Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
12
JIMÍN

Ansan ḃios ag glaoċ ‘peata’ agus ‘plieḋce’ agus ‘spiaire’ air.

Aċ do laḃair sé ṫar n-ais ċugam: ‘Oċ, ṁuise, a ḃuaċaillín ḃoiċt!’ ar seisean, ‘ar ḃuail do ṁaimí ṫú? Oċ, maimí dána!’ agus ḃí sé mar sin ag magaḋ fúm go raḃas ar néall buile ċuige.

D’ḟanas tamall maiṫ ann ag cur dúṡlán fé teaċt ṫar doras. Aċ, a ḋuine, ḋeineas dearmad. Ḃí a aṫair istiġ agus nuair a ċuala sé mise ṫáinig sé amaċ agus d’ḟóġair dom ḃeiṫ ag cur díom.

Cad a ḃeaḋ, lena linn sin, a ṁic ó, aċ Mam i gceann tí na mbó, agus ċuala sí é. Níor stad sí go ḃfuair sí an t-eolas go léir ar mo ġníoṁarṫa-sa.

Tar éis a ġearán a ḋéanaṁ d’imiġ Eoin leis agus nuair ḃí sé imiṫe ṫáinig Mam ċugam féin.

Ní maiṫ liom a insint duit cad a ṫit amaċ ina ḋiaiḋ sin—ḃeaḋ náire orm. Ḃí Micilín Eoin á rá leis na garsúin eile gur ḃain Mam an bríste díom, pé duine d’innis dó é, agus gur ġaiḃ sí orm. Nílim-se á rá gur ḋein; aċ tá’s agam go raḃas ċoṁ tinn sin san áit sin díom nár ḟéadas suí ar feaḋ trí lá.

Oċ, ṁuise, b’ḟearr Liom go mbeinn mór.


Agus ní measa Mam ċugam ná an Máistir. Ní ḃíonn stad air aċ ag cur ceisteanna crua orainn le réiteaċ gaċ aon lá—rudaí nár ġá bacaḋ leo mar ná bíonn siad i gceist in ao’ ċor. As a ċeann amaċ is ea a ċeapann sé