Leabhar Sgeulaigheachta/Tobar Deire-an-Domhain

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Tobar Deire-an-Domhain
[ 194 ]

TOBAR DEIRE-AN-DOṀAIN.

A ḃfad ó ṡoin roiṁ aimsir Naoiṁ Pádraig, ḃí sean-ríġ i g-Connaċt agus triúr mac aige. Ḃí cos ṫinn ag an ríġ air feaḋ móráin bliaḋain, agus níor ḟeud sé aon leiġeas ḟáġail. Aon lá aṁáin ċuir sé fios air Ḋall glic a ḃí aige, agus duḃairt leis. “Tá me taḃairt tuarasdail duit-se le fiċe bliaḋain, agus ní ṫig leat innsint dam cad do leiġseóċaḋ mo ċos.”

“Níor iarr tu orm an ċeist sin roiṁe seó,” ar san Dall glic, “aċt innsim duit anois naċ ḃḟuil aon níḋ annsan doṁan le do leiġeas, aċt buideul uisge as tobar Deire-an-Doṁain.”

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ġáir (ġlaoḋ) an ríġ a ṫriúr mac agus duḃairt leó, “ní ḃéiḋ biseaċ air mo ċois go ḃḟáġ’ mé buideul uisge as tobar Deire-an-Doṁain, agus cia bé air biṫ ḋíḃ a ḃéarfas ċugam é, béiḋ mo ríoġaċt aige.”

“Imṫeóċamaid dá ṫóiruiġeaċt amáraċ,” [ 195 ]ar san triúr. B’é ainm an triúir mac Art Neart agus Ceart. Air maidin, lá air na máraċ, ṫug an ríġ sporán óir do gaċ aon aca, agus d’imṫiġeadar air siúḃal. Nuair ṫáncadar ċoṁ fada leis an g-cros-ḃóṫar duḃairt Art, “buḋ ċóir do gaċ aon dínn do ḋul bóṫar dó féin, agus má ṫágann aon dínn air ais roiṁ lá agus bliaḋain, fanaḋ sé go dtiucfaiḋ an ḃeirt eile ċuige, no cuireaḋ se cloċán suas mar ṁarc (coṁarṫa) go dtáinig sé air ais slán.”

Do sgaradar le ċéile, agus ċuaiḋ Art agus Neart go teaċ-ósda agus ṫoisiġeadar ag ól, aċt ċuaiḋ Ceart air aġaiḋ leis féin. Do ṡiúḃail sé an lá sin gan ḟios aige cá raiḃ sé a’ dul. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ċuaiḋ sé asteaċ i g-coill ṁóir agus ḃí sé dul air aġaiḋ go dtáinig sé go teaċ mór. Ċuaiḋ sé asteaċ agus d’ḟeuċ ṫart. Ní ḟacaiḋ sé aon duine aċt ċonnairc sé cat mór bán ’nna suiḋe le cois na teineaḋ. Nuair ċonnairc an cat é d’éiriġ sé agus ċuaiḋ asteaċ annsan t-seómra. Bí sé tuirseaċ agus ṡuiḋ sé ag an teine. Níor ḃfada gur ḟosgail doras an tseómra agus ṫáinig sean-ċailleaċ amaċ. “Ceud míle fáilte róṁad, a ṁic Ríġ Ċonnaċta,” ar san [ 196 ]ċailleaċ. “Cia an ċaoi ḃfuair tu eólas orm-sa?” ar san mac ríġ. “Is iomḋa lá maiṫ ċaiṫ me i g-caisleán d’aṫar-sa, i mBuiḋe-ṡaṁnaiḋ, agus tá eólas agam ort o rugaḋ ṫu,” ar san ċailleaċ.

