Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
21
Mar d’ḟógair Cáit sos coṁraic

“Cad a ṡailiġ ṫú? ” ar sise, agus d’ḟéaċ sí go haṁrasaċ orm féin.

“Is aṁlaiḋ … is aṁlaiḋ a ṫiteas agus mé ag … ag rás le Jimín a ṁáṫair.” Ḃí an droċ-aṁras aici orm.

“Agus cad a leag ṫú?” ar sise, agus í ag cur na súl tríom-sa.

Ṁeasas go raiḃ léasaḋ eile ag teaċt ċugam, aċ do saor Micilín mé.

“Agus ḃí an áit lán de laṫaiġ; aċ féaċ, a Ṁam, do ġlan Jimín agus Cáit mé. Níor imiġ seoid a ḃarra orm.”

Agus siúd le Micilín arís agus ṫarraing sé an ḃeirt eile againn leis.

An-ḃuaċaill is ea an Micilín sin. Ní raiḃ ḟios agam go dtí anois é.


Níl an náire imiṫe ḋíom fós roiṁ Cáit … aċ táim an-ċeanúil uirṫi, agus ní ċuirfiḋ mé ag gol go deo arís í.