Leabhar Sgeulaigheachta/Colann Gan Cheann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Colann Gan Cheann
[ 171 ]

COLANN GAN ĊEANN.

A ḃfad ó ṡoin, ḃí baintreaḃaċ ’nna cóṁnuiḋe i g-condaé na Gailliṁe, agus beirt ṁac aici, dar b’ainm Diarmuid agus Dóṁnal. B’é Diarmuid an mac is sine agus ḃí sé ’nna ṁáiġistir os cionn an tíġe. Buḋ ḟeilméaraiḋ móra iad, agus fuaradar fuagraḋ ó’n tíġearna-talṁan le teaċt agus cíos bliaḋna d’íoc leis. Ní raiḃ mórán airgid aca ’san teaċ, agus duḃairt Diarmuid le Dóṁnal,” taḃair uallac coirce go Gailliṁ agus díol é. Fuair Dóṁnal uallaċ réiḋ, ċuir dá ċapall faoi an g-cairt agus d’imṫiġ go Gailliṁ. Ḋíol sé an coirce agus fuair se luaċ maiṫ air. Nuair ḃí sé teaċt aḃaile, ’ḟan sé ag an teaċ leaṫ-ḃealaiġ mar buḋ ġnáṫaċ leis, le deoċ do ḃeiṫ aige féin, agus le deoċ, agus coirce do ṫaḃairt do na caplaiḃ.

Nuair ċuaiḋ sé asteaċ le deoċ d’ḟáġail ó féin, ċonnairc sé beirt ḃuaċaill ag imirt cárda. D’ḟeuċ sé orra tamall agus du- ḃairt ceann aca “m-béiḋ cluiċe agad?” Ṫoisiġ Dóṁnal ag imirt agus níor stop gur ċaill sé uile ṗíġin de luaċ an ċoirce. “Creud [ 172 ]deunfaiḋ mé anois?” ar Dóṁnal leis féin, “marḃfaiḋ Diarmuid mé, air ċaoi air biṫ raċaiḋ mé aḃaile, agus innseóċaiḋ mé an ḟírinne. Nuair ċuaiḋ sé aḃaile d’ḟiafruiġ Diarmuid dé, “ar ḋíol tu an coirce,” “Ḋío- las, agus ḟuaireas luaċ maiṫ ar,” ar Dóṁ- nal. “Tabair dam an t-airgiod,” ar Diarmuid. “Ní’l sé agam,” ar Dóṁnal, “ċaill me uile ṗíġin dé ag imirt cárda ag an teaċ leaṫ-ḃealaiġ. “Mo ṁallaċt agus mallaċt na ceiṫre fir fiċid ort,” ar Di- armuid. Ċuaiḋ sé agus d’innis do’n ṁáṫair an cleas a rinne Dóṁnal. “Taḃair pár- dún dó an t-am so,” ar san ṁáṫair agus ní ḋeunfaiḋ sé arís é.” “Caiṫfiḋ tu uallaċ eile ḋíol amáraċ, ar Diarmuid, agus má ċailleann tu an luaċ, ná tarr ann só.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuir Dóṁ- nal uallaċ eile air an g-cairt agus d’imṫiġ go Gailliṁ. Ḋíol sé an coirce agus fuair luaċ mór air. Nuair ḃí sé teaċt a ḃaile agus i ngar do’n teaċ leaṫ-ḃealaiġ duḃairt sé leis féin, “Druidfiḋ mé mo ṡúile, go dtéiḋ’ mé ṫar an teaċ sin le faitċios go m- beiḋeaḋ caṫuġaḋ orm do ḋul asteaċ. Ḋruid sé a ṡúile, aċt nuair ṫáinig na capaill ċoṁ fada leis an teaċ-ósta do ṡeasadar agus [ 173 ]ní raċaḋ siad céim níos faide, mar buḋ ġnáṫaċ leó coirce agus uisge d’ḟáġail ’san áit sin, uile am ḃíḋeaḋ siad a’ teaċt as Gailliṁ. D’ḟosgail sé a ṡúile, ṫug coirce agus uisge do na caplaiḃ, agus ċuaiḋ asteaċ le splanc do ċur ann a ṗíopa.

