Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

116

bráṫ. Rinne an firín beag sórt gáire arís. “Tá tu ’g éiriġe socair anois, a Ṫaiḋg,” ar sé. “Mise mo ḃannaiḋ!” ar sé, “aċt béiḋ tu socair sul atá mise réiḋ leat. Éist liom anois a Ṫaiḋg ui Ċátáin agus muna n-úṁluiġiḋ tu d’á ḃfuil me ag ráḋ leat béiḋ aiṫreaċas ort—buḋ miste leat é. Caiṫ- fiḋ tu an corpán so atá air do ṁuin iomċar leat go Teampoll Démuis, agus caiṫfiḋ tu a ḃreiṫ asteaċ annsa’ dteampoll leat, agus uaiġ ḋeunaṁ dó i g-ceart-lár an teampoill, agus caiṫfiḋ tu na leaca ṫógḃáil agus a g-cur síos arís an ċaoi ċeudna, agus caiṫfiḋ tu an ċréafóg iomċar amaċ as an dteampoll agus an áit ḟágḃáil mar fuair tu í, i rioċt naċ n-aiṫneóċaiḋ aon duine go raiḃ rud air biṫ aṫruiġṫe ann. Aċt ní h-é sin an t-iomlán. B’ éidir naċ leigfiḋear duit an corp do ċur annsa’ dteampoll sin, b’ éidir go ḃfuil an leabuiḋ sin ag fear eile, agus má tá, is cosṁúil naċ roinnfiḋ sé leis an g-corp so é. Muna ḃfáġ’ tu cead a ċur i dTeampoll Démuis, caiṫfiḋ tu a ḃreiṫ leat go Carraig-ḟad-ṁic-Ḟeórais agus a ċur annsa’ g-cill sin. Muna bfáġaiḋ tu dul asteaċ annsan áit sin, beir leat go Teampoll Ronáin é, agus má tá an ċill sin