Ann sin ġleus sí seire ḃreáġ ḋó agus ṫug dó é. Nuair d’iṫ agus d’ól sé a ṡáiṫ, duḃáirt sí leis, “rinne tu aistear fada andiú, tar liom go dtaisbéanfaiḋ mé leabuiḋ ḋuit. Ann sin ṫug sí go seómra breáġ é, ṫaisbéan leabuiḋ ḋo, agus ċuaiḋ an mac ríġ ’nna ċodlaḋ. Níor ṁúsgail sé go raiḃ an ġrian a’ teaċt asteaċ air na fuinneógaiḃ, an lá air na ṁáraċ. Ann sin d’éiriġ, agus ġleus é féin, agus ḃí a’ dul amaċ, nuair d’ḟiafruiġ an ċailleaċ dé, cia an áit a raiḃ sé dul. “Ní’l ḟios agam,” ar san mac ríġ, “d’ḟág me an baile le tobar Deire-an-Doṁain d’ḟáġail amaċ.” “Tá mise,” ar san ċailleaċ, “anḋiaiġ cuid ṁaiṫ d’áiteaċaiḃ do ṡiúḃal, aċt níor ċualaiḋ mé caint air ṫobar Deire-an-Doṁain ariaṁ roiṁe.”

D’imṫiġ an mac ríġ amaċ agus ḃí a’ siúḃal go dtáinig sé go ċros-ḃóṫar eidir ḋá ċoill. Ní raiḃ ḟios aige cia an bóṫar do raċaḋ sé. Ċonnairc sé suiḋeaċán faoi ḃonn crainn ṁóir. Nuair ċuaiḋ sé ċuige fuair [ 197 ]sé sgríoḃṫa, “Is é seó suiḋeaċán luċd-siúḃail.” Do ṡuiḋ an mac ríġ síos agus faoi ċeann móimid’ ċonnairc sé an ḃean buḋ ḃreáġa san doṁan a’ teaċt ċuige, agus í gleusta le síoda dearg, agus duḃairt sí leis, “ċualaiḋ mé go minic gur feárr do ḋul air aġaiḋ ’ná air g-cúl.” Ann sin d’imṫiġ sí as aṁarc, mar do ṡluigfeaḋ an talaṁ í. D’ éiriġ an mac ríġ agus ċuaiḋ air aġaiḋ. Ṡiúḃail sé an lá sin go raiḃ dorċadas na h-oiḋċe ag teaċt air, agus ní raiḃ ḟios aige cia an áit a ḃfuiġeaḋ sé lóistín. Ċonnairc sé solas i g-coill agus ṫarraing sé air. Ḃí an solas i dteaċ beag. Ni raiḃ bonn cleite amuiġ ná bonn cleite astíġ ann aċt aon ċleite aṁáin a ḃí ag congḃáil suas an tíġe. Ḃuail sé an doras agus d’ḟosgail sean-ċailleaċ é. “Go mbeannuiġ Dia ann so,” ar san mac ríġ. “Ceud fáilte róṁad, a ṁic Ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ,” ar san ċailleaċ. “Cia an ċaoi ḃfuair tu eólas orm-sa?” ar san mac ríġ. “S í mo ḋeirḃṡiúr d’ oil ṫu,” ar san ċailleaċ, “suiḋ síos go ḃfáġ’ mé seire réiḋ ḋuit.” Nuair d’iṫ agus d’ól sé a ṡáiṫ ċuir sí ’nna ċodlaḋ é go maidin. Nuair d’éiriġ sé ġuiḋ sé air Ḋia é do ṫreóruġaḋ i mbealaċ a leasa. “Cá [ 198 ]ḟad a raċas tu andiú?” ar san ċailleaċ. “Ní’l ḟios agam,” ars an mac ríġ, “tá mé tóruiġeaċt tobair Deire-an-Doṁain.” “Tá mise trí ċeud bliaḋain ann so,” ar san ċailleaċ, “agus níor ċualaiḋ mé caint air a leiṫeid d’áit roiṁe, aċt tá deirḃṡiúr agam níos sine ’ná mé féin, agus b’éidir go ḃḟuil eólas aici air. Seó ḋuit liaṫróid airgid, agus nuair raċas tu amaċ air an mbóṫar caiṫ róṁad í, agus lean í go dtágaiḋ tu go tíġ mo ḋeirḃṡiúra.”

Nuair ċuaiḋ sé amaċ air an mbóṫar ċait sé síos an liaṫróid, agus ḃí dá leanaṁaint go raiḃ an ġrian a’ dul faoi sgáil na g-cnoc.

