Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

180

leabuiḋ ṫu.” Ann sin laḃair an fear marḃ agus duḃairt, “Is fear treun ṫu, agus ní ṁór (ní fuláir) duit no ḃeiḋeá marḃ.” “Cia ṁarḃfaḋ mé?” ar Dóṁnal. “Mise,” ar san fear marḃ, “níor ṫáinig aon ḟear ann so le fiċe bliaḋain nár ṁarḃ mé. Ḃḟuil ḟios agad an fear d’íoc ṫú, air son fana- ṁaint ann só?” “B’ḟear-uasal é,” ar Dóṁnal. “Is é mo ṁac-sa é,” ar san fear marḃ, “agus saoileann sé go mbéiḋ tusa marḃ air maidin; aċt tar liom-sa anois.”

Ṫug an fear marḃ é síos annsan tsoiléar, agus ṫaisbéan sé leac ṁór dó. “Tóig an leac sin, tá trí pota fúiṫi, agus iad líonta d’ór; is air son an óir do ṁarḃ siad mé, aċt ní ḃfuair siad an t-ór. Bíoḋ aon ṗota agad-sa, agus pota ag mo ṁac, agus an ceann eile roinn é air na daoiniḃ boċta.” Ann sin d’ḟosgail sé doras ’sa’ mballa agus ṫarraing amaċ páipeur, agus duḃairt le Dóṁnal, “taḃair é seó do mo ṁac, agus abair leis gur b’ é an buitléar do ṁarḃ mé air son mo ċod’ óir. Ní ṫig liom suaiṁneas ḟáġail go mbéiḋ sé croċta, agus má tá fiaḋ- nuise a’ teastál tiucfaiḋ mise taoḃ-ṡiar díot annsan g-cúirt gan ċeann orm, agus tig le huile ḋuine m’ḟeiceál. Nuair ḃéiḋ