Leabhar Sgeulaigheachta/Cúirt an Chronnáin

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Cúirt an Chronnáin

[ 184 ]CÚIRT AN ĊRONNÁIN.

A ḃfad o ṡoin ṫáinig dream daoine uasal go h-aḃainn atá eidir ċondaé Ṁuiġ-Eó agus condaé Ros-Comáin, agus ṫoġ siad amaċ áit ḋeas dóiḃ féin air ḃruaċ na h-aiḃne, agus ċuireadar cúirt air bonn innti. Ni raiḃ ḟios ag duine air biṫ annsna bailtiḃ beaga ṫart timċioll cia an áit a dtáinig na daoine uaisle seó as. B’é Mac-Dóṁnail an t-ainm a ḃí orra. Ḃí na cóṁarsanna le fada gan carṫanas do ḋeunaṁ leó, go dtáinig pláiġ ṁór ḃí na daoine a’ fáġail ḃáis ’nna gceudtaiḃ.

Aon lá aṁáin ḃí aon ṁac baintreaḃaiġe boiċte a’ fáġail ḃáis leis an bpláiġ ṁill- tiġ, agus ni raiḃ braon bainne aici le na ṫeanga do ḟliuċaḋ. Ċuaiḋ sí go dtí an Ċúirt agus d’iarradar dí creud do ḃí sí ag iarraiḋ. D’innis sí ḋóiḃ go raiḃ an taon ṁac a ḃí aici a’ fáġail ḃáis leis an bpláiġ agus naċ raiḃ braon bainne aici le na ṫeanga ḟliuċaḋ. “Is cruaiḋ do ċás,” ar [ 185 ]bean-uasal a ḃí annsan g-cúirt, léiṫe, “ḃéarfaiḋ mise bainne agus leiġeas duit, agus béiḋ do ṁac ċoṁ slán faoi ċeann uaire agus ḃí sé ariaṁ.” Ann sin ṫug sí canna- stáin dí agus duḃairt, “Téiḋ aḃaile anois, ní ḃéiḋ an canna sin folaṁ ċoṁ fada agus ḃéiḋeas (béiḋ) tusa no do ṁac beó, má ċong- ḃuigeann tu an rún, gan innsint do ḋuine air biṫ go ḃfuair tu ann só é. Nuair a raċas tu aḃaile cuir greim de ṡeamar-Ṁuire annsan mbainne, agus taḃair do d’ ṁac é.

Ċuaiḋ an ḃaintreaḃaċ aḃaile, ċuir an seámar-Ṁuire ’sa’ mbainne, agus ṫug deoċ do’n ṁac, agus d’ éiriġ sé faoi ċeann uaire ċoṁ slán agus ḃí sé ariaṁ. Annsin ċuaiḋ an ḃaintreaḃaċ tríd na bailtiḃ leis an g-canna, agus ní raiḃ duine dá dtug sí deoċ dó, naċ raiḃ leiġeasta faoi ċeann uaire. Níor ḃfada go ndeacaiḋ cáil Ṁáire ní Ċíaraċáin, b’é sin ainm na baintreaḃaiġe, tríd an tír, agus níor ḃfada go raiḃ lán a’ ṁála d’ ór agus d’airgiod aici- Aon lá aṁáin ċuaiḋ Máire go pátrún Ċoill- te-broncais, d’ól an iomarcuiḋ, ṫuit air meisge, agus leig an rún amaċ.

Ṫáinig trom-ċodlaḋ na meisge uirri, agus nuair ṁúsgail sí, ḃí an canna imṫiġṫe. Ḃí [ 186 ]an oiread sin bróin uirri, gur ḃáiṫ sí í féin i n-áit d’ar b’ ainm Poll-bán, i ḃfoigse míle do Coillte-broncais.

Ṡaoil uile ḋuine anois go raiḃ canna an leiġis le fáġail aca i g-cúirt an Ċronnáin dá raċaḋ siad ann. Air maidin, lá air na máraċ, ċuaiḋ go leor daoine go dtí an ċúirt agus fuaireadar uile ḋuine a ḃí innti marḃ. Ċuaiḋ an ġáir amaċ agus ċruinniġ na ceudta daoine, aċt níor eud aon duine dul asteaċ, mar ḃí an ċúirt líonta de ḋeataċ, agus tinnteaċ agus toirneaċ a’ teaċt amaċ aisti.

