Jimín/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Mar ṫáinig Jimín ar an saol is mar ċuir sé dúil i gcíste milis
[ 5 ]

Jimín


CAIBIDIL I

Mar ṫáinig Jimín ar an saol is mar ċuir sé dúil i gcíste milis.

An Máistir adúirt liom é seo a scríoḃ’. Cúntas a scríoḃ’ mar ġeall orm féin—sin é adúirt sé a ḃí uaiḋ. Ní ḟeadar cad ab áil leis dá leiṫéid sin.

Aċ tá sé ċoṁ maiṫ agam tosnú ar an gcúntas úd. Ní ḟeadar i gceart cá dtosnoḋ. Dúirt an Máistir liom m’ainm a ċur síos ar dtúis; aċ ní féidir dom anois é ċur síos ar dtúis mar tá barr an ṗáipéir seo lán.

Cuirfead anso é: Jimín Ṁáire Ṫaiḋg. Is mise Jimín. Tá ainm eile, leis, orm: Séamas Ó Breasail. Sin é an ainm atá ar mo Ḋaid; aċ ní ṫugann éinne a ainm sin orm-sa aċ ainm mo Ṁam. Sí Máire Ṫaiḋg mo ṁáṫair, tá’s agat.

Is iontaċ an duine Mam. Bíonn eagla orainn go léir roimpi. Tá sí ina máistir ar an dtiġ. Ní ḃeifeá cúig neomataí inár dtiġne nuair a ḃeaḋ ḟios agat gurab í Mam bun agus barr gaċ aon ní. Sin é cúis go ḃfuil Jimín Ṁáire Ṫaiḋg orm-sa.

[ 6 ]Rugaḋ mé fad ó—fad ó. Ní cuiṁin liom-sa caṫain aċ deir Sean-Ḃriġid go ḃfuil trí bliana déag ó ṡin ann. Sean-Ḃriġid féin a fuair me sa ḃfeamnaiġ ar ḃarra-taoide.

Ḃí sceitimíní orṫu go léir im ṫaoḃ. Ḃíos ag béiciġ ar mo ḋíċeall. Ṫagaḋ mná an ḃaile go léir isteaċ agus ḃídís ag féaċaint orm.

“Is breá an t-uċtaċ atá aige, bail ó Ḋia ar an leanḃ!” adeireaḋ Peig Neans.

“’Ṁuiricín!” adeireaḋ Síle Eoin, “naċ baileaċ a ṫug sé ḋá ṡúil Ṡeana-Ṫaiḋg leis?”

“Grá Dé, ’óinsiġ!” adeireaḋ Máire Aindí, “an caoċ ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalaċ cruṫanta é. Naċ ṡin iad ḋá ṡúil ’aṫar aige, agus an geannc beag sróna?”

“Gaiḃim-se orm gur lena ṁáṫair atá dealraṁ aige,” adeireaḋ Síle.

“Nárab eaḋ;” adeireaḋ Máire Aindí, “sé ’aṫair ina ċruṫ aonair é.”

Ḃí na mná ag éirí mí-ṡásta lena ċéile gur laḃair Beit Ṁór agus ḋein spior-spear den scéal.

“Pé duine gur dealraiṫeaċ leis é,” ar sise, “is caiṫiseaċ an leanḃ é, bail ó Ḋia air.”


Ní cuiṁin liom-sa na rudaí sin do ṫitim amaċ in ao’ ċor. Sean-Ḃriġid d’innis dom iad. Sí ḃí ag taḃairt aire ḋom agus mé an-ḃeag do réir dealraiṁ, mar is í ṫug ċucu mé an ċéad lá.

Na rudaí beaga go léir a ṫugann Sean-Ḃriġid léi ní ḃíonn aon ċaint acu ná ní ḟéadfaidís riṫ ná siúl!

[ 7 ]Ní dóiġ liom go raḃas-sa riaṁ mar sin. Ḃí caint mo ḋóṫain riaṁ agam—an iomad adeir mo Ṁam. Níl aon leiġeas agam air. Bíonn rudaí istiġ ionam agus ní ḟanfaidís socair gan iad a rá. Mura liginn amaċ iad do ḃeaḋ tinneas orm acu, agus is dóċa go ḃfaiġinn bás.

Agus tá riṫ maiṫ agam, leis. Rugas ar an ngaṁain ḃán inné; agus rugas na cosa óm Ṁam nuair a ṫug sí seáp im ḋiaiḋ i dtaoḃ an ċíste uaċtair a iṫe!

Tá’s agat, ḃí súil aici an tráṫnóna san le hinín Ṁáire Aindí ḃí tar éis teaċt aḃaile ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ, agus ḋein sí císte uaċtair ina coṁair, agus ċuir sí dorn rísíní ann agus siúcra rua. D’ḟág sí ag fuaraḋ é ar ḃonn an driosúir.

Ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann nuair a fuaireas an bolaḋ breá go léir uaiḋ, agus nuair d’imiġ mo Ṁam in airde staiġre ḃaineas oiread a’ frí’ as an gcíste.

Ṁeasas go ḃfaiġinn bás ḃí sé ċoṁ milis sin! agus, ’om briaṫar, ḃíos ó smut go smut go raiḃ bearna ṁór déanta agam isteaċ sa ċíste uaċtair. Ḃíos scúite ċuige, a ḋuine!

Nuair a ċualas Mam ag teaċt anuas an staiġre ċuireas díom amaċ agus ḃíos ag cur ḋá ġaṁain le Donnċa Beag as an mbuaile. Ċualas Mam ag caint istiġ.

Ṫáinig sí ’on doras. “’Jimín!” ar sise, agus ní go gráṁar é.

“Geo’-se ’maċ!” arsa mise leis na gaṁna.

“’Jimín, adeirim leat,” ar sise arís.

[ 8 ]Do ḃí, an dtuigeann tú, fonn agus faitíos orm féin agus níor ḟéadas m’aigne a ṡocrú tapaiḋ mo ḋóṫain.

Níor ḋein san dom ṁáṫair é. Ṫug sí sciúird fúm. Ḃí fiar-ṡúil agam-sa ar an ndoras ar feaḋ na haimsire—ḃí droċ-iontaoiḃ agam aisti, a ḋuine—agus ċonac ċugam í.

As go ḃráṫ liom, a ṁic ó, agus mé ag caiṫeaṁ grin óm ṡálaiḃ! Lean sí tamall mé aċ ḃíos-sa ag breiṫ liom uaiṫi! B’éigean di éirí as an ḃfiaċ.

Tríd an ḃfuinneoig a ċuas isteaċ aḃaile ina ḋiaiḋ sin agus ḃíos sa leaba nuair a ṫáinig Mam am ċuardaċ arís. Do ḃíos im ċodlaḋ mar ḋea nuair d’ḟéaċ sí isteaċ mar a raḃas. Níor ḋein san do Ṁam é.

“An ndúrais do ṗaidreaċa?” ar sise.

Naċ maiṫ ḃí a ḟios aici gur ḋearmadas an oíċe sin iad leis an meascán mearaí ḃí orm.

B’éigean dom preabaḋ amaċ arís agus dul ar mo ḋá ġlúin agus iad a rá.


Ní ṫáinig Mam agus mé féin ċun muintearṫais lena ċéile go ceann seaċtaine tar éis an císte d’iṫe. Níor ġá leaṫ an ṁurdail. Nár ċeart císte milis a ṫaḃairt do ḃuaċaill boċt a ḃíonn sa ḃaile i gcónaí ċoṁ maiṫ is taḃarfaí d’inín Ṁáire Aindí é toisc í ṫeaċt aḃaile ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ?