Jimín/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Broid a Ṁáṫar ar Jimín agus an bás a ṫug seisean don máistir
[ 9 ]

CAIBIDIL II

Broid a Ṁáṫar ar Jimín agus an bás a ṫug seisean don ṁáistir.

IS fada liom go mbead mór. B’ḟearr liom ná rud maiṫ go mbeinn mór fásta, mar ansan ní ḃeaḋ gaċ éinne sa ṁullaċ orm fé mar ḃíd siad anois.

Is cruaiḋ an saol a ḃíonn ag buaċaillí dem ṡaġas-sa—ní féidir linn faic a ḃarra a ḋéanaṁ ná bíonn duine éigin ag bagairt orainn ina ṫaoḃ. An lá fé ḋeireaḋ ḃuaileas gandal Ḃeit Móire sa leaṫċeann le cloiċ is do ġearán Beit lem Ṁam mé.

Nuair d’imiġ Beit aḃaile do ċeistiġ Mam mé féin. Ḋeineas mo ḋíċeall á ṁíniú ḋi naċ leis an ngandal a ḃíos ag caiṫeaṁ na gcloċ in ao’ċor aċ le Micilín Eoin, agus gurḃ aṁlaiḋ a ṫáinig an gandal sa tslí orainn. Aċ, a ṁic ó, rug Mam orm agus ṫug sí léasaḋ ḋom i dtaoḃ ḃeiṫ ag caiṫeaṁ cloċ in ao’ċor!

An gcualais riaṁ a leiṫéid sin? Deirim leat gur ḋíolas as an ngandal.

Ní stadann siad sa ḃaile aċ ag gaḃáil dom go mbíonn mo ċroí briste. Caiṫim an ṁóin a ḃreiṫ isteaċ agus an t-uisce, agus caiṫim prátaí an dinnéir a ṗiocaḋ sa tiġ amuiġ.

[ 10 ]Má ḃím, ansan, ag imirt ṗúiríní ḋom féin nó ag caiṫeaṁ cnaipí ar an spric, bíonn béic agus fiċe orm go mbíonn an ḃó ḃradaċ sa ċabáiste, agus caiṫim cur díom.

Ní dóiġ liom go mbeifí sásta gan an ḃó san a ḃeiṫ ag dul sa ġarraí mura mbeaḋ ċun aon rud eile aċ ċun Jimín boċt a ċrá. Ní ḟeadar-sa cad ċuige cuireaḋ máiṫreaċa ná aiṫreaċa ar ḃuaċaillí in ao’ ċor.

Aċ dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin ní ḃeinn i mbun bó ná gaṁain a ṫiomáint; ná ní ċoinneoinn an snáiṫín ċun é ṫoċrais; ná ní raġainn le circ ġoir go tiġ m’aintín; ná ní ḃeinn ag foġlaim ceaċtanna ar ċeann an ḃoird.

Níor ċráiġ riaṁ mé aċ na ceaċtanna cráite céanna. Ní ḃíonn aon dul uaṫu agam aon oíċe. “A Jimín,” adeir Mam gaċ oíċe liom, “ar scríoḃais do ċeaċt anoċt?”

Ṫriaileas aon turas aṁáin a rá nár ṫug an Máistir aon rud dúinn le déanaṁ sa ḃaile; aċ ’om briaṫar, a ṁic ó, gur ċuir sí ceist ar Ṁicilín Eoin anso ’muiġ agus do scéiṫ an spriosán orm.

Ní raiḃ ’ḟios agam aon ní gur ṫarraing Mam ċuici an tslat den ċúl-loċta agus ṫug fúm trasna na lurgan. Ní raiḃ agam-sa aċ cur díom suas ’on tseomra agus amaċ tríd an ḃfuinneoig i mbinn an tí.

Ċuas ansan ar lorg Ṁicilín Eoin, aċ ní ligfeaḋ eagla ḋó teaċt amaċ ċugam. D’iarras air teaċt amaċ ċun go mbrisinn a ṗus, aċ ní ṫiocfaḋ.