Nuair ċuaiḋ sé asteaċ ċonnairċ sé na buaċailliḋ ag imirt cárda. D’iarradar air imirt, agus b’éidir go gnóṫóċaḋ sé an méad do ċaill sé an lá roiṁe. Mar tá caṫuġaḋ air na cárdaiḃ ṫoisiġ Dóṁnal ag imirt agus níor stop gur ċaill sé uile ṗíġin d’á raiḃ aige. Ní’l aon ṁaiṫ ḋam dul aḃaile anois,” ar Dóṁnal, “cuirfead na capaill agus an ċairt anaġaiḋ an ṁéid a ċaill mé.” D’imir sé arís, agus ċaill sé na capaill agus an ċairt. Ann sin ní raiḃ ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, agus smuain sé agus duḃairt, mur (muna) dtéiḋ’ mé aḃaile béiḋ imniḋe air mo ṁáṫair ḃoċt. Raċaiḋ mé a ḃaile agus innseóċaiḋ mé an ḟírinn’ dí. Ní ṫig leó aċt mo ḋíbirt.

Nuair ṫáinig sé aḃaile, d’ḟiafruiġ Diar- muid dé, “Ar ḋíol tu an coirce? no cá ḃḟuil na capaill agus an ċairt?” “Ċaill mé an t-iomlán ag imirt cárda, agus ni ṫiuc- fainn air ais, aċt le mo ḃeannaċt d’ḟágḃáil [ 174 ]agaiḃ, seal má (sul) imṫiġim.” “Nár ṫá- gaiḋ tú air ais go deó, ná píġin de d’ luaċ,” ar Diarmuid, “agus ní ṫeastuiġeann do ḃeannaċt uaim.”

D’ḟág sé a ḃeannaċt ag a ṁáṫair ann sin, agus d’imṫiġ air siúḃal, ag tóruiġeaċt seirḃíse. Nuair ḃí dorċadas na h-oiḋċe teaċt ḃí tart agus ocaras air. Ċonnairc sé fear boċt a’ teaċt ċuige, agus mála air a ḋruim. D’aiṫniġ sé Dóṁnal, agus du- ḃairt, “A Ḋóṁnail creud do ṫug ann so ṫu, no cá ḃfuil tu dul?” “Ní’l aiṫne agam ort-sa,” ar Dóṁnal.

“Is iomḋa oiḋċe ṁaiṫ do ċaiṫ mé i dteaċ d’ aṫar, go ndeunfaiḋ Dia trócaire air,” ar san fear boċt, b’ éidir go ḃfuil ocaras ort, agus naċ mbeiḋeá anaġaiḋ iṫ’ as mo ṁála-sa.”

“Is caraid do ḃéarfaḋ ḋam é,” ar Dóṁ- nal. Ann sin ṫug an fear boċt mart-ḟeóil agus arán dó, agus nuair d’iṫ sé a ṡáiṫ d’ḟiafruiġ an fear boċt dé, “cá ḃḟuil tu dul anoċt?”

“Maiseaḋ, ní’l ḟios agam,” ar Dóṁnal. “Tá duine uasal annsan teaċ mór sin ṡuas, agus tugann sé lóistín do ḋuine air biṫ a ṫágann ċuige anḋiaiġ dorċadais na h-oiḋċe, [ 175 ]agus tá mise a’ dul ċuige,” ar san fear boċt.

“B’ éidir go ḃfuiġinn-se lóistín leat,” ar Dóṁnal. Ní’l aṁras air,” ar san fear boċt.