Ċuireadar fios air an tsagart a ḃí i mBeallaċ-a’-doirín aċt duḃairt sé, ní’l sé ann mo ṗaráiste agus ní ḃéiḋ rud air biṫ agam le deunaṁ leis. An oiḋċe sin ċon- nairc na daoine solas mór annsan g-cúirt agus ḃí faitċios róṁór orra. Lá air na ṁáraċ ċuireadar sgeul go sagart go Lios- a’-ċoill, aċt ni ṫiucfaḋ sé mar naċ raiḃ an áit ann a ṗaráiste. Cuireaḋ fios air ṡa- gart go Cill-ma-ḃíḋ ann sin’ aċt ḃí an leiṫ- sgeul ceudna aige-sean.

Ḃí dream bráṫair boċt i g-Coillte-máin agus nuair ċualadar an sgeul ċuadar go dtí an ċúirt gan duine leó aċt iad féin. [ 187 ]Nuair ċuadar asteaċ ṫoisiġeadar ag ráḋ urnuiġṫe, aċt ní ḟacadar aon ċorp. Faoi ċeann tamaill d’imṫiġ an deataċ, sguir an tinnteaċ agus an toirneaċ, d’ḟosgail doras, agus ṫáinig fear mór amaċ. Ḃreaṫ- nuiġ na bráiṫre naċ raiḃ aige aċt aon t-súil aṁáin, agus ḃí sí sin ann a ċlár- eudain.

“Ann ainm Dé cia ṫú?” ar fear de na bráiṫriḃ. “Is mé Cronnán mac Ḃelóir na súile niṁe, ná bíoḋ aon ḟaitċios orraiḃ, ní ḋeunfad aon anaċain orraiḃ, mar is deiġ- ḟir misneaṁla siḃ. Tá na daoine do ḃí ann so imṫiġṫe ċum suaiṁnis síorruiḋe, anam agus corp. Tá ḟios agam go ḃḟuil siḃ boċt agus go ḃḟuil go leór daoine boċt timċioll orraiḃ. Seó ḋaoiḃ dá sporán, ceann aca ḋaoiḃ féin, agus an ceann eile le roinnt air na boċtaiḃ, agus nuair a ḃéiḋeas an méad sin caiṫte, tigiḋ arís. Ní de’n tsaoġal so mise, aċt ní ḋeun- fad anaċain do ḋuine air biṫ, mur (muna) ndeunfaiḋ siad orm-sa é i dtosaċ, agus congḃuiġiḋ uaim.”

Ann sin ṫug sé dá sporán dóiḃ agus du- ḃairt, “Imṫiġiḋ air ḃúr n-deaġ-obair anois.” D’imṫiġ na bráiṫre aḃaile, ċruin[ 188 ]nuiġeadar na daoine boċta, agus roinnea- dar an t-airgiod orra. Do ċeistiġ na daoine iad, creud do ċonnairc siad annsan g-cúirt. “Is rún, gaċ niḋ d’á ḃfacamar,” ar sna bráiṫre, “agus is é ár g-cóṁairle ḋaoiḃ-se gan dul anaice leis an g-cúirt, agus ní ṫiucfaiḋ aon anaċain orraiḃ.”

Ḃí na sagairt santaċ nuair ċualadar go ḃfuair na bráiṫre go leór airgid ’sa’ g-cúirt, agus ċuaiḋ an triúr aca le súil go ḃfuiġeaḋ siad-san mar fuair na bráiṫre.

“Nuair ċuadar asteaċ, ṫoisiġeadar ag blaoḋaċ (glaoḋaċ) “ḃḟuil aon duine ann so?” Ṫáinig Cronnán amaċ as ṡeómra, agus d’ḟiafruiġ, “creud tá siḃ ag iarraiḋ?” “Ṫancamar le carṫanas do ḋeunaṁ leat- sa,” ar sna sagairt. “Ṡaoil mé naċ raiḃ sa- gairt tugṫa d’innsint breug,” ar Cronnán, “Ṫáinig siḃ le súil go ḃfuiġeaḋ siḃ-se air- giod, mar fuair na bráiṫre boċta. Ḃí faitċios orraiḃ ṫeaċt, nuair ċuir na daoine fios orraiḃ, agus anois ní ḃfuiġiḋ siḃ cianóg mar ní fiú siḃ é.”