Ann sin ċuaiḋ sé asteaċ i g-coill agus ṫáinig sé go doras tiġe ḃig. Nuair ḃuail sé an doras d’ḟosgail cailleaċ é agus duḃairt, “Ceud míle fáilte róṁad a ṁic ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ, a ḃí ag tíġ mo ḋeirḃṡiúra aréir. Rinne tu aistear fada andiú; suiḋ síos, tá seire réiḋ agam duit.” Nuair d’iṫ agus d’ól an mac ríġ a ṡáiṫ ċuir an ċailleaċ ’nna ċodlaḋ é, agus níor ṁúsgail sé go maidin. Ann sin d’ḟiafruiġ an ċailleaċ, “cá ḃḟuil tu dul?” “Ní maiṫ atá ḟios agam,” ar san mac ríġ, “d’ḟág [ 199 ]mé an baile le tobar Deire-an-Doṁain d’ḟáġail amaċ.” “Tá mise,” ar san ċailleaċ, “os cionn cúig ceud bliaḋain d’aois, agus níor ċualaiḋ me caint air an áit sin ariaṁ roiṁe, aċt tá dearḃráṫair agam agus má tá a leiṫeid d’ áit annsan doṁan béiḋ eólas aige uirri. Tá sé ’nna ċóṁnuiḋe seaċt g-ceud míle as an áit seó.” “Is fada an t-aistear é,” ar san mac ríġ. “Béiḋ tu an sin anoċt,” ar san ċailleaċ. Ann sin ṫug sí gearrán beag dó, timċioll toirt gaḃair. “Ní ḃéiḋ an beiṫeaċ sin ionánn mé d’iomċar,” ar san mac ríġ. “Fan go dtéiḋ’ tu a’ marcuiġeaċt,” ar san ċailleaċ. Ċuaiḋ an mac ríġ air an ngearrán agus as go bráṫ leis, ċoṁ tapa le teinteaċ.

Nuair ḃí an ġrian a’ dul faoi, an traṫnóna sin, ṫáinig sé go tíġ beag i g-coill. Ṫuirling an mac ríġ; ċuaiḋ an gearrán beag asteaċ agus níor ḃḟada go dtáinig sean duine liaṫ amaċ, agus duḃairt, “ceud míle fáilte róṁad a ṁic ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ, tá tu ag tóruiġeaċt tobair Deire-an-Doṁain.” “Táim go deiṁin,” ar san mac ríġ. “Is iomḋa fear maiṫ ċuaiḋ an bealaċ sin róṁad, aċt níor ṫáinig aon ḟear aca air [ 200 ]ais beó,” ar san sean duine, “aċt deunfaiḋ mé mo ḋíṫċioll duit-se; fan annso anoċt agus beiḋ spórt againn amáraċ.” Ann sin do ġleus se seire agus ṫug do’n ṁac riġ e, agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé, ċuir an sean duine ag codlaḋ é.

Air maidin lá air na ṁáraċ, dubairt an sean duine, “Fuair mé amaċ cá ḃḟuil tobar Deire-an-Doṁain, aċt is deaċair do ḋul ċuige, caiṫfimíd fáġail amaċ an ḃḟuil aon ṁaiṫ ionnad leis an lúb-teann. Ann sin ṫug sé an mac ríġ amaċ ’sa’ g-coill, ṫug lúb do, agus ċuir marc air ċrann dá ḟiċid slat uaiḋ, agus duḃairt leis a ḃualaḋ. Ṫarraing sé an lúb agus ḃuail an marc. “Deunfaiḋ tu an graiṫeaċ (gnó)” ar san sean duine. Ann sin ċuaiḋ siad asteaċ agus ċaiṫeadar an lá ag innsint sgeul. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ṫug an sean duine lúb agus punnann gaṫ geur dó, agus duḃairt, “Tar liom anois.” Ḃíḋeadar ag imṫeaċt go dtáncadar go h-aḃainn ṁóir. Ann sin duḃairt an sean duine, “Téiḋ air mo ḋruim,” agus snáṁfad ṫar an aḃainn leat, aċt, má ḟeiceann tu eun mór ag teaċt, marḃ é, no béiḋmíd caillte.”

