Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
6
JIMÍN

Rugaḋ mé fad ó—fad ó. Ní cuiṁin liom-sa caṫain aċ deir Sean-Ḃriġid go ḃfuil trí bliana déag ó ṡin ann. Sean-Ḃriġid féin a fuair me sa ḃfeamnaiġ ar ḃarra-taoide.

Ḃí sceitimíní orṫu go léir im ṫaoḃ. Ḃíos ag béiciġ ar mo ḋíċeall. Ṫagaḋ mná an ḃaile go léir isteaċ agus ḃídís ag féaċaint orm.

“Is breá an t-uċtaċ atá aige, bail ó Ḋia ar an leanḃ!” adeireaḋ Peig Neans.

“’Ṁuiricín!” adeireaḋ Síle Eoin, “naċ baileaċ a ṫug sé ḋá ṡúil Ṡeana-Ṫaiḋg leis?”

“Grá Dé, ’óinsiġ!” adeireaḋ Máire Aindí, “an caoċ ataoi? Ná feiceann tú gur Breasalaċ cruṫanta é. Naċ ṡin iad ḋá ṡúil ’aṫar aige, agus an geannc beag sróna?”

“Gaiḃim-se orm gur lena ṁáṫair atá dealraṁ aige,” adeireaḋ Síle.

“Nárab eaḋ;” adeireaḋ Máire Aindí, “sé ’aṫair ina ċruṫ aonair é.”

Ḃí na mná ag éirí mí-ṡásta lena ċéile gur laḃair Beit Ṁór agus ḋein spior-spear den scéal.

“Pé duine gur dealraiṫeaċ leis é,” ar sise, “is caiṫiseaċ an leanḃ é, bail ó Ḋia air.”


Ní cuiṁin liom-sa na rudaí sin do ṫitim amaċ in ao’ ċor. Sean-Ḃriġid d’innis dom iad. Sí ḃí ag taḃairt aire ḋom agus mé an-ḃeag do réir dealraiṁ, mar is í ṫug ċucu mé an ċéad lá.

Na rudaí beaga go léir a ṫugann Sean-Ḃriġid léi ní ḃíonn aon ċaint acu ná ní ḟéadfaidís riṫ ná siúl!