[ 11 ]

Ċuir an máistir gáire mór as

Ċuir an máistir gáire mór as

[ 12 ]Ansan ḃios ag glaoċ ‘peata’ agus ‘plieḋce’ agus ‘spiaire’ air.

Aċ do laḃair sé ṫar n-ais ċugam: ‘Oċ, ṁuise, a ḃuaċaillín ḃoiċt!’ ar seisean, ‘ar ḃuail do ṁaimí ṫú? Oċ, maimí dána!’ agus ḃí sé mar sin ag magaḋ fúm go raḃas ar néall buile ċuige.

D’ḟanas tamall maiṫ ann ag cur dúṡlán fé teaċt ṫar doras. Aċ, a ḋuine, ḋeineas dearmad. Ḃí a aṫair istiġ agus nuair a ċuala sé mise ṫáinig sé amaċ agus d’ḟóġair dom ḃeiṫ ag cur díom.

Cad a ḃeaḋ, lena linn sin, a ṁic ó, aċ Mam i gceann tí na mbó, agus ċuala sí é. Níor stad sí go ḃfuair sí an t-eolas go léir ar mo ġníoṁarṫa-sa.

Tar éis a ġearán a ḋéanaṁ d’imiġ Eoin leis agus nuair ḃí sé imiṫe ṫáinig Mam ċugam féin.

Ní maiṫ liom a insint duit cad a ṫit amaċ ina ḋiaiḋ sin—ḃeaḋ náire orm. Ḃí Micilín Eoin á rá leis na garsúin eile gur ḃain Mam an bríste díom, pé duine d’innis dó é, agus gur ġaiḃ sí orm. Nílim-se á rá gur ḋein; aċ tá’s agam go raḃas ċoṁ tinn sin san áit sin díom nár ḟéadas suí ar feaḋ trí lá.

Oċ, ṁuise, b’ḟearr Liom go mbeinn mór.


Agus ní measa Mam ċugam ná an Máistir. Ní ḃíonn stad air aċ ag cur ceisteanna crua orainn le réiteaċ gaċ aon lá—rudaí nár ġá bacaḋ leo mar ná bíonn siad i gceist in ao’ ċor. As a ċeann amaċ is ea a ċeapann sé [ 13 ]iad gan ġá gan riaċtanas. Bíonn sé scúite ċun ceisteanna a ċeapaḋ ċun sinn a ċur i bponc.

“Dá mbeaḋ ċeiṫre ċinn de ṁuca ar aonaċ ag duine agus dá ḃfaiġeaḋ sé ċúig puint seascad orṫu—an mór an ceann é sin?

Sin é an saġas ceisteanna a ḃíonn ag an Máistir. Cad dob áil leis an Máistir ná le héinne eile ḟiafraí an mór an ceann é sin? Má fuair duine óg puint ar ċeiṫre muca ná fágfaḋ an Máistir mar sin é agus gan ḃeiṫ ár gcrá-na mar ġeall ar an scéal. Aċ ní ḟágann—ní hé sin an saġas é.

Ar seisean linn-ne lá—ag léaṁ as leaḃar a ḃí sé—

"Capall ar sodar—raġaḋ sé deiċ míle in uair a ċloig: an mó míle ó ḃaile ḃeaḋ sé i gcionn ċeiṫre huaire fiċead?

Ḃuel, ní raiḃ ’ḟios agam-sa agus d’éiríos as. Ḃí cuid acu a ḋein é agus nuair a ṫáinig an Máistir ċoṁ fada liom-sa d’ḟéaċ sé orm.

“An aṁlaiḋ ná fuil ’ḟios aġaṫ é?” ar seisean.

“Níl ’ḟios, a Ṁáistir.” arsa mise.

Ansan ċuir sé na figiúirí ar an gclár duḃ.

”A ceaṫair fé ḋeiċ?” ar seisean.

“Sin a daċad.” arsa mise.

