[ 105 ]OĊ GAN MÉ ṠIAR.
Ḃí fear i g-Connaċt agus ṗós sé cailín as ċondaé Ṁuiġ-Eó, agus buḋ ḃreáġ sgia- ṁaċ an cailín í. Ni raiḃ loċt air biṫ ag a fear le fáġail uirri i dtosaċ. Aċt ní raiḃ sí a ḃfad pósta sul a ṫosaiġ sí ag osnaiġil ó am go h-am, agus ní raiḃ oiḋċe naċ dtéi- ḋeaḋ sí amaċ agus naċ seasaḋ sí ag binn an tiġe agus nac leigeaḋ si osna, agus naċ n-abraḋ sí, “oċ! gan me ṡiar, oċ! gan mé ṡiar,” i rioċt go g-cluinfeaḋ a fear í, agus nuair ḃiḋeaḋ an fear ag éisteaċt léiṫe már sin, ṡaoil sé air deire gur ḃreáġ an áit an “áit ṡiar” as a dtáinig si.
Ḃí si ’gá ḋeunaṁ sin gaċ uile oiḋċe ag leigint uirri féin go raiḃ brón mór uirri naċ raiḃ sí air ais arís i dteaċ a ṁáṫar, agus ḃí a fear tuirseaċ air deire ag éis- teaċt léiṫe agus ċuir sé roiṁe go raċaḋ sé féin siar go bfeicfeaḋ sé ḋó féin cad é an sórt áite an “áit ṡiar.” Ċuaiḋ sé mar sin aon ṁaidin aṁáin gan innsint do ḋuine air biṫ cá raiḃ sé le dul, águs ní raib stad ná sgiṫ aige go dtáinig sé síar go teaċ a [ 106 ]ṁáṫar, agus creud do ḃí ann aċt boṫáin ín beag salaċ! agus an tsean-ḃean an gaḃair agus na cearca ’nna g-cóṁnuiḋe le ċéile ’san aon t-seómra aṁáin. Nior laḃair sé aon ḟocal, aċt ṫáinig sé air ais, agus nuair d’ḟiafruiġ a ḃean dé cá raiḃ sé imṫiġṫe ḃí leiṫsgeul éigin aige le taḃairt dí.
D’ḟan sé gan ḟocal a ráḋ no go ndeacaiḋ a ḃean amaċ arís go binn an tiġe mar buḋ gnáṫ léiṫe, agus í ag osnaiġil, “oċ! gan mé ṡiar, oċ! gan mé ṡiar,” agus coṁ luaṫ agus fuair sé ag an obair sin í, ṫáinig sé amaċ agus do ġaḃ sé an ċeaṫraṁa so ag deunaṁ aiṫris uirri agus ag deunaṁ magaiḋ fúiṫi:
“Oċ! gan me ṡiar! oċ! gan mé ṡiar!
An áit a ḃfuil an gaḃar air iall,
Ceann na cailliġe air an stoca
Agus cac na circe air a giall!”
Buḋ leór é sin dí, agus mise mo ḃannaiḋ, nior ċualaiḋ sé “oċ gan mé ṡiar,” as a beul arís coṁ ḟad agus ḃí siad beó.