Ċuaiḋ an ḃeirt go dtí an teaċ mór, agus ḃuail an fear boċt ag an doras, agus d’ḟos- gail searḃḟóġanta é. “Teastuiġeann uaim máiġistir an tíġe seó d’ḟeiceal (d’ḟeicsint),” ar Dóṁnal.

D’ imṫiġ an searḃḟóġanta, agus ṫáinig an máiġistir, “Tá mé ’g iarraiḋ lóistín oiḋċe má ’s é do ṫoil é,” ar Dóṁnal. “Ḃéarfaiḋ mé sin ḋaoiḃ má ḟannann siḃ. Téiḋiḋ suas go dtí an caisleán, ann sin ṡuas, agus béiḋ mise ann ḃúr ndiaiġ, agus má ḟanann siḃ ann go maidin, geóḃaiḋ gaċ fear díḃ cúig fiċid píosa deiċ-bpíġin, agus béiḋ neart le n-iṫe agus le n-ól agaiḃ, freisean, agus leabuiḋ maiṫ le codlaḋ air.”

“Is maiṫ an tairgsin é sin,” ar siad-san, “raċamaoid ann.”

Ċuaiḋ an ḃeirt go dtí an caisleán, ċua- dar asteaċ i seómra, agus ċuireadar síos teine. Níor ḃ’ḟada go dtáinig an duine- uasal, ag taḃairt mart-ḟeóil, caor-ḟeóil, aráin agus neiṫe eile. “Tar liom anois go [ 176 ]dtaisbéanfaiḋ mé an soiléar daoiḃ, tá neart fíona agus leanna ann agus tig liḃ ḃúr sáiṫ do ṫarraing.” Nuair ṫaisbéan se an soiléar dóiḃ, ċuaiḋ sé amaċ, agus ċuir glas air an doras ’nna ḋiaiġ. Ann sin du- ḃairt Dóṁnal leis an ḃfear boċt, “cuir na neiṫe le n-iṫe air an mbord, agus raċaiḋ mise i g-coinne an leanna.” Ann sin fuair sé solas agus crúisgín agus ċuaiḋ síos ann- san tsoiléar. An ċeud ḃairille a ṫáinig sé ċuici, ċrom sé síos le tarraing aisti, nuair duḃairt guṫ. “Stop! is liom-sa an ḃairille sin.” D’ḟeuċ Dóṁnal suas agus ċonnairc sé fear beag gan ċeann le na ḋá ċois sġarṫa air an mbairille.

“Má ’s leat é,” ar Dóṁnal, “raċad go ceann eile.” Ċuaiḋ sé go ceann eile, agus nuair ċrom sé le tarraing, duḃairt Colann- gan-ċeann, “is liom-sa an ḃairille sin.” “Ní leat iad uile,” ar Dóṁnal, “raċad go ceann eile. Ċuaiḋ sé go ceann eile agus nuair ṫoisiġ sé a’ tarraing duḃairt Colann gan- ċeann, “is liom-sa é sin.” “Is coma liom,” ar Dóṁnal, “líonfad mo ċrúisgín.” Rinne sé sin, agus ṫáinig suas ag an ḃfear boċt, aċt níor innis sé ḋó go ḃfacaiḋ sé Colann-gan-ċeann. Ann sin ṫoisiġ siad ag iṫe agus ag ól, go [ 177 ]raiḃ an crúisgín folaṁ. Ann sin duḃairt Dóṁnal, “is é d’am-sa le dul síos agus an crúisgín do líonaḋ.” Fuair an fear boċt an ċoinneal agus an crúisgín agus ċuaiḋ síos annsan tsoiléar. Ṫoisiġ sé ag tar- raing as ḃairille nuair ċualaiḋ sé guṫ ag ráḋ, “Is liom-sa an ḃairille sin.” D’ḟeuċ sé suas, agus nuair ċonnairc sé Colann- gan-ċeann leig sé do’n ċrúisgín agus do’n ċoinneal tuitim, agus as go bráṫ leis, suas ag Dóṁnal. “Cá ḃfuil an crúisgín agus an ċoinneal?” ar Dóṁnal. “O is beag naċ ḃfuil mé marḃ,” ar san fear boċt, “con- nairc mé fear gan ċeann le na ḋá ċois sgarṫa air an m-ḃairille, agus duḃairt sé go mbuḋ leis í.” “Ní ḋeunfaḋ sé aon ana- ċain ort,” ar Dóṁnal, ḃí sé ann sin nuair ċuaiḋ mise síos, éiriġ agus taḃair ċugam an crúisgín agus an ċoinneal.” “Ní raċfainn síos arís dá ḃfáġainn Éire gan roinn,” ar san fear boċt. Ċuaiḋ Dóṁnal síos, agus ṫug suas an crúisgín líonta. An ḃfacaiḋ tu Colann-gan-ċeann?” ar san fear boċt. “Connairc mé,” ar Dóṁnal, “aċt ni ḋearna sé aon doċar orm.”