Ann sin ċuaiḋ an mac ríġ air ḋruim an [ 201 ]tsean duine agus ṫoisiġ an sean duine ag snáṁ. Nuair ḃí siad i lár na h-aiḃne, ċonnairc an mac ríġ iolar mór ag teaċt agus a ġob fosgailte. Ṫarraing an mac ríġ lúb agus loit sé an t-iolar. “Ar ḃuail tu í?” ar san sean duine; “ḃuail mé í,” ar san mac ríġ, “aċt tá sí teaċt arís.” Ṫarraing sé an lúb an dara h-uair agus ṫuit an t-iolar marḃ. Nuair ṫáncadar go talaṁ duḃairt an sean duine, “Tamaoid air oileán ṫobair Deire-an-doṁain, tá an ḃainríoġan ’nna codlaḋ agus ní ḋúiseóċaiḋ sí go lá agus bliaḋain; ní ṫéiḋeann sí ’nna codlaḋ aċt aon uair aṁáin i seaċt mbliaḋnaiḃ. Tá leóṁan, agus uillṗéist ag faire ag geata an tobair, aċt téiḋeann siad ’nna g-codlaḋ ’san am ceudna leis an mbainríoġain, agus ní ḃéiḋ aon deaċras agad le dul go dtí an tobar. Seó ḋuit dá ḃuideul; líon ceann aca ḋuit féin agus an ceann eile ḋaṁsa, agus deunfaiḋ sé fear óg díom.”

D’ imṫiġ an mac ríġ, agus nuair ċuaiḋ sé suas ċoṁ fada leis an g-caisleán ċonnairc sé an leóṁan agus an uillṗéist, ’nna g-codlaḋ air gaċ taoiḃ de’n ngeata. Ann sin ċonnairc sé róṫa mór ag caṫaḋ suas uisge as an tobar, agus ċuaiḋ sé agus líon [ 202 ]sé an dá ḃuideul, agus ḃí a’ teaċt air ais nuair ċonnairc sé solas lonnraċ ’sa’ g-caisleán. D’ḟeuċ sé asteaċ tríd an ḃfuinneóig agus ċonnairc sé bord mór. Ḃí builín aráin, buideul, sgian, agus glaine air. Líon sé an ġlaine aċt níor laġduiġ se an buidéul.

Ḃreaṫnuiġ sé go raiḃ sgríḃín air an mbuideul agus air an mbuilín, agus léiġ sé air an mbuilín Arán Do’n Doṁan, agus air an mbuideul Uisge Do’n Doṁan. Ġearr sé píosa de’n mbuilín aċt d’ éiriġ sé níos mó ’ná ḃí sé. “Mo leun naċ ḃḟuil an builín agus an buideul sin ’sa’ mbaile” ar san mac ríġ, “agus ní ḃeiḋeaḋ ocarus ná tart air na daoiniḃ boċta.” Ann sin ċuaiḋ sé asteaċ i seómra mór agus ċonnairc sé an ḃainríoġan agus aon deug mná cóiḃdeaċ’ ’nna g-codlaḋ, agus cloiḋeaṁ an tsolais croċta os cionn na bainríoġna. Buḋ h-é a ḃí taḃairt solais don ċaisleán iomlán.

Nuair ċonnairc sé an ḃainríoġan, duḃairt sé leis féin, buḋ ṁaiṫ an ḃean dam í, agus d’ imṫiġ sé agus ṗós sé an ḃainrioġan, aċt níor ṁúsgail sise, ná aon dena mnáiḃ cóiḃdeaċ’. Ann sin fuair sé an cloiḋeaṁ an buideul agus an builín, agus ṫáinig sé do’n [ 203 ]tsean duine, aċt níor innis sé ḋó go raiḃ na neiṫe sin leis. “Cia an ċaoi ċuaiḋ tu air d’ aġaiḋ?” ar san sean duine. “Fuaireas an níḋ do ḃí me ’g iarraiḋ,” ar san mac ríġ. “An ḃfacaiḋ tu aon iongantas ó d’ḟág tu mé?” ar san sean duine. D’ innis an mac ríġ ḋó go ḃfacaiḋ se builín agus buideul agus cloiḋeaṁ iongantaċ. “Níor ḃain tu leó?” ar san sean duine, “seaċain iad, mar ḃéar- faḋ siad trioblóid ort. Tar air mo druim anois go dtiúḃraiḋ me ṫar an aḃainn ṫu.

