaḋ amaċ ḋriṫleóga is ionġantaiġe, agus ní ḃfuil daṫ air ḋruim na talṁan naċ raiḃ le feicsint annsan teine sin, agus níor ṡoill- siġ teinteaċ agus níor ḃris amaċ lasair ariaṁ do ḃí coṁ soillseaċ agus coṁ geal léiṫe.

Ṫáinig uaṫḃás air Taḋg. Ḃí sé féin beag-naċ marḃ le tuirse agus ní raiḃ a ṡáiṫ meisniġ aige le dul níos foigse do’n ḃalla. Ṫáinig ceó air a ṡúil, agus “sua- rán” ann a ċeann, agus b’ éigin dó suiḋe síos air ċloiċ ṁóir do ḃí ann. Ní ḟacaiḋ sé aon rud aċt an solas, níor ċualaiḋ sé aon rud aċt an sórt crónáin do rinne an solas sin mar do sgiorr sé timcioll an ġuirt níos luaiṫe na an teinteaċ.

Mar ṡuiḋ sé ann sin air an g-cloiċ do [ 131 ]ċogair an guṫ aon uair eile ann a ċluais “Cill-Ḃríġde, Cill-Ḃriġde,” agus d’ḟáisg an corpán coṁ cruaiḋ sin é gur b’ éigin dó sgreadaoil amaċ.

D’éiriġ sé aon uair eile go tinn tuirseaċ, trillṫiḋe, agus ġlac sé a ḃealaċ annsan line do ṫaisbéan láṁ an ḟir ṁairḃ dó. Ċuaiḋ sé mar sin air aġaiḋ agus b’ḟada a ṡiúḃal, agus b’ olc an bóṫar agus b’ḟuar an ġaoṫ agus buḋ ṫrom a uallaċ, agus buḋ ḋuḃ an oiḋċe, agus buḋ ḃeag-naċ caiṫte é féin. Is mar sin d’imṫiġ sé, agus is cinnte dá mbeiḋeaḋ a ṡliġe mórán níos faide ṫuit- feaḋ sé marḃ faoi n-a uallaċ.

Air deire do ṡín an corpán a láṁ amaċ arís, agus duḃairt sé “cuir ann sin mé—cuir ann sin mé.” “Is í seó an Ċill ḋeirionnaċ,” ar Taḋg ann a inntinn féin, “ agus duḃairt an firín beag liaṫ liom go leigfiḋe ḋam a ċur gan aon aṁras i g-Cill éigin aca. Ní féidir naċ nglacfaiḋear ann so é.”

Ḃí an ċeud daṫ roiṁ fáinne an laé, agus an ċeud-ṡolas ag tosuġaḋ annsan taoiḃ ṡoir, aċt ḃí sé fós níos duibe ’ná riaṁ, mar do ḃí an ġealaċ imṫiġṫe’nna luiḋe, agus ní raiḃ na reulta geal. “O! deun deifir, O! deun dei- fir,” ar san corpán arís leis, agus rinne [ 132 ]Taḋg an méad deifre d’ḟeud sé ḋeunamṁ go dtáinig sé ċum na Cille. Ḃí an séipéul ’nna ṡeasaṁ i lár na roilige, agus ní raiḃ an roilig féin aċt ’nna áit ḃíg ṡuaraiġ gan mórán uaiġ ann. Ṡiuḃail Taḋg go dána asteaċ tríd an ngeata fosgailte, agus níor ḃain rud air biṫ leis, ni ḟacaiḋ agus níor ċualaiḋ sé dadaṁ. Ṫáinig sé go dtí ceart-lár na cille, agus ṡeas sé suas ann sin, agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll ag iarraiḋ rud éigin, spáide no sluaisde le a ndeunfaḋ sé an uaiġ. Mar ṫionntaiġ sé ag dearcaḋ ṫart ṫim- ċioll air gaċ taoiḃ ċonnairc sé (rud do ċuir ionġantus mór air) uaiġ réiḋ deunta os a ċóṁair. Ḋruid se anonn ċuici agus ḋearc sé síos, agus do ċonnairc sé cóṁra duḃ innti. Ċuaiḋ sé síos annsan bpoll, ċoṁ maiṫ agus d’ḟeud sé agus ṫóg sé an folaṁ de’n ċóṁra agus fuair sé go raiḃ sé folaṁ mar ṡaoil sé. Is air éigin do ḃí sé imṫigṫe suas as an bpoll, agus ’nna ṡeasaṁ air an mbruaċ nuair sgaoil go h-obann an corpán no ḃí greamuiġṫe ann le níos mó ’ná oċt n- uaire a ḋá ríġ óna ṁuinéul agus a luirgne óna leasraċaiḃ, agus ṫuit sé siós le plap ann san g-cóṁra fosgailte. Ċuaiḋ Taḋg síos air a ḋá ġlúin air ḃruaċ na h-uaiġe agus ṫug [ 133 ]sé buiḋeaċas le Dia. Ní ḋearna sé aon ṁaille ann sin, aċt d’ḟáisg sé an folaċ síos air an g-cóṁra agus ċaiṫ sé an ċréafóg asteaċ le na ḋá láiṁ. Niór ḃ’ḟada go raiḃ an uaiġ líonta. Léim sé air an talaṁ le na ḋá ċois go raiḃ se cruaiḋ agus teann, agus ann sin d’ḟág sé an áit.

Ḃí an ġrian ag éirige nuair ḃi sé réiḋ le na obair, agus bud h-é an ċeud rud do rinne sé teaċ-ósda d’ḟáġail amaċ. Fuair sé sin, agus luiḋ sé síos air leabuiḋ ann, agus ċodail sé go dtí an oiḋċe. D’éiriġ sé agus d’iṫ sé beagán, agus luiḋ sé síos arís agus ċodail sé go dti an ṁaidin. Air maidin fuair sé capall air iasaċt, agus ċuaiḋ se aḃaile air marcuiġeaċt. Ḃí sé an t-am sin deiċ míle air ḟíċid o’n mbaile, agus níos mó, agus buḋ léir dó gur ṡiuḃail sé an oiread sin an oiḋċe do ċuir sé an corpán.

Ṡaoil uile ḋuine d’ḟág sé annsa’ mbaile go raib sé imṫiġte as an tír, agus ḃí lúṫ- gáire ṁor orra nuair ṫáinig sé air ais. Ḃí uile ḋuine ’gá ḟiafraiġ ḋé cia an áit a raiḃ sé, aċt níor innis sé do ḋuine air biṫ é aċt do’n aṫair.

Ḃí sé ’nna ḋuine aṫraiġṫe ó’n am sin. Níor ól sé iomarcuiḋ, niór ċaill sé a air[ 134 ]giod air ċárdaiḃ, agus go mór-ṁór ni ġlac- faḋ sé an doṁan agus ḃeiṫ amuiġ leis féin nuair ḃí sé dorċa.

Ni raiḃ sé coicíḋeas ann sa’ mbaile nuair ṗós sé Máire an cailín do ḃí i ngráḋ leis, agus is aig an mbainḟeis sin do ḃí an greann, agus is é do ḃi an fear sásta ó’n lá sin. Go raiḃ sinne ċoṁ sásta leis!