Ḃíḋeadar ag ól go raḃadar leaṫ air meisge. Ann sin duḃairt Doṁnal, “tá sé [ 178 ]ann am dúinn dul ’nn ár gcodlaḋ; cia an áit b’ḟearr leat, air coluaḋ no ag an mballa?”

“Raċad anaice leis an mballa,” ar san fear boċt. Ċuadar annsan leabuiḋ ag fág- ḃáil na coinnle ’nna lasaḋ.

Ní raḃadar a ḃfad ’sa’ leabuiḋ, go ḃfa- cadar triúr fear a’ teaċt asteaċ, agus eud- tromán aca. Ṫoisiġeadar ag bualaḋ báire air an urlár aċt ḃí beirt aca anaġaiḋ aoin. Duḃairt Dóṁnal leis an ḃfear boċt, “Ní’l sé ceart do ḃeirt do ḃeiṫ anaġaiḋ aoin, agus leis sin léim sé amaċ, agus ṫoisiġ ag cuideaċtan leis an taoiḃ laig, agus é gan snáiṫe air. Annsin ṫoisiġ siad ag gáiriḋe, agus ṡiúḃail siad amaċ.

Ċuaiḋ Dóṁnal ann a leabuiḋ arís, aċt ní raiḃ sé a ḃfad ann, go dtáinig píoḃaire asteaċ, ag seinm ceóil ḃinn. “Éiriġ suas,” ar Dóṁnal, “go mbéiḋ daṁsa ’gainn, is mór an truaġ ceól breáġ do leigeant amúġa. “Air do ḃeaṫa, ná corruiġ,” ar san fear boċt. Ṫug Dóṁnal léim amaċ, agus ṫoisiġ ag daṁsa, go raiḃ sé sáruiġṫe. Ann sin ṫoisiġ an píobaire ag gáiriḋe, agus ṡiúḃail amaċ.

Ċuaiḋ Dóṁnal ann a leabuiḋ arís aċt ní [ 179 ]raiḃ sé ḃfad ann gur ṡiúḃail beirt ḟear asteaċ ag iomċar cónra (cóṁra). Leag siad air an urlár é, agus ṡiúḃail siad amaċ. “Ní’l ḟios agam cia atá ’sa’ g-cóṁra, no an dúinne tá sí,” ar Dóṁnal, raċaiḋ mé go ḃfeicfiḋ mé.” Ṫug sé léim amaċ, ṫóg clár na cóṁra, agus fuair fear marḃ ann. “Dar mo ċóinsias, is fuar an áit atá agad,” ar Dóṁnal, “dá ḃfeudfá éiriġe agus suiḋe ag an teine ḃeiḋeá níos fearr.” D’éiriġ an fear marḃ, agus ṫéiġ é féin. Ann sin du- ḃairt Dóṁnal, “tá an leabuiḋ fairsing go leór do ṫriúr.” Ċuaiḋ Dóṁnal ’sa’ lár, an fear boċt ag an mballa, agus an fear marḃ air an g-coluaḋ. Níor ḃfad gur ṫoisiġ an fear marḃ ag brúġaḋ Dóṁnail, agus Dóṁ- nal ag brúġaḋ an ḟir ḃoiċt, go raiḃ sé ion- nann agus marḃ agus b’ éigin dó léim do ṫaḃairt ṫríd an ḃfuinneóig, agus Dóṁnal agus an fear marḃ d’ḟágḃáil ann sin. Ḃí an fear marḃ ag brúġaḋ Dóṁnail gur beag nár ċuir sé ṫríd an mballa é.

