“N’ḟeadar,” arsa mise.
“Lean id ċeann cipín!” arsan Máistir. “ná tuigeann tú dá n‑imíoḋ capall 10 míle in uair a ċloig go raġaḋ sé 240 míle i ġceiṫre huaire fiċead.”
“Ní raġaḋ,” arsa mise; “ċaiṫfeaḋ sé stad, nó ṫitfeaḋ sé leis an ocras, nó d’imeoḋ crú uaiḋ, nó raġaḋ cloċ ina ċrúib nó…”
“Éist do ḃéal,” arsan Máistir, agus olc air ċugam. “Sín amaċ do láṁ.”
Ṫarraing sé ḋá stiall de ṡlait ar mo laipín, a ṁic ó, a ċuaiġ trím ċroí, agus ċuir sé síos go bun na scoile mé nuair ḃíos ag gol.
Ḃíos i ḃfad ṫíos im ṡuí agus mé cráite go leor agus mo ċroí lán d’olc. Ḃíos ag cuiṁneaṁ ar an saġas báis ba ṁaiṫ liom a ṫaḃairt don Ṁáistir.
Ba ṁór an sásaṁ liom riṫ ċuige agus é ḃualaḋ deas agus clé, agus é ṫaċtaḋ agus a ċorp a ċaiṫeaṁ i bpoll portaiġ agus cloċ ṁór ceangailte dá ṁuineál.
Nuair ċuiṁníos ar an gcapall úd a ḃí sa leaḃar aige a raġaḋ an 240 míle in aon ló, ċeapas go gceanglóinn an Máistir dó agus go scaoilfinn leis, gan srian gan aḋastar, agus é ag imeaċt 240 míle gaċ aon ċúig neomataí, riaṁ is ċoíċe go dtiocfaḋ sé go bruaċ na faille agus go dtitfidís araon síos, síos, síos go ndéanfaí iad a smiotaḋ ina smidríní ṫíos ar na cloċa i slí ná beaḋ ’ḟios ag éinne cé acu smut de ċapall nó smut de Ṁáistir aon smut acu seaċas a ċéile.