Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

108

Sheáġain Glas, fad o ṡoin, “ḃí gráḋ gaċ cáilin i mbrollaċ a léine” agus b’iomḋa póg ṫug sé agus fuair sé. Mar sin rinne duine éigin an rann so air:

Feuċ an rógaire ’g iarraiḋ póige,
Ni h-ionġantas mór é a ḃeiṫ mar atá,
Ag leanaṁaint i g-cóṁnuiḋe d’árnán na
gráinneoíge,
Anuas ’s aníos, ’s ’nna ċodlaḋ ’san lá.

D’éiriġ sé air deire an-ḟiaḋáin, agus míriaġalta; ni raiḃ sé le feicsint lá ná oiḋċe i dteaċ a aṫar, aċt i g-cóṁnuiḋe ag rugaireaċt, agus ċraiṫeaḋ na sean daoine a g-cinn, agus ḋeireaḋ siad le ċéile—“is furas le feicsint creud a ḃainfeas do ṫalaṁ a aṫar nuair a geoḃaiḋ an seanḟear bás. Riṫfiḋ an mac ṫríd i n-aon ḃliaḋain aṁáin.”

Ḃiḋeaḋ sé i g-cóṁnuiḋe ag cearrḃaċas, ag imirt cárda, agus ag ól, aċt níor ċuir an t-aṫair aon tsuim ann a ḋroċ-ḃeusaiḃ agus níor smaċtuiġ sé ariaṁ é. Aċt aon lá aṁáin ċualaiḋ sé gur ṁill sé clú cailín óig do ḃí ann san áit sin, agus ṫáinig fearg air an t-seanḟear, agus ġlaoḋ sé a ṁac ċuige féin, agus laḃair sé leis go cóir ciúin ciallṁar. “A