Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/184

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

170

lean mise. Ṫógadar na préaċáin suas agus leanadar é go bruaċ an ċuiléir. Ann sin duḃairt sé leó, “caiṫ asteaċ ’sa’ g-coiléar iad, is é sin deireaḋ na g-cailleaċ-draoi- ġeaċta.”

Ċoṁ luaṫ agus ċaiṫ na fir iad síos go bonn an ċuiléir, d’éiriġ seaċt n-ealaiḋ ċoṁ geal le sneaċta suas agus d’ eitill as a n-aṁarc. Buḋ hé tuairm an easbuig, agus uile ḋuine do ċualaiḋ an sgeul gur suas go flaiṫeas d’eitill siad agus go ndeacaiḋ an madaḋ mór duḃ go dtí an caisleán faoi an loċ.

Air ċaoi air biṫ ni ḟacaiḋ aon duine cailleaċa na fiacla fada, ná an madaḋ mór duḃ as sin amaċ.