Nuair ċuaiḋ siad go teaċ an tsean duine ċuir sé uisge as an mbuideul air féin agus rinne sé fear óg dé féin. Ann sin duḃairt sé leis an mac ríġ, tá mo ḋeirḃṡiúr agus mé féin saor o ḋraoiġeaċt, agus tá siad-san ’nná mnáiḃ óga. D’ḟan an mac ríġ ann sin, go raiḃ an ċuid is mó de ’n lá agus blia- ḋain imṫiġṫe. Ann sin ṫoisiġ sé an t-ais- tear aḃaile, aċt mo leun ní raiḃ an gearrán beag aige. Ṡiúḃail sé an ċeud lá go raiḃ dorċadas ag teaċt air. Ċonnairc sé teaċ mór. Ċuaiḋ sé go dtí an doras, ḃuail é, agus ṫáinig fear an tíġe ċuige. “An dtig leat lóistín do ṫaḃairt dam,” ar sé. “Tig,” ar fear an tíġe, “aċt ní’l aon tso- las againn.” “Tá solas agam féin,” ar [ 204 ]san mac ríġ. Ċuaiḋ sé asteaċ ann sin, ṫarraing an cloiḋeaṁ agus ṫug solas breáġ ḋóiḃ uile agus do uile ḋuine a ḃí air an oileán. Ann sin ṫugadar seire ṁaiṫ ḋó. agus ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ. Nuair ḃí sé ’g imṫeaċt air maidin, d’iarr an fear tíġe air i n-onóir Dé an cloiḋeaṁ d’ḟágḃáil aca, “O d’iarr tu é i n-onóir do Ḋia, tig leat é do ḃeiṫ agad,” ar san mac ríġ.

Ṡiúḃail sé an dara lá go raiḃ dorċadas a’ teaċt; ċuaiḋ sé go teaċ mór eile, ḃuail ag an doras, agus níor ḃḟada go dtáinig bean an tíġe ċuige, agus d’iarr sé lóistín. “Tig liom sin do ṫaḃairt duit,” ar fear an tíġe, “aċt ní’l braon uisge againn le biaḋ do ġleus duit.” “Tá neart uisge agam féin,” ar san mac ríġ. Ṫáinig sé asteaċ, ṫarraing amaċ an buideul, agus ní raiḃ soiṫeaċ ann san teaċ nar líon sé, agus fós ḃí an buideul líonta. Ann sin gleusaḋ biaḋ ḋó agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ. Air maidin, nuair ḃí sé ag imṫeaċt d’ iarr an ḃean tíġe air, i n-onóir do Ḋia an buideul d’ḟágḃáil aca. “Ó ṫarla gur iarr tu é a n-onóir do Ḋia,” ar san mac ríġ, “Ní ṫig liom d’ eiteaċ, mar ċuir mo ṁáṫair dam faoi geasaiḃ seal má [ 205 ](sul) fuair sí bás gan aon níḋ d’iarrfaḋ duine orm i n-onóir do Ḋia d’eiteaċ dá ḃfeudfainn é.” Ann sin d’ḟág sé an buideul aca. Ṡiúḃail sé an treas lá go raiḃ dor- ċadas ag teaċt agus ṫáinig sé go teaċ mór air ṫaoiḃ an ḃóṫair. Ḃuail sé ag an doras, ṫáinig an fear tíġe amaċ, agus d’iarr sé lóistín air. “Tig liom sin do ṫaḃairt duit agus fáilte, aċt tá brón orm naċ ḃfuil aon ġreim aráin agam duit.” “Tá neart aráin agam féin,” ar san mac ríġ. Ċuaiḋ sé as- teaċ, fuair sgian, agus ṫoisiġ ag gearraḋ an ḃuilín go raiḃ an bord líonta de ṗíosaiḃ aráin agus fós ḃí an builín ċoṁ mór a’s ḃí sé nuair ṫoisiġ sé. Ann sin ġleusadar seire ḋó, agus nuair d’iṫ sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ.

