Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/120

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

106

ṁáṫar, agus creud do ḃí ann aċt boṫáin ín beag salaċ! agus an tsean-ḃean an gaḃair agus na cearca ’nna g-cóṁnuiḋe le ċéile ’san aon t-seómra aṁáin. Nior laḃair sé aon ḟocal, aċt ṫáinig sé air ais, agus nuair d’ḟiafruiġ a ḃean dé cá raiḃ sé imṫiġṫe ḃí leiṫsgeul éigin aige le taḃairt dí.

D’ḟan sé gan ḟocal a ráḋ no go ndeacaiḋ a ḃean amaċ arís go binn an tiġe mar buḋ gnáṫ léiṫe, agus í ag osnaiġil, “oċ! gan mé ṡiar, oċ! gan mé ṡiar,” agus coṁ luaṫ agus fuair sé ag an obair sin í, ṫáinig sé amaċ agus do ġaḃ sé an ċeaṫraṁa so ag deunaṁ aiṫris uirri agus ag deunaṁ magaiḋ fúiṫi:

“Oċ! gan me ṡiar! oċ! gan mé ṡiar!
An áit a ḃfuil an gaḃar air iall,
Ceann na cailliġe air an stoca
Agus cac na circe air a giall!”

Buḋ leór é sin dí, agus mise mo ḃannaiḋ, nior ċualaiḋ sé “oċ gan mé ṡiar,” as a beul arís coṁ ḟad agus ḃí siad beó.