177
raiḃ an crúisgín folaṁ. Ann sin duḃairt Dóṁnal, “is é d’am-sa le dul síos agus an crúisgín do líonaḋ.” Fuair an fear boċt an ċoinneal agus an crúisgín agus ċuaiḋ síos annsan tsoiléar. Ṫoisiġ sé ag tar- raing as ḃairille nuair ċualaiḋ sé guṫ ag ráḋ, “Is liom-sa an ḃairille sin.” D’ḟeuċ sé suas, agus nuair ċonnairc sé Colann- gan-ċeann leig sé do’n ċrúisgín agus do’n ċoinneal tuitim, agus as go bráṫ leis, suas ag Dóṁnal. “Cá ḃfuil an crúisgín agus an ċoinneal?” ar Dóṁnal. “O is beag naċ ḃfuil mé marḃ,” ar san fear boċt, “con- nairc mé fear gan ċeann le na ḋá ċois sgarṫa air an m-ḃairille, agus duḃairt sé go mbuḋ leis í.” “Ní ḋeunfaḋ sé aon ana- ċain ort,” ar Dóṁnal, ḃí sé ann sin nuair ċuaiḋ mise síos, éiriġ agus taḃair ċugam an crúisgín agus an ċoinneal.” “Ní raċfainn síos arís dá ḃfáġainn Éire gan roinn,” ar san fear boċt. Ċuaiḋ Dóṁnal síos, agus ṫug suas an crúisgín líonta. An ḃfacaiḋ tu Colann-gan-ċeann?” ar san fear boċt. “Connairc mé,” ar Dóṁnal, “aċt ni ḋearna sé aon doċar orm.”
Ḃíḋeadar ag ól go raḃadar leaṫ air meisge. Ann sin duḃairt Doṁnal, “tá sé