Nuair ḃí sé ’g imṫeaċt air maidin, d’iar- radar air i n-onóir do Ḋia, an builín d’ḟág- ḃáil aca, agus d’ḟág sé aca é. Anois ḃí na trí neiṫe imṫiġṫe uaiḋ.

Ṡiúḃail sé an ceaṫraṁaḋ lá go dtáinig sé go h-aḃainn ṁóir, agus ní raiḃ aon tslíġe aige le dul ṫairsi. Ċuaiḋ sé air a ġlú- naiḃ agus d’iarr air Ḋia coḃair do ċur ċuige. Faoi ċeann leaṫṁóimid’ ċonnairc sé an ḃean áluin a ċonnairc sé an lá a [ 206 ]d’ḟág sé teaċ na ceud-ċailliġe. Nuair ṫáinig sí i ngar dó duḃairt sí, “A ṁic Ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ ar éiriġ leat?” “Fuair mé an níḋ a ḃí mé a’ tóruiġeaċt,” ar san mac ríġ, “aċt ní’l ḟios agam cia an ċaoi a raċfaiḋ mé ṫar an aḃainn seó.” Ṫarraing sí amaċ méaracán agus duḃairt, “Is olc an lá d’ḟeicfinn mac d’aṫar gan ḃád. Ann sin ċaiṫ sí an meuracán ’san aḃainn agus rinne bád breáġ ḋé.

“Téiḋ asteaċ ’sa’ mbád sin anois, agus nuair raċfaiḋ tu an taoḃ eile, béiḋ eiċ (eaċ, capall) róṁad le do ṫaḃairt ċoṁ fada leis an g-cros-ḃoṫar ’n áit a d’ḟág tu do ḋear-ḃráiṫreaċa. Cuaiḋ an mac ríġ asteaċ ’sa’ mbád, agus níor ḃfad go raiḃ sé air an taoiḃ eile, agus ḃí eiċ (eaċ) bán ann sin roiṁe. Ċuaiḋ sé a’ marcuiġeaċt agus d’imṫiġ an t-eiċ ċoṁ tapa leis an ngaoiṫ. Timċioll an dó-deug a’ ċloig an lá sin, ḃí sé ag an g-cros-ḃóṫar. D’ḟeuċ an mac ríġ ṫart, aċt ní ḟacaiḋ sé na dearḃráiṫreaċa ná aon ċloċán, agus duḃairt sé leis féin “b’éidir go ḃfuil siad ag an teaċ-ósta.” Ċuaiḋ sé go dtí an áit sin, agus fuair Art agus Neart agus iad dá dtrian air meisge.

[ 207 ]D’ḟiafruiġeadar dé cia an ċaoi ċuaiḋ sé air aġaiḋ ó d’ḟág sé iad. Fuair mé amaċ tobar Deire-an-Doṁain agus tá an buideul uisge agam,” ar Ceart.

Ḃí Neart agus Art líonta d’eud, agus duḃairt siad le ċéile, “is mór an náire go mbeiḋeaḋ an ríoġaċt ag an mac is óige; “marḃfamaoid é, agus ḃéarfamaoid an buideul uisge dom’ aṫar,” ar Neart, “agus déurfamaoid gur sinn féin a ċuaiḋ go tobar Deire-an-Dóṁain.” “Ní’l mé leat ann sin,” ar Art, “aċt cuirfimíd air meisge é, agus bainfimíd an buideul dé. Creidfiḋ m’ aṫair ṫusa agus mise sul ċreidfiḋ sé ár ndear- ḃráṫair, mar tá tuairm aige maċ ḃḟuil ann aċt leaṫ-amadán.

Ann sin duḃairt sé le Ceart, “ó ṫárla go dtáncamar aḃaile slán saḃálta béiḋ deoċ againn seal má (sul) ṫéiḋmíd aḃaile.” Ġlaoḋ siad air ċárt biotáile agus ċuirea- dar iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air Ċeart an ċuid is mó ḋé d’ ól, agus ṫuit sé air meisge. Ann sin ḃaineadar an buideul uisge ḋé, ċuadar aḃaile, agus ṫugadar do’n ríġ é. Ċuir sé braon air a ċois, agus rinne sé í ċoṁ maiṫ agus ḃí sí ariaṁ.

