Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/213

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

199

mé an baile le tobar Deire-an-Doṁain d’ḟáġail amaċ.” “Tá mise,” ar san ċailleaċ, “os cionn cúig ceud bliaḋain d’aois, agus níor ċualaiḋ me caint air an áit sin ariaṁ roiṁe, aċt tá dearḃráṫair agam agus má tá a leiṫeid d’ áit annsan doṁan béiḋ eólas aige uirri. Tá sé ’nna ċóṁnuiḋe seaċt g-ceud míle as an áit seó.” “Is fada an t-aistear é,” ar san mac ríġ. “Béiḋ tu an sin anoċt,” ar san ċailleaċ. Ann sin ṫug sí gearrán beag dó, timċioll toirt gaḃair. “Ní ḃéiḋ an beiṫeaċ sin ionánn mé d’iomċar,” ar san mac ríġ. “Fan go dtéiḋ’ tu a’ marcuiġeaċt,” ar san ċailleaċ. Ċuaiḋ an mac ríġ air an ngearrán agus as go bráṫ leis, ċoṁ tapa le teinteaċ.

Nuair ḃí an ġrian a’ dul faoi, an traṫnóna sin, ṫáinig sé go tíġ beag i g-coill. Ṫuirling an mac ríġ; ċuaiḋ an gearrán beag asteaċ agus níor ḃḟada go dtáinig sean duine liaṫ amaċ, agus duḃairt, “ceud míle fáilte róṁad a ṁic ríġ Ċaisleáin Buiḋe-ṡaṁnaiḋ, tá tu ag tóruiġeaċt tobair Deire-an-Doṁain.” “Táim go deiṁin,” ar san mac ríġ. “Is iomḋa fear maiṫ ċuaiḋ an bealaċ sin róṁad, aċt níor ṫáinig aon ḟear aca air