Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
19
Mar d’ḟóġair Cáit sos coṁraic

Ḃaineas sásaṁ mo ċroí as agus ḃí an-spórt agam air go ceann tamaill.


Sin é uair a ṫáinig Cáiṫ agus loit sí an spórt orm.

“Ó! faire, mo náire, ’Jimín,” ar sise, agus d’ḟéaċ sí orm agus a ḋá súil ṁóra ag cromaḋ ar ġol.

Dar fia, a ḋuine, do stadas. D’imiġ an spórt as an scéal dom ar ċuma éigin.

“Mo náire é an bullaí mór,” ar sise liom.

’Om briaṫar, a ṁic ó, go dtáinig náire orm féin. N’ḟeadar in ao’ ċor cad ina ṫaoḃ. D’éiríos de Ṁicilín agus ná feadar cad a ḃíos a ḋéanaṁ.

Nuair d’éiriġ sé sin ḃí sé ag gol agus ḃí sé salaċ ón laṫaiġ. Ċuaiġ Cáit anonn ċuige agus ḃí sí ag féaċaint air; ansan d’ḟéaċ sí orm-sa, agus do líon a súile le deora agus do ġoil sí agus í ag iarraiḋ casóg Ṁicilín a ġlanaḋ le sliogán ruacan.

N’ḟeadar cad a ṫáinig orm féin. Ḃí náire orm. Níor ḟan aon ṁeas agam orm féin. Ṫaḃarfainn aon rud dá ḃféadainn an rud a ḋeineas le Micilín a ċur ar neaṁ-ní. Níor lú liom aon duine ar an saol ar an neomat san ná Jimín Ṁáire Ṫaiḋg.

Ḃí Cáit ag glanaḋ leis an sliogán agus Micilín ag coinneáil na casóige ḋi agus iad araon ag gol.

Ḃí sé déanta agam sar ar ṫuigeas cad a ḃí ar siúl again. Ċuas anonn ċuca aġus rugas ar an sliogán uaiṫi agus ṫosnuíos ar scríobaḋ.