“Léirsgrios ort,” ar Dóṁnal, “is díom- buiḋeaċ an fear ṫú, leig mé amaċ as an g-cóṁra ṫu, ṫug mé teas teine agus roinn mo leaḃuiḋ ḋuit, agus anois ní ċongḃóċaiḋ tú socair, aċt cuirfiḋ mise amaċ as an [ 180 ]leabuiḋ ṫu.” Ann sin laḃair an fear marḃ agus duḃairt, “Is fear treun ṫu, agus ní ṁór (ní fuláir) duit no ḃeiḋeá marḃ.” “Cia ṁarḃfaḋ mé?” ar Dóṁnal. “Mise,” ar san fear marḃ, “níor ṫáinig aon ḟear ann so le fiċe bliaḋain nár ṁarḃ mé. Ḃḟuil ḟios agad an fear d’íoc ṫú, air son fana- ṁaint ann só?” “B’ḟear-uasal é,” ar Dóṁnal. “Is é mo ṁac-sa é,” ar san fear marḃ, “agus saoileann sé go mbéiḋ tusa marḃ air maidin; aċt tar liom-sa anois.”

Ṫug an fear marḃ é síos annsan tsoiléar, agus ṫaisbéan sé leac ṁór dó. “Tóig an leac sin, tá trí pota fúiṫi, agus iad líonta d’ór; is air son an óir do ṁarḃ siad mé, aċt ní ḃfuair siad an t-ór. Bíoḋ aon ṗota agad-sa, agus pota ag mo ṁac, agus an ceann eile roinn é air na daoiniḃ boċta.” Ann sin d’ḟosgail sé doras ’sa’ mballa agus ṫarraing amaċ páipeur, agus duḃairt le Dóṁnal, “taḃair é seó do mo ṁac, agus abair leis gur b’ é an buitléar do ṁarḃ mé air son mo ċod’ óir. Ní ṫig liom suaiṁneas ḟáġail go mbéiḋ sé croċta, agus má tá fiaḋ- nuise a’ teastál tiucfaiḋ mise taoḃ-ṡiar díot annsan g-cúirt gan ċeann orm, agus tig le huile ḋuine m’ḟeiceál. Nuair ḃéiḋ [ 181 ]sé croċta pósfaiḋ tú inġean mo ṁic, agus tar do ċóṁnuiḋe annsan g-caisleán só. Ná bíoḋ aon ḟaitċios ort róṁam-sa, mar béiḋ mise imṫiġṫe go suaiṁneas síorruiḋe; slán leat anois.”

Ċuaiḋ Dóṁnal ’nna ċodlaḋ, agus níor ṁúsgail sé go dtáinig an duine-uasal as- teaċ air maidin, agus d’ḟiafruiġ ḋé ar ċodail sé go maiṫ, nó cá ndeacaiḋ an sean- ḟear, a d’ḟág sé leis. “Innseóċaiḋ mé sin duit, am eile, tá sgeul fada agam le h-inn- seaċt (innsint) duit i dtosaċ.” “Tar go dtí mo ṫeaċ liom,” ar san duine-uasal.

