Jimín/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Scéal na gcnaipí i mbríste Jimín is mar d’ḟógair Cáit sos coṁraic
[ 16 ]

Caibidil III

Scéal na gcnaipí i mbríste Jimín is mar d’ḟógair Cáit sos coṁraic.

N ait na rudaí gearrċailí. Ní ḃíonn aon ṁaiṫ iontu ċun aon ní aċ ċun screadaí nuair ḋéanfá aon ní leo.

Tá ceann acu sa tiġ againn-ne: Cáit. Deirfiúr dom is ea í agus is óige í ná mise. Tá sí ina peata ag Mam, agus ní ḃíonn sí á bualaḋ mar ḃíonn sí am ḃualaḋ-sa, agus ní ceart é sin. Is fearr mise ná Cáit ar gaċ aon tsórt slí, aċ cad é an ṁaiṫ sin—ní ḟaiġim-se aon ní ó Ṁam aċ an tslat agus ġeiḃeann Cáit peataireaċt.

Má ḋéanann Cáit aon rud as an slí ní ṫugann mo ṁáṫair di aċ scríob dá teangain. Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Dá mba mar sin a ḋéanfaḋ Mam liom-sa é naċ agam a ḃeaḋ an saol breá!

Aċ níl aon ṁaiṫ i gCáit. Deir mo ṁáṫair liom ḃeiṫ ag imirt léi, agus bím, uaireanta. N’ḟéadfaḋ sí aon léim a ċaiṫeaṁ, a ḋuine, ná níl aon ṁaiṫ ċun reaṫa inti. Ḃí cnaipí deasa aici gus dúras léi imirt, agus do ḃuas uaiṫi na cnaipí go léir a ḃí sa ḃosca aici!

[ 17 ]Ċrom sí ar ġol, a ṁic ó! agus níor ṫeastaiġ uaiṫi iad a ṫaḃairt dom in ao’ ċor, aċ ḃaineas di iad. Aċ, a ḋuine! ṫarraing sí an tiġ orm leis an screadaiġ; agus nuair ṫáinig Mam ḃain sí gaċ aon ċnaipe acu ḋíom; agus ḃain sí mo ċuid féin, leis, díom a ḃí ar ċórda agam.

D’ḟiafraiġ sí ḋíom cá ḃfuaireas iad go léir. D’inseas di gur ḃuas ó na buaċaillí eile ar scoil iad—agus do ḃuas, leis.

Aċ níor ṡásaiṁ san Mam gan féaċaint ar mo ḃríste. Ní raiḃ cnaipe ann agam aċ trí puill déanta agam ann agus na guaileáin greamaiṫe le ḋá ḃuaircín aḋmaid aġus tairne trí n-órlaċ!

Ḋein Mam beart náireaċ orm ansan. Ċuir sí iaċall orm an dá ċipín agus an tairne a ċaiṫeaṁ uaim agus an bríste ċoinneáil suas lem ḋá láiṁ. Ċaiṫeas trí lá mar sin go raiḃ mo ċroí briste.

Aċ níorḃ é sin a ċuir an straiḋn ar fad orm aċ Micilín Eoin ag magaḋ fúm. Ní ḟéadfainn riṫ ina ḋiaiḋ, tá’s agat, agus ċráiġ sé mé.

An tríú lá ċuas go dtí Mam. “A Ṁam,” arsa mise, “cuir isteaċ na cnaipí ḋom, má-má-má sé do ṫoil é. Ní ġearrfad amaċ aon ċeann go bráċ arís.”

D’ḟéaċ sí orm. Ḃí sí ag iarraiḋ a ḋéanaṁ amaċ cad é an fuadar a ḃí fúm.

“Á! déan, a Ṁaimí,” arsa mise, “agus bead im buaċaillín maiṫ.”

“Um-m-m.” ar sise. “n’ḟeadar ’on tsaol cad é an t-aṫrú so ’teaċt ort. Mar sin féin [ 18 ]cuirfead isteaċ iad; aċ má ḃíonn sé den tubaist ort go gcuirfir scian ar aon ċeann eile acu bainfead an craiceann díot.”

An ḟaid a ḃí sí ag cur na gcnaipí isteaċ ḃí sí am ċroṫaḋ mar ḋéanfaḋ madra le francaċ.

“Sea, ’miġ ort anois,” ar sise, nuair ḃíodar istiġ aici agus na guaileáin i ḃfearras arís orm.

Do ḃuaileas an doras amaċ ġo breá bog agus síos an ḃuaile agus mo ḋá láiṁ i bpócaí mo ḃríste aġam á ċoinneáil suas, mar ḋea. Ní fada ċuas nuair ċonaic Micilín Eoin arís mé agus seo ċugam é, agus draid air ag magaḋ fúm.

“Bríste-ar-ḃois!” ar seisean. “Bríste-ar-ḃois! Hí-ú! Hí-ú!”

Ṫeastaiġ uaim é ṁeallaḋ in aice liom. “Caiṫ crúistín nó cloċ liom agus tarraing ort mé,” arsa mise.

“Caiṫfead, a Ḃríste-ar-ḃois,” ar seisean, agus ċrom sé síos ċun rud éigin d’ḟáil a ċaiṫfeaḋ sé liom. Sin é an uair a ṗreabas ċuige. Nuair a ċonaic sé ag teaċt mé, agus gan aon láṁ in aon ṗóca liom, ċuir sé béic as agus siúd leis agus é aġ screadaiġ.

