Leabhar Sgeulaigheachta/Cailleacha na Fiacla Fada

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Cailleacha na Fiacla Fada
[ 162 ]

CAILLEAĊA NA FIACLA FADA.

A ḃfad ó ṡoin annsan t-sean-aimsir ṫáinig dream daoine uasal as B’l’acliaṫ go Loċ-glinne a’ seilg, agus ag iasgaireaċt. Chuireadar suas i dteaċ an t-sagairt mar naċ raiḃ aon teaċ-ósta annsa’ mbaile beag.

An ċeud lá ċuadar a’ seilg, ċuadar asteaċ bi g-Coill-ḋrimineaċ, agus níor ḃfada gur ruaig siad geirrḟiaḋ. Loisg siad iomḋa peiléur ’nna ḋiaiġ, aċt níor ḟeudadar a ṫaḃairt anuas. Leanadar dó go ḃfacadar é a’ dul asteaċ i dteaċ beag annsa’ g-coill.

Nuair ṫáncadar go dtí an doras, ċonnairc siad madaḋ mór duḃ, agus ní leigfeaḋ sé asteaċ iad.

“Cuir peileur ṫríd an mbeiṫeaṁnaċ,” ar fear aca. Do sgaoil sé peileur aċt ġaḃ an madaḋ ann a ḃeul é, ċogain, agus ċaiṫ air an talaṁ é. Sgaoileadar aon agus aon eile, aċt rinne an madaḋ an niḋ ceudna [ 163 ]leósan. Annsin ṫoisiġ sé ag taṫfant ċoṁ árd a’s d’ḟeud sé, agus níor ḃfad go dtáinig cailleaċ amaċ agus uile ḟiacal ann a ceann ċoṁ fada leis an teangas, “cad tá siḃ a’ deunamṁ air an g-coileán,” ar san ċailleaċ.

“Ċuaiḋ geirrḟiaḋ asteaċ ann do ṫeaċ agus ní leigfiḋ an madaḋ so asteaċ sinn ’nna ḋiaiġ,” ar fear de na fir (fearaiḃ) seilge.

“Luiḋ síos a ċoileáin,” ar san ċailleaċ. Ann sin duḃairt sí, “Tig liḃ teaċt asteaċ má’s mian liḃ.” Bhí faitċios air na seilgiriḃ do ḋul asteaċ, aċt d’ḟiafruiġ fear aca, “ḃḟuil aon duine annsan teaċ leat?” “Tá seisear deirḃṡiúir,” ar san ċailleaċ. Buḋ ṁaiṫ linn iad d’ḟeiceál (d’ḟeicsint) ar sna seilgiriḋ. Ní túisge duḃairt siad an focal ’ná ṫáinig na cailleaċa eile amaċ, agus ḃí fiacla ag gaċ aon aca ċoṁ fada le ċéile. A leiṫeid de aṁarc ni ḟacaiḋ na fir seilge ariaṁ roiṁe sin.

Ċuadar ṫríd an g-coill agus ċonnairc siad móirṡeisear préaċáin-ingneaċ’ air aon ċrann aṁáin agus iad a’ sgreiċ. Ṫoisiġ na seilgiriḋ ag pleusgaḋ urċar ’nna ndiaiġ, aċt da mbeiḋeaḋ siad annsin ó ṡoin ní ṫiúḃraḋ siad aon aca anuas.

[ 164 ]Ṫáinig sean duine liaṫ ċuca agus duḃairt, “Is iad sin cailleaċa na fiacla fada a ḃíḋeann ’nna g-cóṁnuiḋe annsan teaċ beag úd ṫall, naċ ḃfuil ḟios agaiḃ go ḃfuil siad faoi ḋraoiġeaċt. Táid ann le ceudtaiḃ bliaḋain, agus tá madaḋ aca naċ leigfiḋ aon duine asteaċ ’sa’ teaċ beag. Tá caisleán aca faoi an loċ, agus is minic ċonnairc na daoine iad a’ deunaṁ seaċt n-eala ḋíoḃ féin agus a’ dul asteaċ ’sa’ loċ.”

Nuair ṫáinig na fir seilge a ḃaile an traṫnóna sin, d’innis siad gaċ niḋ d’á ḃfacadar agus d’á ċualadar air feaḋ an laé do’n tsagart, aċt níor ċreid sé an sgeul.

Lá air na ṁáraċ ċuaiḋ an sagart leis na fir (fearaiḃ) seilge, agus nuair ṫáncadar anaice leis an teaċ beag ċonnairc siad an madaḋ mór duḃ ag an doras. Ċuir an sagart a ġleus ḃeannuiġṫe faoi a ṁuineul, ṫarraing amaċ leaḃar, agus ṫoisiġ a’ léiġeaḋ urnaiġe. Ṫoisiġ an madaḋ mór ag taṫfant go h-árd. Ṫáncadar na cailleaċa amaċ agus nuair ċonnairc siad an sagart leigeadar sgread asta a ċluinneaḋ ann gaċ uile áit i n-Éirinn. Nuair ḃí an sagart tamall ag léiġeaḋ, rinne na cailleaċa preaċáin ingneaċ’ díoḃ féin agus [ 165 ]d’ eitill suas air ċrann mór a ḃí os cionn an tíġe.

