Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

175

agus tá mise a’ dul ċuige,” ar san fear boċt.

“B’ éidir go ḃfuiġinn-se lóistín leat,” ar Dóṁnal. Ní’l aṁras air,” ar san fear boċt.

Ċuaiḋ an ḃeirt go dtí an teaċ mór, agus ḃuail an fear boċt ag an doras, agus d’ḟos- gail searḃḟóġanta é. “Teastuiġeann uaim máiġistir an tíġe seó d’ḟeiceal (d’ḟeicsint),” ar Dóṁnal.

D’ imṫiġ an searḃḟóġanta, agus ṫáinig an máiġistir, “Tá mé ’g iarraiḋ lóistín oiḋċe má ’s é do ṫoil é,” ar Dóṁnal. “Ḃéarfaiḋ mé sin ḋaoiḃ má ḟannann siḃ. Téiḋiḋ suas go dtí an caisleán, ann sin ṡuas, agus béiḋ mise ann ḃúr ndiaiġ, agus má ḟanann siḃ ann go maidin, geóḃaiḋ gaċ fear díḃ cúig fiċid píosa deiċ-bpíġin, agus béiḋ neart le n-iṫe agus le n-ól agaiḃ, freisean, agus leabuiḋ maiṫ le codlaḋ air.”

“Is maiṫ an tairgsin é sin,” ar siad-san, “raċamaoid ann.”

Ċuaiḋ an ḃeirt go dtí an caisleán, ċua- dar asteaċ i seómra, agus ċuireadar síos teine. Níor ḃ’ḟada go dtáinig an duine- uasal, ag taḃairt mart-ḟeóil, caor-ḟeóil, aráin agus neiṫe eile. “Tar liom anois go