Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/198

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

184

CÚIRT AN ĊRONNÁIN.

A ḃfad o ṡoin ṫáinig dream daoine uasal go h-aḃainn atá eidir ċondaé Ṁuiġ-Eó agus condaé Ros-Comáin, agus ṫoġ siad amaċ áit ḋeas dóiḃ féin air ḃruaċ na h-aiḃne, agus ċuireadar cúirt air bonn innti. Ni raiḃ ḟios ag duine air biṫ annsna bailtiḃ beaga ṫart timċioll cia an áit a dtáinig na daoine uaisle seó as. B’é Mac-Dóṁnail an t-ainm a ḃí orra. Ḃí na cóṁarsanna le fada gan carṫanas do ḋeunaṁ leó, go dtáinig pláiġ ṁór ḃí na daoine a’ fáġail ḃáis ’nna gceudtaiḃ.

Aon lá aṁáin ḃí aon ṁac baintreaḃaiġe boiċte a’ fáġail ḃáis leis an bpláiġ ṁill- tiġ, agus ni raiḃ braon bainne aici le na ṫeanga do ḟliuċaḋ. Ċuaiḋ sí go dtí an Ċúirt agus d’iarradar dí creud do ḃí sí ag iarraiḋ. D’innis sí ḋóiḃ go raiḃ an taon ṁac a ḃí aici a’ fáġail ḃáis leis an bpláiġ agus naċ raiḃ braon bainne aici le na ṫeanga ḟliuċaḋ. “Is cruaiḋ do ċás,” ar