Ann sin d’innis siad dó go raiḃ trioblóid [ 208 ]ṁór orra leis an mbuideul uisge d’ḟáġail, gur b’éigin dóiḃ faṫaiġ do ṫroid, agus do ḋul tré ḋainseur mór. “An ḃfacaiḋ siḃ Ceart air ḃúr mbealaċ?” ar san ríġ. “Ní ḋeacaiḋ sé níos faide ’ná an teaċ-ósda ó d’ḟág sé só,” ar siad-san, “agus tá sé ann anois, dall air meisge.” “Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann ariaṁ,” ar san ríġ, aċt ní ṫig linn a ḟágḃáil ann sin.” Ann sin ċuir sé seisear fear go dtí an teaċ-ósda, agus d’iomċar siad Ceart aḃaile.

Nuair ṫáinig sé ċuige féin, rinne an ríġ searḃḟóġanta ḋé, a ḋéunfaḋ uile obair ṡalaċ timċioll an ċaisleáin.

Nuair ḃí lá agus bliaḋain imṫiġṫe, ṁús- gail bainríoġan ṫobair Deire-an-Doṁain agus na mná cóiḃdeaċ’, agus fuair an ḃain- ríoġan mac óg le na taoiḃ.

Ḃí fearg ṁór air an mbainríoġain, ċuir sí fios air an leóṁan agus air an uill- ṗéist, agus d’ḟiafruiġ sí creud do ṫárla do’n iolar a d’ḟág sí ag cúṁdaċ an Ċais- leáin.

“Caiṫfiḋ sí ḃeiṫ marḃ, no ḃeiḋeaḋ sí ann so, nuair ṁúsgail tu,” ar siad.

“Tá mé sgriosta mé féin, agus na mná- cóiḃdeaċ’ millte, ar san ḃainríoġan agus [ 209 ]ní stopfaiḋ mé go ḃfáġ’ mé amaċ aṫair mo ṁic. Ann sin fuair sí a cóiste draoiġeaċta agus dá eilit faoi. Ḃí sí ag imṫeaċt go dtáinig s go dtí an ċeud ṫeaċ a ḃfuair an mac ríġ lóistín ann, agus d’ḟiafruiġ an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Duḃairt an fear tíġe, go raiḃ.

“Seaḋ !” ar san ḃainríoġan, “agus d’ḟág sé cloiḋeaṁ an tsolais ’nna ḋiaiġ, is liom- sa é, agus mur (muna) dtugaiḋ tu ḋam é go tapa, cuirfiḋ mé an teaċ bonn-os-cionn. Ṫugadar an cloiḋeaṁ dí, agus ċuaiḋ sí air aġaiḋ go dtáinig sí go dtí an dara ṫeaċ a ḃfuair sé lóistín ann, agus d’ ḟiafruiġ, an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Du- ḋairt siad léiṫe go raiḃ. “Seaḋ!” ar sise, “agus d’ḟág sé builín ’nna ḋiaiġ; taḃair dam é go tapa, leagfaiḋ mé an teaċ orraiḃ.” Ṫug siad dí an buideul, agus d’ imṫiġ sí go dtí an treas ṫeaċ, agus d’ ḟiafruiġ an raiḃ aon strainséar ann go déiġionaċ. Duḃairt siad go raiḃ. “Seaḋ!” ar sise, “agus d’ḟág sé builín an aráin ḃuain ’nna ḋiaiġ, is liom-sa é sin agus muna dtugaiḋ siḃ dam é go tapa marḃfaiḋ mé siḃ uile.”

Fuair sí an builín agus ḃí ag imṫeáċt go dtáinig sí go Caisleán Buiḋe-ṡaṁnaiḋ.

