Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

174

agaiḃ, seal má (sul) imṫiġim.” “Nár ṫá- gaiḋ tú air ais go deó, ná píġin de d’ luaċ,” ar Diarmuid, “agus ní ṫeastuiġeann do ḃeannaċt uaim.”

D’ḟág sé a ḃeannaċt ag a ṁáṫair ann sin, agus d’imṫiġ air siúḃal, ag tóruiġeaċt seirḃíse. Nuair ḃí dorċadas na h-oiḋċe teaċt ḃí tart agus ocaras air. Ċonnairc sé fear boċt a’ teaċt ċuige, agus mála air a ḋruim. D’aiṫniġ sé Dóṁnal, agus du- ḃairt, “A Ḋóṁnail creud do ṫug ann so ṫu, no cá ḃfuil tu dul?” “Ní’l aiṫne agam ort-sa,” ar Dóṁnal.

“Is iomḋa oiḋċe ṁaiṫ do ċaiṫ mé i dteaċ d’ aṫar, go ndeunfaiḋ Dia trócaire air,” ar san fear boċt, b’ éidir go ḃfuil ocaras ort, agus naċ mbeiḋeá anaġaiḋ iṫ’ as mo ṁála-sa.”

“Is caraid do ḃéarfaḋ ḋam é,” ar Dóṁ- nal. Ann sin ṫug an fear boċt mart-ḟeóil agus arán dó, agus nuair d’iṫ sé a ṡáiṫ d’ḟiafruiġ an fear boċt dé, “cá ḃḟuil tu dul anoċt?”

“Maiseaḋ, ní’l ḟios agam,” ar Dóṁnal. “Tá duine uasal annsan teaċ mór sin ṡuas, agus tugann sé lóistín do ḋuine air biṫ a ṫágann ċuige anḋiaiġ dorċadais na h-oiḋċe,