Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/138

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

124

“M’ anam!” ar seisean ann a inntinn féin “ní raċaiḋ mé níos faide. Cad é ’n maiṫ ḋam é?” agus ċaiṫ sé an ċré asteaċ arís air, agus ṡocruiġ sé na leaca mar ḃí siad roiṁe.

D’ḟág sé an teampoll annsin agus a ċroiḋe trom go leór, agus ḋruid sé an doras ’nna ḋiaiġ agus ċuir sé glas air, agus d’ḟág sé an áit mar fuair se í. Ṡuiḋ sé síos air ċloiċ-uaiġe do ḃí anaice leis an doras agus ṫosaiġ sé ag smuaineaḋ. Ḃí sé ann aṁras mór créud do ḋeunfaḋ sé. Leig sé a éudan eidir a ḋá láiṁ agus ġol sé le brón agus le tuirse, mar ḃí sé fír-ċinnte ’san am so naċ dtiucfaḋ leis dul a ḃaile beó. Rinne sé feuċaint eile láṁa an ċorpáin do ḃí fáisgṫe timċioll a ḃráġaid do sgaoileaḋ, aċt ḃí siad ċoṁ teann le clampa, agus dá ṁéad a d’iarr se a sgaoileaḋ, is cruaiḋede d’ḟáisg siad é. Ḃí sé dul do ṡuiḋe síos arís nuair duḃairt an corpán fuar gránna ann a ċluais arís. “Carraig-ḟad-Ṁic-Ḟeórais,Car- raig-ḟad-Ṁic-Ḟeórais,” agus do ċuiṁniġ sé ann sin air orduġaḋ na ndaoine-maiṫ, an corpán do ḃreiṫ leis ċum na h-áite sin muna dtiucfaḋ leis a ċur i dTeampoll-Dé- muis. D’éiriġ sé agus ḋearc sé ’nna ṫimċioll.