194
TOBAR DEIRE-AN-DOṀAIN.
A ḃfad ó ṡoin roiṁ aimsir Naoiṁ Pádraig, ḃí sean-ríġ i g-Connaċt agus triúr mac aige. Ḃí cos ṫinn ag an ríġ air feaḋ móráin bliaḋain, agus níor ḟeud sé aon leiġeas ḟáġail. Aon lá aṁáin ċuir sé fios air Ḋall glic a ḃí aige, agus duḃairt leis. “Tá me taḃairt tuarasdail duit-se le fiċe bliaḋain, agus ní ṫig leat innsint dam cad do leiġseóċaḋ mo ċos.”
“Níor iarr tu orm an ċeist sin roiṁe seó,” ar san Dall glic, “aċt innsim duit anois naċ ḃḟuil aon níḋ annsan doṁan le do leiġeas, aċt buideul uisge as tobar Deire-an-Doṁain.”
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ġáir (ġlaoḋ) an ríġ a ṫriúr mac agus duḃairt leó, “ní ḃéiḋ biseaċ air mo ċois go ḃḟáġ’ mé buideul uisge as tobar Deire-an-Doṁain, agus cia bé air biṫ ḋíḃ a ḃéarfas ċugam é, béiḋ mo ríoġaċt aige.”
“Imṫeóċamaid dá ṫóiruiġeaċt amáraċ,”