Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/207

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

193

agus d’éiriġeadar mar eunlaiṫ ’san aér, agus níor ḃfad go raiḃ gaċ aon aca ’sa’ mbaile, agus na bráiṫre freisean, agus tig leat ḃeiṫ cinnte naċ ndeacadar go cúirt a’ Ċronnáin níos mó.

Ḃí Cronnán ’nna ċóṁnuiḋe annsan g-cúirt bliaḋanta ’nna ḋiaiġ sin. Aon lá aṁáin ċuaiḋ na bráiṫre air cuairt ċuige aċt ní raiḃ sé le fáġail. Deir daoine go ḃfuair na bráiṫre saiḋḃreas mór andiaiġ Ċron- náin. Faoi ċeann cúrsa aimsire ṫuit an ċleiṫ de’n ċúirt, mar ḃí faitċios air aon duine dul do ċóṁnuiḋe innti. Air feaḋ móráin bliaḋain ’nna ḋiaiġ sin, raċaḋ daoine míle ṫart ṫimċioll seal má (sul) raċaḋ siad anaice leis an tsean-ċúirt. Ní’l aċt roinn de na ballaiḃ le fáġail anois, aċt ní’l aon ainm air an tsean-ċúirt ó’n lá sin go dtí an lá so, aċt Cúirt a’ Ċronnáin.