[ 210 ]Ṫarraing sí an cuaile-corraic, agus ṫai- nig an ríġ amaċ. “Ḃḟuil aon ṁac agad?” ar san ḃainríoġan. “Tá,” an san ríġ. “Cuir amaċ ann só é, go ḃfeicfiḋ mé é,” ar sise. Ċuir an ríġ Art amaċ, agus ḋ’ḟiaf- ruiġ sí ḋé “An raiḃ tu ag tobar Deire-an- Doṁain. “Ḃíḋeas,” ar Art. “An tu aṫair mo ṁic,” ar sise. “Creidim gur mé,” ar Art. “Béiḋ ḟios agam gan ṁoill,” ar sise. Ann sin ṫarraing sí dá ribe as a ceann, ċaiṫ anaġaiḋ an ḃalla iad, agus do rinneaḋ dréimire ḋíoḃ a ċuaiḋ suas go bárr an ċaisleáin. Ann sin duḃairt sí le h-Art, “má ḃí tu ag tobar Deire-an-Doṁain, “tig leat dul suas go bárr an ḋréimire sin,” ċuaiḋ Art suas leaṫ-ḃealaiġ; ann sin ṫuit sé agus briseaḋ a ċoróg. “Ní raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Doṁain,” ar san ḃainrío- ġan. Ann sin d’ḟiafruiġ sí de’n ríġ, “ḃḟuil aon ṁac eile agad?” “Tá,” ar san ríġ. “Taḃair amaċ é,” ar san ḃainríoġan. Ṫái- nig Neart amaċ, agus d’ ḟiafruig sí ḋé, “an raiḃ tu ag tobar Deire-an-Doṁain?” “Ḃíḋeas,” ar Neart. “Má ḃíḋis, téiḋ suas go bárr an ḋréimire sin,” ar san ḃainrío- ġan.

Ṫoisiġ sé a’ dul suas aċt ṫuit sé agus [ 211 ]ḃris sé a ċos. “Ní raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Doṁain,” ar san ḃainríogan. Ann sin d’ḟiafruiġ sí de’n ríġ an raiḃ aon ṁac eile aige, agus duḃairt an ríġ go raiḃ “aċt is leaṫ-amadán é,” ar seisean, “nár ḟág an baile ariaṁ.” “Taḃair ann so é,” ar san ḃainríoġan. Nuair ṫáinig Ceart, d’ ḟiafruiġ sí ḋé “ an raiḃ tusa ag tobar Deire-an-Domain?” “Ḃíḋeas,” ar Ceart, “agus ċonnairc mé ṫusa ann.” Téiḋ suas go bárr an ḋréimire sin, ar san ḃainríoġan. D’imṫiġ Ceart suas mar ċat, agus nuair ṫáinig sé anuas duḃairt sí, “Is tu an fear a ḃí ag tobar Deire-an-Doṁain, agus is tu aṫair mo ṁic.”

Ann sin d’ innis Ceart an cleas a rinne na dearḃráiṫreaċa air, agus ḃí an ḃainríoġan dul iad do ṁarḃaḋ, gur iarr Ceart párdún dóiḃ. Ann sin duḃairt an ríġ go mbeiḋeaḋ an ríoġaċt ag Ceart.

“Má ṗósann sé mise, béiḋ ríoġaċt aige níos feárr ’ná iomlán Éireann,” ar san ḃainríoġan. “Pósfad ṫu agus raċad leat go tobar Deire-an-Doṁain,” ar Ceart.

Ann sin ġleus an t-aṫair é, agus ċuir slaḃra óir faoi na ṁuineul. Ċuaiḋ sé asteaċ sa’ g-cóiste leis an mbainríoġain agus [ 212 ]d’imṫiġeadar go tobar Deire-an-Doṁain. Ċuir na mná cóiḃdeaċ’ fáilte mór roiṁ an mac ríġ agus ḃí gaċ aon aca ag iarraiḋ air í do ṗósaḋ.

D’ḟan sé ann sin bliaḋain agus fiċe, go ḃfuair an ḃainríoġan bás, agus ann sin ṫug sé a ḋa-ḋeug ċlanna-ṁac leis, agus ṫáinig aḃaile go Gailliṁ. Ṗós gaċ aon aca bean, agus is uaṫa ṫáinig dá-ṫreiḃ-deug ċondaé na Gailliṁe.

CRÍOCH.