Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
18
Jimín

cuirfead isteaċ iad; aċ má ḃíonn sé den tubaist ort go gcuirfir scian ar aon ċeann eile acu bainfead an craiceann díot.”

An ḟaid a ḃí sí ag cur na gcnaipí isteaċ ḃí sí am ċroṫaḋ mar ḋéanfaḋ madra le francaċ.

“Sea, ’miġ ort anois,” ar sise, nuair ḃíodar istiġ aici agus na guaileáin i ḃfearras arís orm.

Do ḃuaileas an doras amaċ ġo breá bog agus síos an ḃuaile agus mo ḋá láiṁ i bpócaí mo ḃríste aġam á ċoinneáil suas, mar ḋea. Ní fada ċuas nuair ċonaic Micilín Eoin arís mé agus seo ċugam é, agus draid air ag magaḋ fúm.

“Bríste-ar-ḃois!” ar seisean. “Bríste-ar-ḃois! Hí-ú! Hí-ú!”

Ṫeastaiġ uaim é ṁeallaḋ in aice liom. “Caiṫ crúistín nó cloċ liom agus tarraing ort mé,” arsa mise.

“Caiṫfead, a Ḃríste-ar-ḃois,” ar seisean, agus ċrom sé síos ċun rud éigin d’ḟáil a ċaiṫfeaḋ sé liom. Sin é an uair a ṗreabas ċuige. Nuair a ċonaic sé ag teaċt mé, agus gan aon láṁ in aon ṗóca liom, ċuir sé béic as agus siúd leis agus é aġ screadaiġ.

Ṫángas suas leis agus ṫugas cor coise ḋó, agus ṡíneas ar an dtalaṁ é. Ṡuíos anuas air ansan agus ṡáiṫeas a ṡrón síos sa talaṁ.

“Abair ‘Bríste-ar-ḃois’ anois, a Ṁicilín,” arsa mise, agus ċuireas dorn cré síos laistiġ dá léine. “Hop, a ċapaillín,” arsa mise leis agus mé síos, suas ar a ḋrom.