“Naċ ḃḟuil ḟios agad go ḃḟuil cúṁaċt againn le do ḋíbirt as an áit seó?” ar sna sagairt, “agus deunfamaoid úsáid de’n ċúṁaċta sin, muna mbéiḋ tu níos siḃialta [ 189 ]’ná tá tú.” “Ní’l beann agam-sa, air ḃúr g-cúṁaċta,” ar Cronnán, “tá níos mó de ċúṁaċta agam-sa ’ná tá ag an méad sa- gart atá i n-Éirinn.”

“Is breug atáir a’ ráḋ,” ar sna sagairt. “Feicfiḋ siḃ roinn ḃeag de m’ ċúṁaċta, anoċt,” ar Cronnán, “ní ḟágfaiḋ mé cleiṫ os ḃúr g-cionn, naċ ḃfuadóċaiḋ mé asteaċ ’san aḃainn úd agus dḟéudfainn siḃ ṁar- ḃaḋ le h-aṁarc mo ṡúile da dtógróċainn é. Geoḃaiḋ siḃ cleiṫeaċa ḃúr dtiġṫeaḋ ’san aḃainn air maidin amáraċ. Anois ná cuir aon ċeist eile orm, agus na bagair orm níos mó, no béiḋ sé níos measa ḋaoiḃ.”

Ṫáinig faitċios air na sagartaiḃ agus d’imṫiġeadar aḃaile, aċt níor ċreideadar go mbeiḋeaḋ a g-cuid tiġṫeaḋ gan ċleiṫ, roiṁ ṁaidin.

An oiḋċe sin, timċioll an ṁeoḋain-oiḋċe. ṫáinig sineán gaoiṫe, faoi ċleiṫeaċaiḃ tiġ- ṫeaḋ na sagart, agus d’ḟuaduiġ iad asteaċ ’san aḃainn os cóṁair na cúirte. Ní raiḃ cnáṁ annsna sagartaiḃ naċ raib ag craṫaḋ le faitċios, agus b’ éigin dóiḃ fosgaḋ ḟá- ġail i dtigṫiḃ na g-cóṁarsan go maidin.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫáinig na sagairt go dtí an aḃann os cóṁair na [ 190 ]cúirte, agus ċonnairc siad na cleiṫeaċa a ḃí air a g-cuid tiġṫeaḋ ag snáṁ ’san uisge. Ċuireadar fios air na bráiṫriḃ, agus d’iar- radar orra dul go Cronnán agus síoṫċán d’ḟuagraḋ, agus do ráḋ leis, naċ g-cuir- feaḋ siad níos mó de ṫrioblóid air. Ċuaiḋ na ḃráiṫre ċum na cúirte. Ċuir Cronnán fáilte orra, agus d’ḟiafruiġ creud do ḃíḋea- dar ag iarraiḋ. “Ṫáncamar ó na sagar- taiḃ, le síoṫċán d’ḟuagraḋ ort, ní ċuirfiḋ siad aon trioblóid ort níos mó.” “Is maiṫ ḋóiḃ sin,” ar Cronnán. “Tigiḋ liom anois, go ḃfeicfiḋ siḃ mé ag cur cleiṫ na dtiġ- ṫeaḋ air ais.” Ċuadar leis ċoṁ fada leis an aḃainn; ann sin ṡeid sé sineán as gaċ pol- láire. D’éiriġ cleiṫeaċa na dtiġṫeaḋ ċoṁ maiṫ a’s ḃíḋeadar nuair cuireaḋ suas iad i dtosaċ. Ḃí iongantas air na sagartaiḃ agus duḃairt siad le ċéile, “ Ní’l cúṁaċt na draoiġeaċta marḃ, ná díbirte as an tír fós.” Ó’n lá sin amaċ ní raċaḋ sagart ná duine air biṫ eile anaice le cúirt a’ Ċronnáin.