Ṫángas suas leis agus ṫugas cor coise ḋó, agus ṡíneas ar an dtalaṁ é. Ṡuíos anuas air ansan agus ṡáiṫeas a ṡrón síos sa talaṁ.

“Abair ‘Bríste-ar-ḃois’ anois, a Ṁicilín,” arsa mise, agus ċuireas dorn cré síos laistiġ dá léine. “Hop, a ċapaillín,” arsa mise leis agus mé síos, suas ar a ḋrom.

[ 19 ]Ḃaineas sásaṁ mo ċroí as agus ḃí an-spórt agam air go ceann tamaill.


Sin é uair a ṫáinig Cáiṫ agus loit sí an spórt orm.

“Ó! faire, mo náire, ’Jimín,” ar sise, agus d’ḟéaċ sí orm agus a ḋá súil ṁóra ag cromaḋ ar ġol.

Dar fia, a ḋuine, do stadas. D’imiġ an spórt as an scéal dom ar ċuma éigin.

“Mo náire é an bullaí mór,” ar sise liom.

’Om briaṫar, a ṁic ó, go dtáinig náire orm féin. N’ḟeadar in ao’ ċor cad ina ṫaoḃ. D’éiríos de Ṁicilín agus ná feadar cad a ḃíos a ḋéanaṁ.

Nuair d’éiriġ sé sin ḃí sé ag gol agus ḃí sé salaċ ón laṫaiġ. Ċuaiġ Cáit anonn ċuige agus ḃí sí ag féaċaint air; ansan d’ḟéaċ sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ġoil sí agus í ag iarraiḋ casóg Ṁicilín a ġlanaḋ le sliogán ruacan.

N’ḟeadar cad a ṫáinig orm féin. Ḃí náire orm. Níor ḟan aon ṁeas agam orm féin. Ṫaḃarfainn aon rud dá ḃféadainn an rud a ḋeineas le Micilín a ċur ar neaṁ-ní. Níor lú liom aon duine ar an saol ar an neomat san ná Jimín Ṁáire Ṫaiḋg.

Ḃí Cáit ag glanaḋ leis an sliogán agus Micilín ag coinneáil na casóige ḋi agus iad araon ag gol.

Ḃí sé déanta agam sar ar ṫuigeas cad a ḃí ar siúl again. Ċuas anonn ċuca aġus rugas ar an sliogán uaiṫi agus ṫosnuíos ar scríobaḋ.

[ 20 ]“Mo ġrá ṫú, ’Jimín,” arsa Cáit.

Ní ḟéadfainn aon ḟocal a rá. Ṫáinig rud éigin ait im scórnaiġ agus im ṡúile agus ḃíos ar mo ḋíċeall d’iarraiḋ gan gol, aċ do riṫ deoir ṁór anuas ar feaḋ na sróna agam agus ansan riṫeadar go léir anuas. Ní dúras aon ní aċ ċonaic Cáit mé agus riṫ sí anall ċugam agus ċuir sí a láṁ orm.

“Maiṫ an buaċaill ṫú, a ḋearṫáirín,” ar sise, agus ṫirimiġ sí mo ṡúile leis an mbib a ḃí uirṫi.

Do ḃíos ar mo ḋíċeall ag glanaḋ Ṁicilín agus ná stadfainn ar ċapall nó go stadfaḋ an fonn goil a ḃí orm. Do stad fé ḋeireaḋ nuair ḃí an laṫaiġ ar fad scríobṫa.

Ansan do ġáir Cáit. “An ndéanfaiḋ siḃ muintearṫas anois?” arsan cleasaí. D’ḟéaċas féin ar Ṁicilín.

“Déanfad,” arsa mise.

“Déanfad-sa, leis,” arsa Micilín.

“Agus ní ḃeiḋ siḃ ag troid níos mó?” arsa Cáit.

“Ní ḃeimid, a Ċáit,” arsa sinn-ne.

“Ná ní ṫaḃarfaiḋ siḃ ainmneaċa gránna ar a ċéile?”

“Ní ṫaḃarfam,” arsan dá amadáinín.

Ansan do ġáir Cáit agus ṫáinig sí eadrainn istiġ agus rug sí ar ḋá ṁuinċille orainn. “Riṫimis,” ar sise.

As go bráċ linn araon agus sinn ag tarraing Cáit inár ndiaiḋ agus sinn go léir ag gáirí. Ḃuail máṫair Ṁicilín linn agus d’ḟéaċ sí ar a ċuid éadaiġ.

[ 21 ]“Cad a ṡailiġ ṫú? ” ar sise, agus d’ḟéaċ sí go haṁrasaċ orm féin.

“Is aṁlaiḋ … is aṁlaiḋ a ṫiteas agus mé ag … ag rás le Jimín a ṁáṫair.” Ḃí an droċ-aṁras aici orm.

“Agus cad a leag ṫú?” ar sise, agus í ag cur na súl tríom-sa.

Ṁeasas go raiḃ léasaḋ eile ag teaċt ċugam, aċ do saor Micilín mé.

“Agus ḃí an áit lán de laṫaiġ; aċ féaċ, a Ṁam, do ġlan Jimín agus Cáit mé. Níor imiġ seoid a ḃarra orm.”

Agus siúd le Micilín arís agus ṫarraing sé an ḃeirt eile againn leis.

An-ḃuaċaill is ea an Micilín sin. Ní raiḃ ḟios agam go dtí anois é.


Níl an náire imiṫe ḋíom fós roiṁ Cáit … aċ táim an-ċeanúil uirṫi, agus ní ċuirfiḋ mé ag gol go deo arís í.