Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Caibidil IV

Mar a n‑instear íde an ċait, scéala an aonaiġ is ceannaċ na mbróg do Jimín.

Tá péire nua bróg agam ó lá an aonaiġ. Táid siad go gleoite deas agus táim ag taḃairt an-aire ḋóiḃ. Táid siad anois go sciomarṫa glan ar faoḃar an loċta agus ċífeá tú féin sa scáil atá ionta.

Mam do ċuir in airde ansan iad mar do ḃínn gaċ aon neomat á gcimilt leis an scuaib agus ag piocaḋ aon ruaine laṫaí a ḃí idir na tairní istiġ le blúire ’ċipín. Sí ċuir d’ḟiaċaiḃ orm, leis, iad a ḃaint díom ar fad i lár na báistí inné.

Is aṁlaiḋ a ḃí log uisce, tá’s agat, amuiġ sa ḃuaile agus ḃíos im ṡeasaṁ ina lár istiġ agus an t‑uisce go haltaiḃ orm. Ḃíos ag triail na mbróg, an dtuigeann tú, féaċaint an gcoinneoidís an t‑uisce amuiġ.

Aċ ċonaic Mam mé tríd an ḃfuinneoig agus ṫángas-sa amaċ as an log uisce sin cuíosaċ tapaiḋ, deirim leat.

Níl aon réasún le Mam. Cad é an ṁaiṫ bróga nua a ċoinneoḋ uisce amaċ mura mbeaḋ uisce timpeall orṫu ag iarraiḋ dul isteaċ?

22