Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

171

COLANN GAN ĊEANN.

A ḃfad ó ṡoin, ḃí baintreaḃaċ ’nna cóṁnuiḋe i g-condaé na Gailliṁe, agus beirt ṁac aici, dar b’ainm Diarmuid agus Dóṁnal. B’é Diarmuid an mac is sine agus ḃí sé ’nna ṁáiġistir os cionn an tíġe. Buḋ ḟeilméaraiḋ móra iad, agus fuaradar fuagraḋ ó’n tíġearna-talṁan le teaċt agus cíos bliaḋna d’íoc leis. Ní raiḃ mórán airgid aca ’san teaċ, agus duḃairt Diarmuid le Dóṁnal,” taḃair uallac coirce go Gailliṁ agus díol é. Fuair Dóṁnal uallaċ réiḋ, ċuir dá ċapall faoi an g-cairt agus d’imṫiġ go Gailliṁ. Ḋíol sé an coirce agus fuair se luaċ maiṫ air. Nuair ḃí sé teaċt aḃaile, ’ḟan sé ag an teaċ leaṫ-ḃealaiġ mar buḋ ġnáṫaċ leis, le deoċ do ḃeiṫ aige féin, agus le deoċ, agus coirce do ṫaḃairt do na caplaiḃ.

Nuair ċuaiḋ sé asteaċ le deoċ d’ḟáġail ó féin, ċonnairc sé beirt ḃuaċaill ag imirt cárda. D’ḟeuċ sé orra tamall agus du- ḃairt ceann aca “m-béiḋ cluiċe agad?” Ṫoisiġ Dóṁnal ag imirt agus níor stop gur ċaill sé uile ṗíġin de luaċ an ċoirce. “Creud