166
Aon oiḋċe aṁáin ḃí an t-easbog ann a ṡeómra ’nna ċodlaḋ, nuair d’ḟosgail aon de ċailleaċaiḃ na fiacla fada an doras agus ṫáinig sí asteaċ. Nuair ṁúsgail an t-easbog ċonnairc sé an ċailleaċ ’nna seasaṁ le taoiḃ a leabuiḋ. Ḃi an oiread sin faitċis air nár ḟeud sé focal a laḃairt, gur laḃair an ċailleaċ agus duḃairt leis, “Na bíoḋ aon ḟaitċios ort; ní le olc a ḋeunaṁ ṫáinig mé aċt le cóṁairle do ṫaḃairt duit. Ġeall tu do ṗobal Loċ-glinne go dtiucfá le cailleaċa na fiacla fada do ḋíbirt as Ċoill-ḋrimineaċ. Má ṫágann tu ní raċaiḋ tu air ais beó.” Ṫáinig a ċaint ag an easbog agus duḃairt sé, ní ṫig liom m’ḟocal do ḃriseaḋ. “Ní’l againn aċt lá agus bliaḋain eile le ḃeiṫ ’sa’ g-coill,” ar san ċailleaċ, agus tig leat na daoine do ċur díot go dtí sin.” “Cad fá ḃfuil siḃ ’sa’ g-coill, mar tá siḃ?” ar san t-easbog. “Ṁarḃ ár ndearḃráṫair sinn,” ar san ċailleaċ, “agus nuair ċuaḋmar i láṫair an árd-ḃreiṫiṁ tugaḋ breiṫeaṁnas orrainn do ḃeiṫ mar támaoid, ḋá ċeud bliaḋain. Tá caisleán againn faoi an loċ a mbíḋeann sinn ann uile oiḋċe. Támaoid-ne ag fulang air son na coir’ do rinne ár n-aṫair.” Ann sin d’innis sí ḋó an ċoir a