Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/212

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

198

ḟad a raċas tu andiú?” ar san ċailleaċ. “Ní’l ḟios agam,” ars an mac ríġ, “tá mé tóruiġeaċt tobair Deire-an-Doṁain.” “Tá mise trí ċeud bliaḋain ann so,” ar san ċailleaċ, “agus níor ċualaiḋ mé caint air a leiṫeid d’áit roiṁe, aċt tá deirḃṡiúr agam níos sine ’ná mé féin, agus b’éidir go ḃḟuil eólas aici air. Seó ḋuit liaṫróid airgid, agus nuair raċas tu amaċ air an mbóṫar caiṫ róṁad í, agus lean í go dtágaiḋ tu go tíġ mo ḋeirḃṡiúra.”

Nuair ċuaiḋ sé amaċ air an mbóṫar ċait sé síos an liaṫróid, agus ḃí dá leanaṁaint go raiḃ an ġrian a’ dul faoi sgáil na g-cnoc.

Ann sin ċuaiḋ sé asteaċ i g-coill agus ṫáinig sé go doras tiġe ḃig. Nuair ḃuail sé an doras d’ḟosgail cailleaċ é agus duḃairt, “Ceud míle fáilte róṁad a ṁic ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ, a ḃí ag tíġ mo ḋeirḃṡiúra aréir. Rinne tu aistear fada andiú; suiḋ síos, tá seire réiḋ agam duit.” Nuair d’iṫ agus d’ól an mac ríġ a ṡáiṫ ċuir an ċailleaċ ’nna ċodlaḋ é, agus níor ṁúsgail sé go maidin. Ann sin d’ḟiafruiġ an ċailleaċ, “cá ḃḟuil tu dul?” “Ní maiṫ atá ḟios agam,” ar san mac ríġ, “d’ḟág