Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

110

maiṫ ag an mbuaċaill go g-coiṁeudfaḋ sé a ġeallaḋ, agus ḃí buaiḋreaḋ mór air a inntinn, mar ciḋ go raiḃ a aṫair socair cineálta leis, níor ḃris sé a ḟocal ariaṁ nuair duḃairt sé rud aon uair aṁáin, agus ní raiḃ duine annsa’ dtír buḋ do-lúbṫa ’ná é.

Ni raiḃ ḟios go ceart ag an mbuaċaill creud do deunfaḋ sé. Ḃí sé i ngráḋ go deiṁin leis an g-cailín agus ḃí súil aige a pósaḋ am éigin, act b’ḟearr leis fanaṁaint tamall agus leanaṁaint d’á ṡean-oiḃreaċaiḃ le seal eile, ag ól ag spórt agus ag imirt; agus ċor leis sin ċuir sé fearg air go n-ordo- ċaḋ a aṫair dó a pósaḋ, agus go mbaigeóraḋ se é. “Naċ mor an t-amadán m’aṫair!” ar sé leis féin, “ḃí me réiḋ go leór an ġirseaċ do ṗósaḋ agus anois o ċuir sé bagairt orm tá rún mór agam a fágḃáil mar tá sí.”

Ḃí a inntinn corruiġṫe go mór, águs d’ḟan sé eidir ḋá ċóṁairle creud do deun- faḋ sé. Ṡiuḃail sé amaċ annsan oiḋċe air deire, le súil a ċeann teiṫ d’ḟuaraḋ, agus ċuaiḋ sé air an mbóṫar. Las sé a ṗíopa agus mar ḃí an oiḋċe breáġ, ṡiúḃail sé agus ṡiuḃail sé roiṁe, go ndearmad sé an brón