“A dó fé ḋeiċ?” ar seisean.

“Sin a fiċe,” arsa mé féin.

“Agus a ceaṫair?”

“Sin a ceaṫair fiċead,” arsa mise. Ċuir sé 240, ansan, síos.

“Anois an mó míle ó ḃaile a ḃeaḋ sé?” arsan Máistir.

[ 14 ]“N’ḟeadar,” arsa mise.

“Lean id ċeann cipín!” arsan Máistir. “ná tuigeann tú dá n-imíoḋ capall 10 míle in uair a ċloig go raġaḋ sé 240 míle i ġceiṫre huaire fiċead.”

“Ní raġaḋ,” arsa mise; “ċaiṫfeaḋ sé stad, nó ṫitfeaḋ sé leis an ocras, nó d’imeoḋ crú uaiḋ, nó raġaḋ cloċ ina ċrúib nó . . .”

“Éist do ḃéal,” arsan Máistir, agus olc air ċugam. “Sín amaċ do láṁ.”

Ṫarraing sé ḋá stiall de ṡlait ar mo laipín, a ṁic ó, a ċuaiġ trím ċroí, agus ċuir sé síos go bun na scoile mé nuair ḃíos ag gol.

Ḃíos i ḃfad ṫíos im ṡuí agus mé cráite go leor agus mo ċroí lán d’olc. Ḃíos ag cuiṁneaṁ ar an saġas báis ba ṁaiṫ liom a ṫaḃairt don Ṁáistir.

Ba ṁór an sásaṁ liom riṫ ċuige agus é ḃualaḋ deas agus clé, agus é ṫaċtaḋ agus a ċorp a ċaiṫeaṁ i bpoll portaiġ agus cloċ ṁór ceangailte dá ṁuineál.

Nuair ċuiṁníos ar an gcapall úd a ḃí sa leaḃar aige a raġaḋ an 240 míle in aon ló, ċeapas go gceanglóinn an Máistir dó agus go scaoilfinn leis, gan srian gan aḋastar, agus é ag imeaċt 240 míle gaċ aon ċúig neomataí, riaṁ is ċoíċe go dtiocfaḋ sé go bruaċ na faille agus go dtitfidís araon síos, síos, síos go ndéanfaí iad a smiotaḋ ina smidríní ṫíos ar na cloċa i slí ná beaḋ ’ḟios ag éinne cé acu smut de ċapall nó smut de Ṁáistir aon smut acu seaċas a ċéile.

[ 15 ]Ba ṁór an sásaṁ liom an socrú san a ḃeiṫ déanta agam ar an Máistir, agus ansan ḃíos ag scríoḃaḋ ceisteanna ċun é ċur i bponc:


Ceisteanna ar an Máistir—

Dá mbeaḋ capall ann a raġaḋ 240 míle in aon ló, an mó míle raġaḋ an capall céanna i dtrí ċéad blian?
Má fuair Taḋg Mór £59-16-11¾ ar ṫrí cinn de ċaoire ar aonaċ an Daingin, cad a ġeoḃaḋ an Máistir ar an gcapall úd a ċuaiġ 240 míle i gceiṫre huaire fiċead?
An mó cruaċ ṁóna ḋéanfaḋ mála súiṫe?


Ḃíos ag gáirí liom féin leis an sult agus níor ḃraiṫeas faic go raiḃ an Máistir laistiar díom agus scearta mór gáire curṫa aige as. Rug sé ar an bpáipéar uaim agus léiġ sé don scoil ar fad é!

Ḃí an scoil go léir ag gáirí.

Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire. Ḃí béal mór ar Ṁicilín Eoin ag magaḋ fúm. Dúras leis fanaċt go mbeirinn air tar éis na scoile.

Do ċroċ an Máistir mo ṗáipéar boċt ar an ḃfalla mar áḃar spóirt.

Deirim leat go raḃas buíoċ nár scríoḃas síos ann an bás úd a ṫugas dó!