Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CAIBIDIL II

Broid a Ṁáṫar ar Jimín agus an bás a ṫug seisean don ṁáistir.

IS fada liom go mbead mór. B’ḟearr liom ná rud maiṫ go mbeinn mór fásta, mar ansan ní ḃeaḋ gaċ éinne sa ṁullaċ orm fé mar ḃíd siad anois.

Is cruaiḋ an saol a ḃíonn ag buaċaillí dem ṡaġas-sa—ní féidir linn faic a ḃarra a ḋéanaṁ ná bíonn duine éigin ag bagairt orainn ina ṫaoḃ. An lá fé ḋeireaḋ ḃuaileas gandal Ḃeit Móire sa leaṫċeann le cloiċ is do ġearán Beit lem Ṁam mé.

Nuair d’imiġ Beit aḃaile do ċeistiġ Mam mé féin. Ḋeineas mo ḋíċeall á ṁíniú ḋi naċ leis an ngandal a ḃíos ag caiṫeaṁ na gcloċ in ao’ċor aċ le Micilín Eoin, agus gurḃ aṁlaiḋ a ṫáinig an gandal sa tslí orainn. Aċ, a ṁic ó, rug Mam orm agus ṫug sí léasaḋ ḋom i dtaoḃ ḃeiṫ ag caiṫeaṁ cloċ in ao’ċor!

An gcualais riaṁ a leiṫéid sin? Deirim leat gur ḋíolas as an ngandal.

Ní stadann siad sa ḃaile aċ ag gaḃáil dom go mbíonn mo ċroí briste. Caiṫim an ṁóin a ḃreiṫ isteaċ agus an t-uisce, agus caiṫim prátaí an dinnéir a ṗiocaḋ sa tiġ amuiġ.

9