Nuair ḃí siad a’ dul go dtí an teaċ, cia d’ḟeicfeaḋ siad a’ teaċt amaċ as na sgea- ṫaċaiḃ, aċt an fear boċt gan snáiṫe air, níos mó ’ná do ḃí air an oiḋċe a rugaḋ é, agus é ag craṫaḋ leis an ḃfuaċt. Fuair an duine uasal a ċuid eudaiġ ḋó, ṫug a ṫuarasdal dó, agus as go bráṫ leis. Ċuaiḋ Dóṁnal go teaċ an duine uasail,agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé a ṡáiṫ, duḃairt sé, “tá sgeul agam le h-innseaċt duit.” Ann sin d’ innis sé ḋó gaċ níḋ a ṫárla ḋó an oiḋċe roiṁe, go dtáinig sé ċoṁ fada leis an roinn i dtaoiḃ an óir. “Tar liom, go ḃfeicfiḋ mé an t-ór,” ar san duine uasal. Ċuadar go [ 182 ]dtí an caisleán, ṫóg sé an leac, agus nuair ċonnairc sé an t-ór, duḃairt sé, “tá ’s agam anois go ḃfuil an sgeul fíor.”

Nuair fuair sé iomlán an eólais ó Ḋóm- hnal, fuair sé barántas anaġaiḋ an ḃuit- léir, aċt ċeil sé an ċoir. Nuair rugaḋ an buitléar i láṫair an ḃreiṫiṁ ḃí Dóṁnal ann sin agus ṫug fiaḋnuise. Ann sin do léiġ an breiṫeaṁ as a ṗáipéaraiḃ, agus du- ḃairt, “Ní ṫig liom an fear só ḟáġail cionn- taċ, ġan níos mó d’ḟiaḋnuise.”

“Tá mise ann só,” ar Colann-gan-ċeann a’ teaċt taoḃ ṡiar de Ḋóṁnal. Nuair ċon- nairc an buitléar é duḃairt sé leis an mḃreiṫeaṁ “ná téiḋ níos faide, tá mé cionn- taċ; ṁarḃ mé an fear, agus tá a ċeann faoi leic an teaġlaiġ ann a ṡeómra féin.” Ann sin d’ orduiġ an breiṫeaṁ an buitléar do ċroċaḋ, agus d’ imṫiġ Colann-gan- ċeann.

Lá air na ṁáraċ pósaḋ Dóṁnal le h-inġin an duine-uasail agus fuair sé spré ṁór léiṫe, agus ċuaiḋ sé ’nna ċóṁnuiḋe annsan g-caisleán. Seal gearr ’nna ḋiaiġ seó, fuair sé a ċóiste réiḋ, agus ċuaiḋ air cuairt ag a ṁáṫair.

Nuair ċonnairc Diarmuid an cóiste teaċt, [ 183 ]ní raiḃ ḟios aige cia an duine mór do ḃí ann. Ṫáinig an ṁáṫair amaċ, agus riṫ sí ċuige, a’ ráḋ, “Naċ tu mo Ḋóṁnal féin, gráḋ mo ċroiḋe ṫú, ḃíḋeas ag guiḋe air do ṡon o d’imṫiġ tu.” Ann sin d’iarr Diar- muid párdún air, agus fuair uaiḋ é. Ann sin ṫug Dóṁnal sporán óir dó, ag ráḋ leis ’san am ceudna, “sin luaċ an dá uallaċ coirce agus na g-capall, agus na cairte.” Ann sin duḃairt sé le na ṁáṫair, buḋ ċóir duit teaċt aḃaile liom-sa, tá caisleán breáġ agam gan aon duine ann, aċt mo ḃean agus na searḃḟóġantaiḋ.” “Raċad leat,” ar san ṁáṫair agus fanfad leat go ḃfáġ’ mé bás.” Ṫug Dóṁnal an ṁáṫair aḃaile leis, agus ċaiṫeadar beaṫa ṡona le ċéile annsan g-caisleán.