Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/141

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

127

í an áit ṫionntóċaḋ sé anois. Duḃairt guṫ an ċorpáin ann a ċluais, “Teampoll-Rónáin, Teampoll Ronáin,” agus ḃí an láṁ ṫana sínte amaċ arís le taisbéant an ḃea- laiġ ḋó.

B’ éigin dó siuḃal, ċomṁ tuirseaċ agus ḃí sé, agus ní raiḃ an bealaċ gearr, agus ní raiḃ sé coṫrom. Ḃí an oidċe níos dorċa ná ’riaṁ, agus buḋ ḋeacair leis imṫeaċt. B’ iomḋa leagaḋ fuair sé, agus b’ iomḋa bruġaḋ fuair a ċnáṁa. Air deire, con- nairc sé Teampoll-Rónáin uaiḋ ’nna ṡeasaṁ a lár na roilige. Ḋruid sé anaice leis, agus ṡaoil sé go raiḃ sé ceart, sáḃálta, nuair naċ ḃfacaiḋ sé aon tais ná aon rud eile air an mballa, agus ṡaoil sé naċ mbárrfaiḋe é a ualaċ do leigint uaiḋ air deire. Ḋruid sé anonn do’n ġeata agus air ndul asteaċ dó ṫuit se ṫar an tairseaċ. Sul d’ḟeud sé éiriġe rug rud éigin naċ ḃfacaiḋ sé air a ṁuinéul agus air a lá- ṁaiḃ, agus rud eile air a ċosaiḃ, agus ḃrúiġ siad é, agus ṫaċt siad é go raiḃ sé réiḋ le fáġail ḃáis, agus air deire ṫóg siad suas é agus rugadar ceud slat no níos mó ó’n roilig é, agus ċaiṫeadar síos ’nna “ṗraiseaċ” é i sean-ḋíog salaċ, é féin agus