113
“A Ṫaiḋg ui Ċáṫáin,” ar san firín beag liaṫ arís, “naċ traṫamṁuil é do casaḋ or- rainn ṫu?”
Nior ḟeud Taḋg aon ḟreagairt ṫaḃairt dó.
“A Ṫaiḋg ui Ċaṫáin,” ar sé, an tríoṁaḋ uair, “naċ áġamṁuil é, agus naċ traṫaṁuil é do casaḋ orrainn ṫu?”
Aċt d’ḟan Taḋg boċt na ṫost, mar ḃí faitċios air freagairt do ṫaḃairt dóiḃ, agus ḃí a ṫeanga aṁail a’s ḃeiḋeaḋ sí ceangailte le carbad a ḃéil.
Ṫionntaiġ an firín beag liaṫ d’á ċompá- naiġiḃ agus ḃí luṫġáir ann a ṡúiliḃ beaga geala, agus “’Nois!” a duḃairt sé, “ní’l focal ag Taḋg o Cáṫán; tig linn deunaṁ leis mar is maiṫ linn. A Ṫaiḋg, a Ṫaiḋg,” ar sé, “tá tu ag caṫaḋ droċ-ḃeaṫa agus tig linne sgláḃuiḋ ḋeunamṁ diot anois, agus ní ṫig leat-sa cur ’nnár n-aġaiḋ: ní’l aon ṁaiṫ ḋuit ann. Tá cúṁaċt againn ort. Tóg an corpán sin.”
Ḃí Taḋg ċoṁ sgannruiġṫe sin gur b’ air éigin leig sé an dá ḟocal so as a ḃeul, “ni ṫógfad,” ar sé, mar dá ṁéad a sgannraḋ, ḃí a ċroiḋe i g-cómṁnuiḋe roiġin agus do- lúbṫa.