Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
17
MAR D’ḞÓĠAIR CÁIT SOS COṀRAIC

Ċrom sí ar ġol, a ṁic ó! agus níor ṫeastaiġ uaiṫi iad a ṫaḃairt dom in ao’ ċor, aċ ḃaineas di iad. Aċ, a ḋuine! ṫarraing sí an tiġ orm leis an screadaiġ; agus nuair ṫáinig Mam ḃain sí gaċ aon ċnaipe acu ḋíom; agus ḃain sí mo ċuid féin, leis, díom a ḃí ar ċórda agam.

D’ḟiafraiġ sí ḋíom cá ḃfuaireas iad go léir. D’inseas di gur ḃuas ó na buaċaillí eile ar scoil iad—agus do ḃuas, leis.

Aċ níor ṡásaiṁ san Mam gan féaċaint ar mo ḃríste. Ní raiḃ cnaipe ann agam aċ trí puill déanta agam ann agus na guaileáin greamaiṫe le ḋá ḃuaircín aḋmaid aġus tairne trí n-órlaċ!

Ḋein Mam beart náireaċ orm ansan. Ċuir sí iaċall orm an dá ċipín agus an tairne a ċaiṫeaṁ uaim agus an bríste ċoinneáil suas lem ḋá láiṁ. Ċaiṫeas trí lá mar sin go raiḃ mo ċroí briste.

Aċ níorḃ é sin a ċuir an straiḋn ar fad orm aċ Micilín Eoin ag magaḋ fúm. Ní ḟéadfainn riṫ ina ḋiaiḋ, tá’s agat, agus ċráiġ sé mé.

An tríú lá ċuas go dtí Mam. “A Ṁam,” arsa mise, “cuir isteaċ na cnaipí ḋom, má-má-má sé do ṫoil é. Ní ġearrfad amaċ aon ċeann go bráċ arís.”

D’ḟéaċ sí orm. Ḃí sí ag iarraiḋ a ḋéanaṁ amaċ cad é an fuadar a ḃí fúm.

“Á! déan, a Ṁaimí,” arsa mise, “agus bead im buaċaillín maiṫ.”

“Um-m-m.” ar sise. “n’ḟeadar ’on tsaol cad é an t-aṫrú so ’teaċt ort. Mar sin féin