Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/218

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

204

san mac ríġ. Ċuaiḋ sé asteaċ ann sin, ṫarraing an cloiḋeaṁ agus ṫug solas breáġ ḋóiḃ uile agus do uile ḋuine a ḃí air an oileán. Ann sin ṫugadar seire ṁaiṫ ḋó. agus ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ. Nuair ḃí sé ’g imṫeaċt air maidin, d’iarr an fear tíġe air i n-onóir Dé an cloiḋeaṁ d’ḟágḃáil aca, “O d’iarr tu é i n-onóir do Ḋia, tig leat é do ḃeiṫ agad,” ar san mac ríġ.

Ṡiúḃail sé an dara lá go raiḃ dorċadas a’ teaċt; ċuaiḋ sé go teaċ mór eile, ḃuail ag an doras, agus níor ḃḟada go dtáinig bean an tíġe ċuige, agus d’iarr sé lóistín. “Tig liom sin do ṫaḃairt duit,” ar fear an tíġe, “aċt ní’l braon uisge againn le biaḋ do ġleus duit.” “Tá neart uisge agam féin,” ar san mac ríġ. Ṫáinig sé asteaċ, ṫarraing amaċ an buideul, agus ní raiḃ soiṫeaċ ann san teaċ nar líon sé, agus fós ḃí an buideul líonta. Ann sin gleusaḋ biaḋ ḋó agus nuair d’ iṫ agus d’ ól sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé ’nna ċodlaḋ. Air maidin, nuair ḃí sé ag imṫeaċt d’ iarr an ḃean tíġe air, i n-onóir do Ḋia an buideul d’ḟágḃáil aca. “Ó ṫarla gur iarr tu é a n-onóir do Ḋia,” ar san mac ríġ, “Ní ṫig liom d’ eiteaċ, mar ċuir mo ṁáṫair dam faoi geasaiḃ seal má