Ṫoisiġ an sagart a’ teannaḋ asteaċ air an madaḋ, go raiḃ sé i bfoigse cúpla troiġ ḋó. Ṫug an madaḋ léim suas, ḃuail an sagart ’sa’ mbrollaċ le na ċeiṫre cosaiḃ, agus ċuir air a “ṫar-anáird” é. Nuair ṫóg na fir seilge é, ḃí sé boḋar agus balḃ aċt níor ċorruiġ an madaḋ ó’n doras. Ṫugadar an sagart aḃaile agus ċuireadar fios air an easbog. Nuair ṫáinig sé agus nuair ċualaiḋ sé an sgeul ḃí brón mór air. Ċruinniġ an pobal agus d’iarradar air, cailleaċa na draoiġeaċta do ḋíbirt ar an g-coill. Ḃí faitċios agus náire air, agus ní raiḃ ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, aċt duḃairt se leo. Ní’l slíġe agam le na ndíbirt go dtéiḋ’ mé aḃaile aċt tiucfaiḋ mé faoi ċeann míosa agus díbeóraiḋ mé iad. Ḃí an sagart róḃreóiḋte le rud air biṫ a ḋeunaṁ.

Buḋ é an madaḋ mór duḃ aṫair na g-cailleaċ, agus buḋ é a ainm Diarmuid O Mulṁúinne. Do ṁarḃ a ṁac féin é, mar fuair sé é ’nna ċodlaḋ le na ṁnaoi an oiḋċe an- ḋiaiġ a ṗósta, agus ṁarḃ sé na deirḃṡiúireaċa le faitċios go n-innseóċaḋ siad air. [ 166 ]Aon oiḋċe aṁáin ḃí an t-easbog ann a ṡeómra ’nna ċodlaḋ, nuair d’ḟosgail aon de ċailleaċaiḃ na fiacla fada an doras agus ṫáinig sí asteaċ. Nuair ṁúsgail an t-easbog ċonnairc sé an ċailleaċ ’nna seasaṁ le taoiḃ a leabuiḋ. Ḃi an oiread sin faitċis air nár ḟeud sé focal a laḃairt, gur laḃair an ċailleaċ agus duḃairt leis, “Na bíoḋ aon ḟaitċios ort; ní le olc a ḋeunaṁ ṫáinig mé aċt le cóṁairle do ṫaḃairt duit. Ġeall tu do ṗobal Loċ-glinne go dtiucfá le cailleaċa na fiacla fada do ḋíbirt as Ċoill-ḋrimineaċ. Má ṫágann tu ní raċaiḋ tu air ais beó.” Ṫáinig a ċaint ag an easbog agus duḃairt sé, ní ṫig liom m’ḟocal do ḃriseaḋ. “Ní’l againn aċt lá agus bliaḋain eile le ḃeiṫ ’sa’ g-coill,” ar san ċailleaċ, agus tig leat na daoine do ċur díot go dtí sin.” “Cad fá ḃfuil siḃ ’sa’ g-coill, mar tá siḃ?” ar san t-easbog. “Ṁarḃ ár ndearḃráṫair sinn,” ar san ċailleaċ, “agus nuair ċuaḋmar i láṫair an árd-ḃreiṫiṁ tugaḋ breiṫeaṁnas orrainn do ḃeiṫ mar támaoid, ḋá ċeud bliaḋain. Tá caisleán againn faoi an loċ a mbíḋeann sinn ann uile oiḋċe. Támaoid-ne ag fulang air son na coir’ do rinne ár n-aṫair.” Ann sin d’innis sí ḋó an ċoir a [ 167 ]rinne an t-aṫair. “Is cruaiḋ é ḃúr g-cás,” ar san t-easbog, “aċt caiṫfimíd ċur suas le toil an árd-ḃreiṫiṁ, agus ní ċuirfiḋ mé aon trioblóid orraiḃ.” “Geoḃaiḋ tú fuagraḋ nuair a ḃéiḋ sinn imiṫġṫe as an g-coill,” ar san ċailleaċ. Ann sin d’imṫiġ sí uaiḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ. ṫáinig an t-easbog go Loċ-Glinne. Ċuir sé fuagraḋ amaċ agus ċruinniġ an pobal. Ann sin duḃairt sé leó, “Is é toil an árd-ríġ naċ mbéiḋ cúṁaċt na draoiġeaċta díbirte go dtí lá agus bliaḋain eile, agus caiṫfiḋ siḃ congḃáil as an g-coill go dtí sin. Is mór an t-iongnaḋ liom naċ ḃfacaiḋ siḃ na cailleaċa draoiġeaċta go dtáinig na fir seilge as Ḃ’l’acliaṫ, is truaġ nar ḟan siad ’sa’ mbaile.”