Bliaḋain anḋiaiġ báis Ṁáire ní Ċiara- ċáin, ḃí pátrún i g-Coillte-broncais. Ḃí fir óga go leór cruinniġṫe ann, agus ’nna me- asg ḃí Páidín mac Ṁáire ní Ċiaraċáin. [ 191 ]D’óladar uisge-beaṫa go raḃadar air mire. Nuair ḃíḋeadar teaċt aḃaile duḃairt Pái- dín o Ciaracáin, “Tá go leór airgid ’sa’ g-cúirt sin ṡuas, agus má tá meisneaċ agaiḃ tig linn a ḟáġail.” Mar ḃí an t-ól ionnta duḃairt dá reug (deug) aca, “tá meisneaċ againn agus raċamaoid go dtí an ċúirt.” Nuair ċuadar go dtí an doras duḃairt Páidín o Ciaraċáin, “Fosgail an doras no brisfimíd é.” Ṫáinig Cronnán amaċ agus duḃairt, “muna dtéiḋ siḃ abaile, cuirfeaḋ codlaḋ míosa orraiḃ.” Ṡaoileadar greim d’ḟáġail air Ċronnán, aċt ċuir sé sineán gaoiṫe as a ṗolláiriḋiḃ, agus d’ḟuadaiġ na fir óga go lios dar b’ ainm Lios-trom- neul, agus ċuir trom-ċodlaḋ orra agus neul mór os a g-cionn, agus ní’l ainm air an áit o ṡin amaċ aċt Lios-trom-neul.

Air maidin lá ais na ṁáraċ, ní raiḃ na fir óga le fáġail ’ḃus no ’ṫall agus ḃí brón mór ameasg an ṗobail. Ċuaiḋ an lá sin ṫart gan aon ċúntas ó na fearaiḃ óga. Duḃairt daoine gur b’ é Cronnán a ṁarḃ iad, mar ċonnairc daoine iad a’ dul ċum na cúirte. Ċuaiḋ aiṫreaċa agus máiṫreaċa na ḃfear óg ċum na m-bráṫair, agus ġuiḋ orra do ḋul go Cronnán, agus d’ḟáġail [ 192 ]amaċ uaiḋ cia an áit a raiḃ na fir óga, beó no marḃ.

Ċuaiḋ siad go Cronnán agus d’innis Cron- nan dóiḃ an cleas a ṡaoil na fir óga do ḋeunaṁ air, agus an niḋ do rinne sé leó. “Má ’s é do ṫoil, taḃair maiṫeaṁnas dóiḃ an t-am só,” ar sna ḃráiṫre, ḃíḋeadar air mire le h-uisge-beaṫa, agus ní ḃéiḋ siad cionntaċ arís.” “Air son siḃ-sé a iar- raiḋ orm, sgaoilfiḋ mé iad an t-am so, aċt má ṫágann siad arís cuirfiḋ mé codlaḋ seaċt mbliaḋain orra. Tar liom anois go ḃfeicfiḋ siḃ iad.”

“Is olc na coisiḋe sinn,” ar sna bráiṫre, “ḃeiḋmís a ḃfad a dul go dtí an áit ’nna ḃfuil siad.”

“Ni ḃéiḋ siḃ dá ṁóimid a’ dul ann,” ar Cronnán, “agus béiḋ siḃ air ais ’sa, mbaile ’san am ceudna.”

Ann sin ṫug sé amaċ iad, agus ċuir sineán gaoiṫe as a ḃeul, agus d’ḟuadaiġ go Lios- trom-neul iad’ agus ḃí sé féin ann sin ċoṁ luaṫ leó.

Ċonnairc siad an dá ḟear óg deug ’nna g-codlaḋ faoi neul annsan lios, agus ḃí iongantas mór orra. “Anois,” ar Cronnan, “cuirfead aḃaile iad.” Do ṡéid sé orra, [ 193 ]agus d’éiriġeadar mar eunlaiṫ ’san aér, agus níor ḃfad go raiḃ gaċ aon aca ’sa’ mbaile, agus na bráiṫre freisean, agus tig leat ḃeiṫ cinnte naċ ndeacadar go cúirt a’ Ċronnáin níos mó.

Ḃí Cronnán ’nna ċóṁnuiḋe annsan g-cúirt bliaḋanta ’nna ḋiaiġ sin. Aon lá aṁáin ċuaiḋ na bráiṫre air cuairt ċuige aċt ní raiḃ sé le fáġail. Deir daoine go ḃfuair na bráiṫre saiḋḃreas mór andiaiġ Ċron- náin. Faoi ċeann cúrsa aimsire ṫuit an ċleiṫ de’n ċúirt, mar ḃí faitċios air aon duine dul do ċóṁnuiḋe innti. Air feaḋ móráin bliaḋain ’nna ḋiaiġ sin, raċaḋ daoine míle ṫart ṫimċioll seal má (sul) raċaḋ siad anaice leis an tsean-ċúirt. Ní’l aċt roinn de na ballaiḃ le fáġail anois, aċt ní’l aon ainm air an tsean-ċúirt ó’n lá sin go dtí an lá so, aċt Cúirt a’ Ċronnáin.