Timċioll seaċtṁain ’nna ḋiaiġ sin, ḃí an sagart aon lá aṁáin leis féin, ann a ṡeomra. Buḋ lá róḃreáġ é agus ḃí án ḟuinneóg fosgailte. Ṫáinig spideóg an ḃrollaiġ ḋeirg asteaċ agus luiḃ ḃeag ann a beul. Ṡín an sagart a lámṁ amaċ agus leig sise an luiḃ uirri. “B’ éidir gur b’ é Dia do ċuir an luiḃ seó ċugam,” ar san sagart leis féin, agus d’ iṫ sé í. Ní raiḃ se móimid iṫte aige go raiḃ sé ċoṁ slán a’s ḃí sé ariaṁ, agus [ 168 ]duḃairt sé, “Míle buiḋeaċas do ’n té a ḃḟuil cúṁaċta aige níos láidre ’ná cúṁaċt na draoiġeaċta.” Ann sin duḃairt an spideóg, “An cuiṁin leat spideóg na coise briste a ḃí agad, ḋá ḃliaḋain, an geimṁreaḋ so ċuaiḋ ṫart?” “Is cuiṁin liom go deiṁin,” ar san sagart, “aċt d’imṫiġ sí uaim’ nuair ṫáinig an saṁraḋ.” “Is mise an spideóg ċeudna agus mur (muna) mbeiḋeaḋ an ṁaiṫ a rinne tu ḋam ni ḃeiḋinn beó anois, agus ḃeiḋeá-sa boḋar agus balḃ air feaḋ do ḃeaṫa. Glac mo ċóṁairle anois agus ná téiḋ anaice le cailleaċaiḃ na fiacla fada níos mó, agus ná h-innis d’aon duine beó go dtug mise an luiḃ duit.” Ann sin d’eitill sí uaiḋ.

Nuair ṫáinig a ḃean-an-tiġe ċuige, ḃí iongantas uirri go raiḃ caint agus éisteaċt aige. Ċuir sé sgeul ag an easbog agus ṫáinig se go Loċ-Glinne. D’ ḟiafruiġ sé de’n tsagart cia an ċaoi a ḃfuair sé biseaċ ċoṁ h-obann. “Is rún é,” ar san sagart, “aċt ṫug cara aiṫriġe luiḃ ḃeag dam agus ṡlánuiġ sí mé.

Nior ṫárla aon niḋ eile fiú innsint go raiḃ an ḃliaḋain imṫiġṫe. Aon oiḋċe aṁáin ’nna ḋiaiġ sin, ḃí an t-easbog ann a ṡeomra, [ 169 ]nuair d’ḟosgail an doras agus ṡiúḃail cailleaċ na fiacla fada asteaċ agus duḃairt. “Ṫáinig me le fuagraḋ do ṫaḃairt duit go mbéiḋmíd a’ fágḃáil na coille seaċtṁain on’ lá andiú. Ta aon niḋ aṁáin agam le h-iarraiḋ ort, má ḋeunfaiḋ tu ḋam é.” “Má tá sé ann mo ċúṁaċt agus gan a ḃeiṫ anaġaiḋ an ċreidiṁ deunfad e,” ar san t-easbog. “Seaċtṁain ó’n lá andiú béiḋ seaċt bpréaċáin-ingneaċ’ marḃ ag doras ár dtíġe ’sa’ g-coill. Taḃair orduġaḋ iad do ċur annsa’ g-cuiléar atá eidir an ċoill agus an baile-glas. Sin é an méad atá mé ag iarraiḋ ort.” “Deunfad sin má ṁairim beó,” ar san t-easbog. Ann sin d’ḟág sí é, agus ní raiḃ brón air, í d’imṫeaċt.

Seaċtṁain ó’n lá sin ṫáinig an t-easbog go Loċ-Glinne, agus an lá ’nna ḋiaiġ sin ṫug sé fir leis, agus ċuaiḋ go teaċ na g-cailleaċ annsa’ g-coill-ḋriminiġ. Ḃí an madaḋ mór duḃ ag an doras, agus nuair ċonnairc sé an t-easbog ṫoisiġ sé a’ riṫ agus níor stop go ndeacaiḋ sé asteaċ ’sa’ Loċ Connairc se na seaċt bpréaċáin-ingneaċ’ marḃ ag an doras, agus duḃairt sé leis na fearaiḃ, “taḃairiḋ liḃ iad sin, agus [ 170 ]lean mise. Ṫógadar na préaċáin suas agus leanadar é go bruaċ an ċuiléir. Ann sin duḃairt sé leó, “caiṫ asteaċ ’sa’ g-coiléar iad, is é sin deireaḋ na g-cailleaċ-draoi- ġeaċta.”

Ċoṁ luaṫ agus ċaiṫ na fir iad síos go bonn an ċuiléir, d’éiriġ seaċt n-ealaiḋ ċoṁ geal le sneaċta suas agus d’ eitill as a n-aṁarc. Buḋ hé tuairm an easbuig, agus uile ḋuine do ċualaiḋ an sgeul gur suas go flaiṫeas d’eitill siad agus go ndeacaiḋ an madaḋ mór duḃ go dtí an caisleán faoi an loċ.

Air ċaoi air biṫ ni ḟacaiḋ aon duine cailleaċa na fiacla fada, ná an madaḋ mór duḃ as sin amaċ.